Rialacha ginearálta AE maidir le heolas agus comhairliúchán d'fhostaithe
ACHOIMRE AR:
Treoir 2002/14/CE – creat ginearálta maidir le fostaithe in AE a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Bunaítear prionsabail ghinearálta léi maidir leis na cearta íosta eolais* agus comhairliúcháin* d'fhostaithe i gcuideachtaí atá bunaithe san Aontas Eorpach (AE). Cinntear leis an reachtaíocht náisiúnta agus leis na cleachtais caidrimh saothair conas mar a gcuirtear iad sin i bhfeidhm.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Féadfaidh tíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
roghnú an bhfuil feidhm ag an reachtaíocht i dtaobh cuideachtaí ina bhfuil 50 fostaí ar a laghad nó forais ina bhfuil 20 fostaí ar a laghad
-
rialacha speisialta a bhunú i gcomhair cuideachtaí ag a bhfuil bunchuspóirí polaitiúla, eagrúcháin ghairmiúil, creidimh, carthanachta, oideachais, eolaíochta nó ealaíonta
-
a chinneadh nach gá d'fhostóirí ionadaithe fostaithe a chur ar an eolas ná dul i gcomhairle leo sa chás ina ndéanfadh sé sin dochar mór d'fheidhmiú na cuideachta.
-
Clúdaíonn eolas agus comhairliúchán sonraí ar na nithe seo a leanas:
-
forbairt na cuideachta le déanaí agus a forbairt dhóchúil maidir le gníomhaíochtaí agus an staid gheilleagrach
-
struchtúr fostaíochta na cuideachta agus an fhorbairt dhóchúil ina leith sin, go háirithe má tá poist i mbaol
-
cinntí na cuideachta as a d'fhéadfadh athruithe móra a theacht ar an gcaoi ina ndéantar obair a eagrú, nó ar an gcaidreamh conarthach.
-
Ní mór comhairliúchán a chur ar bun:
-
nuair a mheastar gur cuí an t-am, an modh agus an t-ábhar
-
ar an leibhéal cuí bainistíochta agus ionadaíocht fostaithe, ag brath ar an tsaincheist atá faoi chaibidil
-
ar bhonn an eolais a sholáthróidh an fostóir agus tuairim ionadaithe na bhfostaithe
-
ar shlí inar féidir le hionadaithe fostaithe teacht le chéile lena bhfostóir agus freagra a fháil maidir le tuairim ar bith a cheapfadh siad
-
d'fhonn a theacht ar chomhaontú faoi chinntí as a d'fhéadfadh sé go n-eascródh athruithe móra ar an gcaoi ina ndéantar obair a eagrú, nó ar an gcaidreamh conarthach.
-
Ní mór nach bhfoilseodh na hionadaithe fostaithe ná a gcuid comhairleoirí aon eolas a tugadh dóibh faoi rún.
-
Faoin reachtaíocht bhunaidh, d'fhéadfadh tíortha AE criúnna bád ar an mórmhuir a eisiamh. Baineadh an díolúine sin faoi leasú a rinneadh in 2015.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tháinig sí i bhfeidhm an 23 Márta 2002. Bhí ar thíortha AE í a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 23 Márta 2005.
CÚLRA
-
Go luath in 2015, chuaigh an Coimisiún Eorpach i gcomhairle le hionadaithe fostóirí agus fostaithe i dtaobh cibé cumasc a dhéanamh ar na trí threoir seo a leanas in aon téacs reachtaíochta amháin, nó gan é sin a dhéanamh: an creat ginearálta maidir le hoibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, comhiomarcaíochtaí agus aistrithe gnóthas.
-
Táthar ag breithniú freisin faoin mbeart cibé an bhféadfaí nó nach bhféadfaí ailíniú ní b'fhearr a dhéanamh ar na coincheapa “eolas” agus “comhairliúchán”.
-
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Eolas: sonraí arna dtabhairt ag an bhfostóir ionas gur féidir ionadaithe fostaithe a chur ar an eolas faoi shaincheist agus gur féidir leo í a scrúdú.
Comhairliúchán: malartú tuairimí agus plé idir ionadaithe fostaithe agus an fostóir.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo — Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún ar ionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lgh. 29-34)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar Threoir 2002/14/CE a ionchorprú sa téacs bunaidh. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh cuspóirí tagartha amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Doiciméad comhairliúcháin: Comhairliúchán céadchéime le Comhpháirtithe Sóisialta faoi Airteagal 154 CFAE maidir le comhdhlúthú ar na Treoracha AE ar oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (C(2015) 2303 final, 10.4.2015)
Nuashonraithe 04.12.2016