EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dídeanaithe agus daoine gan stát — caighdeáin choiteanna maidir le hincháilitheacht

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/95/AE — caighdeáin choiteanna maidir le hincháilitheacht agus cosaint idirnáisiúnta dídeanaithe agus daoine gan stát

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi:

  • caighdeáin choiteanna a leagan síos maidir le sainaithint shaoránaigh neamh-AE nó daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu dáiríre in AE, mar dhídeanaithe nó mar thairbhithe cosanta coimhdí*;
  • a áirithiú go bhféadfaidh na daoine sin leas a bhaint as leibhéal íosta sochar agus ceart i ngach tír AE.

Ar an mbealach sin, féachtar inti le teorainn a chur leis an ngluaiseacht idir tíortha AE na ndaoine lena mbaineann de bharr difríochtaí sa reachtaíocht.

Déantar athbhreithniú sa treoir ar Threoir 2004/83/CE, agus cuirtear in ionad na Treorach sin í, chun comhleanúnachas le cás-dlí* Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóir agus sainmhínithe

  • Socraítear caighdeáin choiteanna chun na daoine atá incháilithe mar dhídeanaí nó mar dhuine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach a chinneadh, agus chun an cion cosanta idirnáisiúnta a chinneadh. Mar sin féin, tá tíortha AE saor chun rialacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil do na daoine a bhfuil cosaint ag teastáil uathu.
  • “dídeanaithe” agus “daoine atá incháilithe le haghaidh cosaint coimhdeacha” sainithe, mar atá a “mbaill teaghlaigh” — arna cuimsiú an t-athair, an mháthair nó aosach eile atá freagrach as an tairbhí a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta má tá an duine faoi bhun 18 mbliana d’aois (mionaoiseach) agus neamhphósta.

Measúnú ar iarratais

  • Tá dualgas comhroinnte ag tíortha AE comhoibriú go gníomhach leis an iarratasóir agus gnéithe ábhartha an iarratais á gcinneadh acu.
  • Tugtar liosta neamh-uileghabhálach ar ghnéithe lena n-áirítear fíorais, ráitis agus imthosca (mar shampla, má tharla géarleanúint don duine) a gcaithfear é a chur san áireamh sa mheasúnú ar bhonn aonair, oibiachtúil agus neamhchlaonta.
  • Nuair a bheidh gach iarracht déanta acu a n-iarratas a chur isteach agus bunús a thabhairt leis agus gur dearbhaíodh creidiúnacht ghinearálta a n-iarratais, ba cheart sochar an amhrais a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn fiú mura bhfuil fianaise dhoiciméadach nó fianaise eile leis an iarratas.
  • Féadfar a mheas nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth ar iarratasóirí más féidir leo leas a bhaint as cosaint inmheánach ar ghéarleanúint nó ar dhíobháil thromchúiseach in aon chuid de chríoch a dtíre tionscnaimh ar féidir leo é a rochtain go sábháilte agus go dlíthiúil agus ar féidir a mheas le réasún go mbeidh siad in ann lonnú ann.
  • Soiléirítear sa treoir:
    • ní féidir ach leis an stát nó páirtithe nó eagraíochtaí cosaint a chur ar fáil i gcoinne géarleanúna nó dochar tromchúiseach, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, a rialaíonn an stát nó cuid mhór dá chríoch;
    • ba cheart go mbeadh na páirtithe sin in ann agus toilteanach cosaint éifeachtach agus neamhshealadach a thairiscint;
    • ba cheart go mbeadh rochtain ag an iarratasóir ar an gcosaint sin.
  • Ba cheart do thíortha AE faisnéis bheacht agus nuashonraithe a úsáid ó fhoinsí ábhartha, amhail Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Dhídeanaithe agus an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn.

Incháilithe le haghaidh stádas dídeanaí

  • Déantar céard is “gníomh géarleanúna” ann de réir bhrí Choinbhinsiúin Ginéive a shoiléiriú maidir le stádas dídeanaithe, agus na cineálacha éagsúla is féidir a bheith i gceist leis.
  • Ní foláir nó go mbeadh cúis leis an ngéarleanúint, agus léirítear na gnéithe sa téacs — cine, reiligiún, náisiúntacht, ballraíocht i ngrúpa sóisialta nó tuairim pholaitiúil ar leith — le cur san áireamh chun cúiseanna leis an ngéarleanúint a mheas.
  • an easpa cosanta ar ghéarleanúint ar cheann de na cúiseanna atá léirithe thuas ina chúis le bheith incháilithe le haghaidh stádas dídeanaí chomh maith.

Incháilitheacht le haghaidh cosaint choimhdeach

Áirítear iad seo a leanas ar an “díobháil thromchúiseach” a d’fhéadfadh tarlú do náisiúnach neamh-AE lena mbaineann dá bhfillfí sé nó sí chuig a thír nó a tír thionscnaimh, nó i gcás duine gan stát, dá thír nó dá tír ghnáthchónaí roimhe sin:

  • pionós an bháis nó cur chun báis;
  • céasadh nó cóireáil nó pionós mídhaonna nó díghrádaithe;
  • bagairt thromchúiseach agus aonair do shaol saoránaigh nó do dhuine mar gheall ar fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcásanna coinbhleachta faoi arm.

Stádas dídeanaí nó cosaint choimhdeach a chailleadh nó a bheith eisiata astu

Liostaítear sa treoir:

  • imthosca ina dtiocfaidh deireadh le stádas dídeanaí nó cosaint choimhdeach (mar shampla nuair a fhaigheann an t-iarratasóir náisiúntacht nua) nó go n-eisiaitear é nó í (mar shampla má rinne an t-iarratasóir coir chogaidh nó coir in aghaidh na daonnachta);
  • na forais ar féidir na cearta sin a chúlghairm, deireadh a chur leoa n-athnuachan a dhiúltú — lena n-áirítear nuair a bhíonn forais réasúnacha ann maidir leis an iarratasóir mar bhagairt do shlándáil nó do phobail an thír aíochta AE.

Ábhar na cosanta idirnáisiúnta

Tugtar ábhar stádais tairbhí do chosaint choimhdeach níos cóngaraí do stádas an dídeanaí, rud a laghdaíonn an seans ar an iomlán do thíortha AE rochtain ar chearta áirithe do dhídeanaithe amháin a theorannú.
Áirítear na cearta seo a leanas le cosaint idirnáisiúnta atá le deonú ag tír aíochta AE.

  • Cosaint ar refoulement*.
  • Rochtain dídeanaithe agus tairbhithe cosanta coimhdí ar fhaisnéis, i dteanga is féidir leo a thuiscint nó a thuiscint go réasúnach, ar na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann lena stádas.
  • Aontacht teaghlaigh a chosaint.
  • Mura bhfuil cúiseanna láidre ann maidir le slándáil náisiúnta nó ord poiblí, eisiúint:
    • ceadanna cónaithe — bailí ar feadh 3 bliana ar a laghad do dhídeanaithe, agus 1 bhliain amháin ar a laghad (2 bhliain ar athnuachan) i gcás cosaint choimhdeach, agus
    • doiciméid taistil chun taisteal lasmuigh den chríoch náisiúnta — i gcás cosaint choimhdeach, ach amháin nuair nach féidir le daoine pas náisiúnta a fháil.
  • Rochtain ar fhostaíocht agus deiseanna oideachais agus oiliúna a bhaineann le fostaíocht, le cóir chomhionann i gcoinníollacha fostaíochta.
  • Rochtain ar oideachas — cóir chomhionann le náisiúnaigh do mhionaoisigh agus le náisiúnaigh neamh-AE atá ina gcónaí go dlíthiúil do dhaoine fásta.
  • Rochtain chomhionann ar nósanna imeachta maidir le haithint dioplómaí eachtracha agus cáilíochtaí gairmiúla.
  • Cóir chomhionann le náisiúnaigh i leith leas sóisialach (d’fhéadfadh sé sin a bheith teoranta do phríomhshochair i gcás cosaint choimhdeach).
  • Ionadaíocht do mhionaoisigh neamhthionlactha ag caomhnóir dlíthiúil nó, más gá, ag eagraíocht atá freagrach as folláine mionaoiseach, nó trí aon ionadaíocht iomchuí eile de réir mar a fhoráiltear laistigh den chóras náisiúnta dlí.
  • Rochtain ar chóiríocht faoi choinníollacha atá comhionann le coinníollacha náisiúnaigh neamh-AE eile a bhfuil cónaí orthu go dleathach.
  • Saorghluaiseacht laistigh den chríoch náisiúnta faoi na coinníollacha agus na srianta céanna a bhaineann le náisiúnaigh neamh-AE eile a bhfuil cónaí dlíthiúil acu.
  • Rochtain ar áiseanna comhtháthaithe.
  • Más gá, cúnamh le haghaidh aisdúichithe.

Tíortha a thagann lasmuigh faoi raon feidhme na treorach

Roghnaigh Éire agus an Ríocht Aontaithe (1) tarraingt as an treoir, de réir mar a ceadaíodh dóibh le Prótacal 21 atá i gceangal le Conradh Liospóin. Dá bhrí sin, leanann siad de bheith faoi cheangal ag Treoir 2004/83/CE.
Níl an Danmhairg faoi cheangal ag an treoir seo ná ag an treoir roimhe seo mar gheall ar Phrótacal 22 ar a sheasamh atá i gceangal le Conradh Liospóin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Déantar athbhreithniú le Treoir 2011/95/AE ar Threoir 2004/83/CE agus cuirtear in ionad na Treorach sin í. Tá feidhm ag an chuid is mó d’Airteagail Threoir 2011/95/AE, a bhaineann le gnéithe nach raibh cumhdaithe faoi Threoir 2004/83/CE, ón 22 Nollaig 2013. B’éigean dlí a dhéanamh de na rialacha nua atá i dTreoir 2011/95/AE i dtíortha AE faoin 21 Nollaig 2013.

CÚLRA

Dá ngairtear an “Treoir um Cháilíocht,”, tá an treoir ar cheann de na príomhionstraimí laistigh den Chomhchóras Eorpach Tearmainn (CET) mar aon leis an Treoir um Nósanna Imeachta Tearmainn, an Treoir um Choinníollacha Fáiltithe, Rialachán Bhaile Átha Cliath agus Rialachán EURODAC. Tá sé tábhachtach chomh maith go ndéanfaí dlúthpháirtíocht airgeadais a neartú leis an rialachán lena mbunaítear Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht. In 2016, ghlac an Coimisiún Eorpach teachtaireacht lenar seoladh an próiseas chun athchóiriú a dhéanamh ar an CET.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cosaint choimhdeach: cosaint idirnáisiúnta do dhaoine a bhfuil tearmann á lorg acu nach gcáilíonn mar dhídeanaithe. Faoin treoir, is iad sin daoine a mbeadh fíor-riosca rompu go dtarlódh “dhíobháil thromchúiseach” dóibh (sainmhínithe sa téacs) dá bhfillfí chuig an tír thionscnaimh iad.
Cás-dlí: an dlí arna bhunú de réir toradh cásanna roimhe sin.
Refoulement: iallach a chur ar dhídeanaithe nó ar iarrthóirí tearmainn (duine nach bhfuil a n-éileamh ar stádas dídeanaí fós socraithe) filleadh ar thír ina bhféadfadh géarleanúint tarlú dóibh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i ndáil le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta, le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá i dteideal cosaint choimhdeach a fháil, agus le hábhar na cosanta a dheonaítear (IO L 337 20.12.2011, lgh. 9-26)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hathchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus feabhas a chur ar bhealaí dlíthiúla chuig an Eoraip (COM(2016) 197 críochnaitheach, 6.4.2016)

Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmainn, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE agus Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 168-194)

Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna i ndáil le cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 60-95)

Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin chun glacadh le hiarratasóirí cosanta idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 96-116)

Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu tír AE atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de thíortha AE ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 31-59)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí thíortha AE agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa réimse saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 1-30)

Nuashonraithe 29.01.2018



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top