EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aon Sláinte Amháin — Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2017) 339 críochnaitheach) — Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha a Chomhrac

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Seoltar plean gníomhaíochta nua léi chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha** (FÁF) a chomhrac a iarradh i gconclúidí ón gComhairle i Meitheamh 2016 agus forbraítear é ar phlean gníomhaíochtaí an Choimisiúin in aghaidh FÁF 2011-2016 roimhe sin.
  • Toisc go bhféadfadh baictéir fhrithsheasmhacha a leathadh ó ainmhithe go daoine agus a mhalairt, tá an plean gníomhaíochta bunaithe ar chur chuige aon sláinte amháin — cur chuige iomlánach ina n-aithnítear go bhfuil sláinte an duine agus sláinte ainmhithe idirnasctha. Is éard atá i gceist leis dul i ngleic le dúshlán FÁF ó pheirspictíochtaí éagsúla lena n-áirítear sláinte phoiblí, sábháilteacht bia, an comhshaol, taighde agus nuálaíocht, comhar idirnáisiúnta, sláinte agus leas ainmhithe.
  • Is é an sprioc dheiridh leis an bplean gníomhaíochta an fhéidearthacht a choimeád go mbeifear ábalta ionfhabhtaithe i ndaoine agus in ainmhithe a chóireáil go héifeachtach. Soláthraítear leis bealach le haghaidh gníomh leanúnach níos fairsinge chun teacht chun cinn agus leathadh FÁF a laghdú agus forbairt agus infhaighteacht ábhar frithmhiocróbach nua éifeachtach a mhéadú in AE agus lasmuigh de AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá trí shnáithe leis an bplean gníomhaíochta:

Réigiún dea-chleachtais a dhéanamh de AE

  • Tugadh chun suntais i meastóireacht phlean gníomhaíochta 2011-2016 go dteastódh fianaise, comhordú, faireachas agus bearta rialaithe níos fearr chun an cuspóir sin a bhaint amach. Baineann an snáithe sin dá réir sin leis an gCoimisiún Eorpach bheith ag díriú ar phríomhréimsí lena bhfuil breisluach AE* agus ag cuidiú le tíortha AE a bpleananna gníomhaíochtaí náisiúnta aon sláinte amháin i gcoinne FÁF a chur ar bun, a chur chun feidhme agus monatóireacht a dhéanamh orthu.
  • Tacaíonn gníomhaireachtaí eolaíochta AE leis an gCoimisiún ina chúraimí, amhail an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Áireofar ar obair na ngníomhaireachtaí sin saineolas eolaíoch a sholáthar maidir le cosc ionfhabhtaithe, bearta bithshlándála agus cleachtais rialaithe i gcúram sláinte daoine agus i bhfearachas ainmhithe chun ionfhabhtaithe a laghdú agus mar sin an gá le hábhair fhrithmhiocróbacha a laghdú.
  • Díreofar gníomhaíochtaí AE ar na réimsí ina bhfuil an breisluach is airde do thíortha AE, amhail:
    • úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach a chur chun cinn;
    • obair idirdhisciplíneach a fheabhsú;
    • cosc ionfhabhtaithe a fheabhsú; agus
    • faireachas FÁF agus úsáid ábhair fhrithmhiocróbhacha a chomhdhlúthú.

Mar sin féin, déanfar na gníomhaíochtaí sin de réir theorainneacha inniúlacht AE agus go bhfuil tíortha AE freagrach go príomha as a mbeartais sláinte a shainiú.

Taighde, forbairt (T&F) agus nuálaíocht a neartú

  • Tá sé mar aidhm leis an bplean gníomhaíochta T&F agus nuálaíocht a neartú. Féachfar ann le nuálaíocht a dhreasú tuilleadh, ionchur luachmhar a chur ar fáil do bheartais bunaithe ar eolas agus bearta dlíthiúla a dhéanamh chun dul i ngleic le FÁF agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh eolais amhail ról FÁF sa chomhshaol.
  • Oibreoidh an Coimisiún i gcomhpháirtíochtaí le tíortha agus lucht tionscail AE, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéid, chun aghaidh a thabhairt ar FÁF i mbaictéir, i bhfungais agus i seadáin. Tabharfar aird faoi leith ar liosta tosaíochta pataigine na hEagraíochta Domhanda Sláinte chomh maith leis an eitinn, VID/SEIF, maláire agus galair ionfhabhtaíocha a ndéantar faillí iontu.
  • Díreofar na hiarrachtaí ar fheabhas a chur ar eolas maidir le faireachas éifeachtach rialaithe ionfhabhtaithe lena n-áirítear diagnóisicnua, agus teiripic nua nó mhalartach nó vacsaíní nua nó malarthacha a fhorbairt.

An clár oibre domhanda a mhúnlú

  • Sa domhan idirnasctha atá ann inniu, bogann daoine agus earraí go forleathan agus d’fhéadfadh tionchar tábhachtach bheith ag beartais a chuirtear chun feidhme i réigiún amháin den domhan in áiteanna eile.
  • Oibríonn AE go dlúth leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), a chomhaontaigh an Plean Gníomhaíochta Domhanda ar FÁF, an treoirphlean domhanda do ghníomhaíochtaí FÁF. Aithnítear go raibh tionchair dhearfacha ag idirghabhálaithe AE sa mheastóireacht ar phlean gníomhaíochta 2011. Tá gá le hiarracht leanúnach agus déanfar é sin i bhfoirm:
    • níos mó rannpháirtíocht AE in obair na n-eagraíochtaí iltaobhacha amhail EDS, an Eagraíocht Bhia agus Talamhaíochta agus an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe;
    • comhpháirtíochtaí déthaobhacha níos láidre le comhpháirtithe trádála, tíortha comharsanachta AE, nó tíortha ag a bhfuil comhaontuithe comhlachais le AE (e.g. an Tuirc);
    • comhar le tíortha i mbéal forbartha i gcás go bhfuil an bhagairt FÁF don tsláinte phoiblí níos airde, agus ina bhfuil ualach sóisialta agus eacnamaíoch níos mó dá réir;
    • clár oibre taighde domhanda ar FÁF a fhorbairt.

CÚLRA

Bagairt atá ag fás is ea an Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (FÁF) arb é is cúis le 25 000 bás agus caillteanas EUR 1.5 billiún in AE gach bliain. Tá leibhéil FÁF ag méadú níos gaiste fiú ar leibhéal domhanda mar gheall ar:

  • ró-úsáid agus mí-úsáid rialta ábhar frithmhiocróbach i gcógais an duine agus i gcógais tréidliachta araon.
  • an easpa cógas frithmhiocróbhach nua atá ar fáil i bhforbairt ar na bacáin chun dul i ngleic le miocróib fhrithsheasmhacha nua;
  • drochchleachtais sláinteachais agus bearta coiscthe neamhleora in éadan ionfhabhtaithe.

Agus FÁF ag méadú, tá an baol ann go gcuirfear a lán den dul chun cinn leighis a rinneadh le céad bliain anuas amú. Mura ndéantar rud ar bith le teacht chun cinn FÁF a mhoilliú, soláthar ábhair fhrithmhiocróbacha nua a mhéadú agus feabhas a chur ar fheasacht ar bhonn uilechoiteann, braithfear an tionchar ar leibhéil bhunaidh, ar fud sochaithe agus córais cúram sláinte.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Frithmhiocróbach: substaintí lena gcoisctear fás miocrorgánach amhail baictéir, víris agus fungais. Áirítear leo antaibheathaigh, drugaí frithvíreasacha agus drugaí frithphrótasólacha.
Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha: cumas miocrorgánach éirí níos frithsheasmhaí agus níos frithsheasmhaí in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a raibh siad soghabhálach ina leith roimhe sin. Iarmhairt roghnaithe nádúrtha agus sócháin ghéinitigh is ea FÁF.
Breisluach AE: luach sa bhreis ar an luach a chruthaítear le gníomhaíochtaí thíortha aonair AE. Mar shampla, d’fhéadfadh éifeachtúlacht nó comhlántacht níos mó ó ghnóthachain chomhordúcháin bheith mar thoradh air.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Aon Sláinte Amháin — Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (FÁF) (COM(2017) 339 críochnaitheach, 29.6.2017)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conclúidí ón gComhairle maidir leis na chéad chéimeanna eile faoi chur chuige um Aon Sláinte Amháin chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a chomhrac (IO C 269, 23.7.2016, lgh. 26-30)

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin — Tuarascáil achoimhrithe a gabhann leis an teachtaireacht doiciméid ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Aon Sláinte Amháin — Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (SWD(2017) 240 críochnaitheach, 29.6.2017)

Nuashonraithe 25.01.2018

Top