Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Lánpháirtiú sóisialta agus eacnamaíoch na Romach

Leis an moladh seo ón gComhairle déantar creat an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le lánpháirtiú na Romach ón mbliain 2011 a dhaingniú le hionstraim dlíthiúil neamhcheangailteach, a bhfuil sé mar aidhm aici dul chun cinn a luathú trí chomhairle a chur ar fáil do thíortha AE, agus trí aire na dtíortha sin a dhíriú ar mhéid áirithe beart nithiúil atá ríthábhachtach chun a straitéisí a chur i bhfeidhm níos éifeachtaí.

GNÍOMH

Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha i ndáil le lánpháirtiú na Romach sna Ballstáit (Iris Oifigiúil C 378, an 24 Nollaig 2013, lgh. 1-7).

ACHOIMRE

Leis an moladh seo ón gComhairle déantar creat an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le lánpháirtiú na Romach ón mbliain 2011 a dhaingniú le hionstraim dlíthiúil neamhcheangailteach, a bhfuil sé mar aidhm aici dul chun cinn a luathú trí chomhairle a chur ar fáil do thíortha AE, agus trí aire na dtíortha sin a dhíriú ar mhéid áirithe beart nithiúil atá ríthábhachtach chun a straitéisí a chur i bhfeidhm níos éifeachtaí.

BUNCHEISTEANNA

Cumhdaítear sa mholadh na buncheisteanna seo a leanas:

  • Gníomhaíocht spriocdhírithe ar leith chun lánpháirtiú na Romach a neartú san oideachas, san fhostaíocht, sa tsláinte agus san tithíocht (ag coimeád prionsabal na coimhdeachta san áireamh go hiomlán agus gan reachtaíocht AE atá ann cheana a dhúbailt);
  • Prionsabail ghinearálta chun leithdháileadh trédhearcach agus iomchuí cistí a chur i bhfeidhm maidir le cuimsiú na Romach (ní amháin cistí AE ach cistí náisiúnta agus áitiúla freisin);
  • Bearta riachtanacha cothrománacha agus struchtúracha amhail comhrac in gcoinne leithcheala agus leanaí agus mná Romacha a chosaint; cur chuige infheistíochta sóisialta a ghlacadh; na Romaigh a chumasú; ceangaltais náisiúnta a thiontú i ngníomhaíocht áitiúil, trí rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a dhaingniú; monatóireacht a dhéanamh ar thionchar beartas; obair na “gcomhlachtaí comhionannais” a chur san áireamh; pointí teagmhála náisiúnta le haghaidh na Romach a dhaingniú agus comhar trasnáisiúnta a fhorbairt.

Sa réimse oideachais, iarrtar sa mholadh ón gComhairle ar thíortha AE go mbeadh rochtain iomlán ag na Romaigh ar oideachas príomhshrutha d’ardchaighdeán agus go dtiocfadh laghdú ar ráta luathfhágála scoile sa réimse oideachais ar fad. Tá sé seo ríthábhachtach maidir le bunoideachas agus le meánoideachas, agus le cúrsaí gairmoideachais freisin. Aithnítear sa mholadh raon leathan gníomhaíochtaí, ar féidir tionchar a bheith acu, má dhéantar iad a phleanáil agus a chur i bhfeidhm go cúramach.

Sa réimse fostaíochta, cuirtear béim sa mholadh ón gComhairle ar cé chomh tábhachtach is atá sé cóir chomhionann a chur ar fáil agus an bhearna a dhúnadh idir na Romaigh agus oibrithe eile, ionas go dtiocfaidh feabhas ar staid na Romach. De bhreis ar idirghabhálacha spriocdhírithe, amhail seirbhísí ar leith agus seirbhísí aonair do chuardaitheoirí poist, d’fhéadfadh difríocht shuntasach a bheith mar thoradh ar aire a dhíriú ar riachtanais na Romach laistigh de bhearta príomhshrutha.

Sa réimse cúram sláinte, tá sé mar aidhm ag an moladh comhairle an-phraiticiúil a chur ar fáil ag cinntiú go gcuirtear cumhdach slándála bunúsach ar fáil, chomh maith le pleanáil clainne agus scéimeanna vacsaínithe saor in aisce do na grúpaí is imeallaí.

Sa réimse tithíochta, dírítear sa mholadh ar an gcur chuige imeasctha, deireadh a chur le deighilt spásúil agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thithíocht shóisialta a chur chun cinn. Leis an moladh seo freisin dírítear aire thíortha an AE ar fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus ar infheistíochtaí críche, ar féidir tacaíocht a thabhairt dóibh freisin le cistí AE.

Maidir le cistiúchán, cuirtear béim sa mholadh ar cé chomh riachtanach is atá sé dóthain cistiúcháin a leithdháileadh le haghaidh straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus áitiúla.

Maidir leis na bearta cothrománacha amhail neamh-idirdhealú, cosaint do leanaí agus do mhná Romacha, bochtaineacht a laghdú agus cuimsiú sóisialta agus cumasú, cuirtear béim sa mholadh ar cé chomh tábhachtach is atá sé an Treoir um Chomhionannas Ciníocha (2000/43/CE) a chur i bhfeidhm go praiticiúil ar an láthair agus dírítear aire thíortha AE ar úsáid a bhaint as cásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, mar thagairt bhreise chun forálacha agus cleachtais neamhdhleathacha a shainaithint.

Támeas ar chearta na Romach nasctha go daingean le comhrac éifeachtach i gcoinne fostú páistí, ag cur cosc ar leanaí a bheith ag lorg déirce, ag cinntiú go gcuirtear reachtaíocht i bhfeidhm maidir le póstaí faoi aois, ag comhrac i gcoinne póstaí éigeantais agus ag cumasú Romach chun go mbeidh siad ábalta a gcion féin a dhéanamh mar shaoránaigh ghníomhacha i dtír éigin.

Ba cheart go mbeadh ról lárnach freisin ag beartais phríomhshrutha chun bochtaineacht agus eisiamh sóisialta na Romach a chomhrac. Sa chomhthéacs seo, iarrtar sa mholadh ar infheistíocht a dhéanamh sa chaipiteal daonna agussna beartais chomhtháthaithe , chomh maith le nasc a dhéanamh idir lánpháirtiú na Romach agus na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú i dtíortha a bhfuil pobal cuíosach mór Romach iontu.

Formhínítear tuilleadh sa mholadh an dul chun cinn ar gá leis chun éifeachtúlacht na mbeart struchtúracha, maidir le lánpháirtiú na Romach, a chur ar bun agus a fheabhsú, mar shampla: monatóireacht agus measúnú beartas, gníomhaíocht áitiúil, na comhlachtaí atá i gceannas ar an gcóir chomhionann a chur chun cinn, a neartú, chomh maith le ról na bPointí Teagmhála Náisiúnta le haghaidh na Romach, agus an comhar trasnáisiúnta a mhéadú. Cuirtear comhairle phraiticiúil ar fáil ann freisin ar conas is féidir dul chun cinn a bhaint amach níos fearr sna gnéithe thuas.

De bharr go bhfuil sé mar aidhm ag an moladh éifeachtúlacht na mbeart maidir le lánpháirtiú na Romach a fheabhsú i dtíortha AE, i bhfocail eile tabharfaidh sé seo tacaíocht do chur i bhfeidhm rathúil na straitéisí maidir le lánpháirtiú náisiúnta na Romach, beidh dlúthnasc freisin idir an tuairisciú agus Creat AE.

An fhaisnéis a chuirtear ar fáil ag tíortha AE ar na bearta arna nglacadh ar aon dul leis an moladh seo, tabharfar isteach í go leanúnach sna tuarascálacha bliantúla de chuid an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm na straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach.

CÚLRA

Is é an pobal Romach an mionlach eitneach is mó san Eoraip. Moltar ag an gCoimisiún éifeachtúlacht na n-ionstraimí a fheabhsú, a dhírítear ar lánpháirtiú socheacnamaíoch na Romach, trí chur chuige fadtéarmach agus gníomhaíochtaí ilearnálacha (oideachas, fostaíocht, sláinte, tithíocht, srl.).

Le blianta beaga anuas, léirítear ceannaireacht láidir pholaitiúil ag AE i leith thíortha an AE maidir le lánpháirtiú na Romach agus d’éirigh leis an Aontas Eorpach lánpháirtiú na Romach a choimeád go daingean ar chláir oibre AE agus thíortha AE araon.

Sa bhliain 2011, d’fhág ceannairí AE ceangal orthu féin maidir le “Creat AE do straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach”. Mar sin, tá a straitéisí féin maidir le lánpháirtiú na Romach forbartha ag tíortha uile AE, straitéisí atá curtha in oiriúint do riachtanais na Romach sna tíortha éagsúla. Bunaíodh sásra tuairiscithe bliantúil freisin chun dul chun cinn ar an láthair a mheasúnú. Ina theannta sin, nascadh lánpháirtiú na Romach le clár oibre fáis níos leithne an Aontais Eorpaigh, an Straitéis Eoraip 2020. Laistigh de “Sheimeastar Eorpach”, ón mbliain 2012 ar aghaidh, eisíodh ag Comhairle AE chuig tíortha AE, a bhfuil pobal cuíosach mór Romach iontu, moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith maidir le lánpháirtiú na Romach. I ndeireadh na dála, d’éirigh leis an Aontas Eorpach an tacaíocht airgeadais aige do lánpháirtiú na Romach a neartú, ní hé amháin sna 28 dtír den Aontas Eorpach ach freisin i dtíortha is iarrthóirí, a bhfuil cur chun cinn lánpháirtiú na Romach mar mhórthosaíocht iontu faoi theachtaireacht an Choimisiúin Straitéis um Méadú agus na Príomhdhúshláin.

Is príomhdhualgas thíortha AE é, áfach, staid na bpobal imeallaithe a athrú, mar sin is fúthu féin é ar an gcéad dul síos gníomhú le haghaidh tacaíochta do lánpháirtiú na Romach.

Níl slí ar bith ann chun an cuspóir seo a bhaint amach ach trí thiomantas polaitiúil ag an leibhéal is airde i dtíortha uile AE. Ag leibhéal AE, an moladh ón gComhairle ar bhearta éifeachtúla maidir le lánpháirtiú na Romach arna ghlacadh d’aon ghuth an 9 Nollaig 2013, céim an-tábhachtach a bhí ansin sa phróiseas chun lánpháirtiú níos fearr a bhaint amach do na Romaigh. Cuireadh ionstraim nua le tírdhreach dlíthiúil agus polaitiúil ach níos tábhachtaí fós tiomantas polaitiúil láidir agus roinnte ag tíortha uile an AE a bhí ann chun a n-iarrachtaí a neartú maidir le feabhsaithe cinnte a bhaint amach.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ón Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an Aontas Eorpach agus na Romaigh agus leis an dlí i gcoinne an idirdhealaithe.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Lánpháirtiú sóisialta agus eacnamaíoch na Romach san Eoraip (COM(2010) 133 final an 7 Aibreán 2010).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Tuairisc ar chur i bhfeidhm Chreat an Aontais Eorpaigh do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach (COM(2014) 209 final an 2 Aibreán 2014).

Doiciméad Oibre Foirne ón gCoimisiúin mar Thionlacan don doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Tuairisc ar chur i bhfeidhm Chreat an Aontais Eorpaigh do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach (SWD(2014) 121 final an 2 Aibreán 2014).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Céimeanna ar aghaidh ar chur i bhfeidhm Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach (COM(2013) 454 final an 26 Meitheamh 2013).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Straitéis um Méadú agus na Príomhdhúshláin 2013-14 (COM(2013) 700 final an 16 Deireadh Fómhair 2013).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: an chéad chéim ar chur i bhfeidhm Chreat an Aontais Eorpaigh (COM(2012) 226 final an 21 Bealtaine 2012).

Doiciméad Oibre Foirne ón gCoimisiúin mar Thionlacan don doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: an chéad chéim ar chur i bhfeidhm Chreat an Aontais Eorpaigh (SWD(2012) 133 final an 21 Bealtaine 2012).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle chuig Coiste Sóisialta agus Eacnamaíoch na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach suas go dtí 2020 (COM(2011) 173 final an 5 Aibreán 2011).

Nuashonraithe 16.06.2015

Top