EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0558

Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19

PE/7/2020/REV/1

OJ L 130, 24.4.2020, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/558/oj

24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/1


RIALACHÁN (AE) 2020/558 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 177, 178 agus pointe (a) d’Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iarmhairtí ráig COVID-19 dulta i bhfeidhm ar na Ballstáit ar shlí gan fasach. Tá an ghéarchéim sláinte poiblí atá ann faoi láthair ag cur bac ar fhás sna Ballstáit agus, mar thoradh air sin, tá an easpa leachtachta thromchúiseach ag dul in olcas, easpa arb é is cúis léi an t‐ardú tobann agus suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí is gá a dhéanamh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(2)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, rinneadh Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 (3) agus (AE) Uimh. 1303/2013 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú cheana féin, le Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun níos mó solúbthachta a thabhairt maidir le cur chun feidhme na gclár arna dtacú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (“CFRE”), ag Ciste Sóisialta na hEorpa (“CSE”) agus an Ciste Comhtháthaithe (a dtugtar na “Cistí” orthu le chéile) agus ag an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (“CEMI”). Chun rannchuidiú le freagairt éifeachtach ar an ngéarchéim sláinte poiblí atá ann faoi láthair, leathnaíodh raon feidhme na tacaíochta ó CFRE go mór.

(3)

Is ag dul in olcas atá na héifeachtaí diúltacha tromchúiseacha ar gheilleagair an Aontais agus ar shochaithe an Aontais, áfach. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh do sholúbthacht eisceachtúil bhreise do na Ballstáit chun cur ar a gcumas freagairt a thabhairt ar an ngéarchéim gan fasach sin trí fheabhas a chur ar an bhféidearthacht atá acu slógadh a dhéanamh ar an tacaíocht uile ó na Cistí nár baineadh leas aisti.

(4)

D'fhonn an t‐ualach ar bhuiséid phoiblí atá ag freagairt don ghéarchéim sláinte poiblí a mhaolú, ba cheart an deis eisceachtúil a thabhairt do na Ballstáit ráta cómhaoinithe 100 % a iarraidh, le haghaidh cláir bheartas comhtháthaithe a bheidh le cur i bhfeidhm le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2020-2021, i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Bunaithe ar mheasúnú ar chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe eisceachtúil sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a mholadh go gcuirfí síneadh leis an mbeart seo.

(5)

Chun solúbthacht bhreise a sholáthar do na Ballstáit le haghaidh ath-leithdháileadh acmhainní d’fhonn freagairtí saincheaptha ar an ngéarchéim sláinte poiblí a sholáthar, ba cheart deiseanna le haghaidh aistrithe airgeadais faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post idir CRFE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe a thabhairt isteach nó a fheabhsú. Anuas air sin, ba cheart deiseanna aistrithe idir catagóirí réigiún a mhéadú go heisceachtúil le haghaidh na mBallstát, i bhfianaise tionchar forleathan na géarchéime sláinte poiblí, agus cuspóirí an Chonartha maidir le beartas comhtháthaithe á n-urramú san am céanna. Leis na haistrithe sin, níor cheart difear a dhéanamh d’acmhainní faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, do na leithdháiltí breise ar na réigiúin is forimeallaí, don tacaíocht don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg ná don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.

(6)

Chun a chur ar chumas na mBallstát acmhainní atá ar fáil a shlógadh go tapa chun freagairt a thabhairt ar ráig COVID-19 agus ag tabhairt san áireamh, i bhfianaise cur chun feidhme chlárthréimhse 2014-2020 a bheith ag teacht chun deiridh, nach bhféadfaidh baint a bheith ag ath-leithdháileadh acmhainní ach leis na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh chlársceidealú na bliana 2020, tá údar maith ann na Ballstáit a dhíolmhú, ar bhonn eisceachtúil, ón ngá atá le ceanglais maidir le díriú téamach a chomhlíonadh ar feadh a bhfuil fágtha den chlárthréimhse.

(7)

Chun a chur ar chumas na mBallstát díriú ar an bhfreagairt riachtanach ar ráig COVID-19 agus chun ualaí riaracháin a laghdú, ba cheart simpliú a dhéanamh ar cheanglais nós imeachta áirithe a bhaineann le cur chun feidhme clár agus le hiniúchtaí. Go háirithe, níor cheart Comhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú a thuilleadh ar feadh a bhfuil fágtha den chlárthréimhse, chun athruithe roimhe sin i gcláir oibríochtúla a chur san áireamh nó chun aon athruithe eile a thabhairt isteach. Ba cheart na spriocdhátaí chun na tuarascálacha chur chun feidhme bliantúla a thabhairt isteach le haghaidh na bliana 2019 agus tarchur na tuarascála achoimre bunaithe ar na tuarascálacha chur chun feidhme sin a chur ar athlá. Maidir leis na Cistí agus CEMI, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite maidir le deis níos mó d’údaráis iniúchta chun leas a bhaint as modh samplála neamhstaidrimh i leith na bliana cuntasaíochta 2019-2020.

(8)

Is iomchuí a shonrú gur cheart incháilitheacht caiteachais a cheadú go heisceachtúil le haghaidh oibríochtaí atá tugtha chun críche nó atá curtha chun feidhme ina n‐iomláine, ar oibríochtaí iad lena gcothaítear acmhainneachtaí freagartha ar an ngéarchéim i gcomhthéacs ráig COVID-19. Ba cheart é a bheith indéanta oibríochtaí den sórt sin a roghnú fiú sula bhformheasann an Coimisiún an leasú riachtanach ar chlár. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le socruithe sonracha i gcás ina n‐agrófar ráig COVID-19 mar chúis force majeure i gcomhthéacs an tsaortha.

(9)

Chun laghdú a dhéanamh ar ualaí riaracháin agus ar mhoilleanna ar chur chun feidhme i gcás ina bhfuil gá le hathruithe ar ionstraimí airgeadais chun freagairt éifeachtach a sholáthar ar ghéarchéim sláinte poiblí, níor cheart go mbeadh gá a thuilleadh ar feadh a bhfuil fágtha den chlárthréimhse leis an athbhreithniú agus uasdátú ar an measúnú ex ante ná le pleananna gnó nuashonraithe ná doiciméid choibhéiseacha, mar chuid de na doiciméid tacaíochta lena léirítear gur baineadh leas as an tacaíocht a soláthraíodh chun na críche a beartaíodh dó. Ba cheart leathnú a dhéanamh ar na deiseanna chun tacú le caipiteal oibre trí ionstraimí airgeadais faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann lánúsáid a bhaint as tacaíocht ó na Cistí agus ó CEMI, ba cheart solúbthacht bhreise a sholáthar chun íocaíocht an iarmhéid deiridh a ríomh ag deireadh na clárthréimhse.

(11)

Chun na haistrithe a údaraítear faoin Rialachán seo a éascú, níor cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll i leith aistrithe a mholtar faoin Rialachán seo agus a leagtar síos i bpointe (f) d’Airteagal 30(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le leithreasuithe a úsáid chun na críche céanna.

(12)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an cur chuige a ghlactar faoi Chreat Sealadach maidir le bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair agus cabhair de minimis, ar thaobh amháin, agus na coinníollacha chun tacaíocht a sholáthar do ghnóthais atá i gcruachás faoi CFRE, ar an taobh eile, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 a leasú chun gur féidir tacaíocht a dheonú do na gnóthais sin sna cúinsí sonracha sin.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí trí bhearta solúbthachta a thabhairt isteach sa réimse a bhaineann le tacaíocht a sholáthar ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (“Cistí SIE”), a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(14)

I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le ráig COVID-19, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus an gá práinneach atá le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann leis agus a iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) d'Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013:

“(d)

maidir le gnóthais a bhfuil deacracht acu mar a shainmhínítear i rialacha an Aontais a bhaineann le Státchabhair; gnóthais a fhaigheann tacaíocht i gcomhréir leis an gCreat Sealadach maidir le bearta Státchabhrach (*1) nó Rialacháin (AE) Uimh. 1407/2013 (*2), (AE) Uimh. 1408/2013 (*3) agus (AE) Uimh. 717/2014 (*4) ón gCoimisiún, ní mheasfar gur gnóthais iad a bhfuil deacracht acu chun críoch an phointe seo;

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas le Cuid a Dó, Teideal II:

Caibidil v

Bearta eisceachtúla chun Cistí SIE a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19

Airteagal 25a

Bearta eisceachtúla chun Cistí SIE a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19

1.   De mhaolú ar Airteagal 60(1) agus ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(3), arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir le caiteachas a dhearbhófar in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2020 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2021 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe.

Déanfar iarrataí ar mhodhnú ar an ráta cómhaoinithe a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le leasú clár a leagtar amach in Airteagal 30 agus beidh clár athbhreithnithe nó cláir athbhreithnithe ag gabháil leo. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má dhéanann an Coimisiún an leasú ábhartha ar an gclár oibríochtúil a fhormheas sula gcuirfear isteach an t‐iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 135(2).

Sula gcuirfidh na Ballstáit isteach an chéad iarratas ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021, déanfaidh siad an tábla dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) d’Airteagal 96(2) a chur in iúl ina ndearbhófar an ráta cómhaoinithe a bhí infheidhme le linn na bliana cuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh 2020 maidir leis na tosaíochtaí lena mbaineann an méadú sealadach go 100 %.

2.   Mar fhreagairt ar ráig COVID-19, féadfar, arna iarraidh sin do Bhallstát, na hacmhainní atá ar fáil lena gclársceidealú don bhliain 2020 le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a aistriú idir CFAE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe, gan beann ar na céatadáin dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 92(1).

Chun críoch na n‐aistrithe sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92(4).

Ní dhéanfaidh aistrithe difear d’acmhainní a leithdháileadh ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg i gcomhréir le hAirteagal 92(5) ná don chabhair do na daoine is díothaí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post i gcomhréir le hAirteagal 92(7).

Déanfar acmhainní a aistreofar idir CFRE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe faoin mír seo a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste a n‐aistreofar acmhainní chuige.

3.   De mhaolú ar Airteagal 93(1) agus sa bhreis ar an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 93(2), féadfar acmhainní atá ar fáil le haghaidh clársceidealú don bhliain 2020, arna iarraidh sin do Bhallstát, a aistriú idir catagóirí réigiún mar fhreagairt ar ráig COVID-19.

4.   Déanfar iarrataí ar aistrithe faoi mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le leasú clár, a leagtar amach in Airteagal 30, beidh údar cuí leo agus beidh an clár nó na cláir athbhreithnithe ina léireofar na méideanna a aistreofar de réir Ciste agus catagóir réigiúin ag gabháil leo, i gcás inarb ábhartha.

5.   De mhaolú ar Airteagal 18 den Rialachán seo agus ar na Rialacháin Chiste-shonracha, maidir le leithreasuithe airgeadais a leagfar amach in iarrataí ar leasuithe cláir a thíolacfar nó aistrithe a fhógrófar de bhun Airteagal 30(5) den Rialachán seo ar an 24 Aibreán 2020 nó dá éis, ní bheidh siad faoi réir na gceanglas maidir le díriú téamach a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna Rialacháin Chiste-shonracha.

6.   De mhaolú ar Airteagal 16, ón 24 Aibreán 2020, ní dhéanfar Comhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú agus ní bheidh aon leasú ar Chomhaontuithe Comhpháirtíochta sna leasuithe cláir.

De mhaolú ar Airteagail 26(1), 27(1), 30(1) agus 30(2), ón 24 Aibreán 2020 ní dhéanfar comhsheasmhacht clár ná a gcur chun feidhme leis an gComhaontú Comhpháirtíochta a fhíorú.

7.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 65(6) maidir le hoibríochtaí lena gcothaítear acmhainneachtaí freagartha ar an ngéarchéim i gcomhthéacs ráig COVID-19 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 65(10).

De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 125(3), féadfar na hoibríochtaí sin a roghnú le haghaidh tacaíocht ó CFRE nó ó CSE sula nglacfar an clár leasaithe.

8.   Chun críocha phointe (b) d’Airteagal 87(1), i gcás ina n‐agrófar ráig COVID-19 mar chúis force majeure, cuirfear an fhaisnéis maidir le méideanna nárbh fhéidir iarratas ar íocaíocht a dhéanamh ina leith ar fáil ar leibhéal comhiomlán de réir tosaíochta le haghaidh oibríochtaí ar lú a gcostas iomlán incháilithe ná EUR 1 000 000.

9.   Déanfar an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir dá dtagraítear in Airteagal 50(1) don bhliain 2019 a thíolacadh faoin 30 Meán Fómhair 2020 i gcás Chistí uile SIE, de mhaolú ar na spriocdhátaí a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha. Féadfar tarchur na tuarascála achoimre a bheidh le hullmhú ag an gCoimisiún in 2020, i gcomhréir le hAirteagal 53(1), a chur ar athlá dá réir sin.

10.   De mhaolú ar phointe (g) d’Airteagal 37(2), ní cheanglófar na measúnuithe ex ante a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá athruithe a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ráig COVID-19.

11.   I gcás ina gcuirfear ar fáil le hionstraimí airgeadais tacaíocht i bhfoirm caipitil oibre do FBManna de bhun an dara fomhír d’Airteagal 37(4) den Rialachán seo, ní cheanglófar go gcuirfear isteach pleananna gnó nua nó nuashonraithe ná doiciméid choibhéiseacha ná fianaise choibhéiseach lenar féidir a fhíorú, mar chuid de na doiciméid tacaíochta, gur úsáideadh an tacaíocht a soláthraíodh trí bhíthin na n‐ionstraimí airgeadais don chuspóir a bhí beartaithe di.

De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, féadfaidh CETFT an tacaíocht sin a sholáthar freisin faoi bhearta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus atá ábhartha maidir le cur chun feidhme na n‐ionstraimí airgeadais. Ní rachaidh an caiteachas incháilithe sin thar EUR 200 000.

12.   Chun críocha an dara fomhír d’Airteagal 127(1), beidh i ráig COVID-19 cás cuí-réasúnaithe a fhéadfaidh údaráis iniúchóireachta a agairt, bunaithe ar a mbreithiúnas gairmiúil, chun modh samplála neamhstaidrimh a úsáid don bhliain chuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2019 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2020.

13.   Chun críocha chur chun feidhme phointe (f) d’Airteagal 30(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), maidir leis an gcoinníoll go bhfuil leithreasuithe ar fáil don chuspóir céanna, ní bheidh feidhm aige i dtaca le haistrithe faoi mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

(*5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 130, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   De mhaolú ar mhír 2, maidir leis an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI trí bhíthin íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i leith gach tosaíochta de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún sa bhliain chuntasaíochta deiridh, ní bheidh sin níos mó ná 10 % níos mó ar a mhéid den ranníocaíocht as na Cistí nó as CEMI maidir le gach tosaíocht de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil.

Ní bheidh an ranníocaíocht as na Cistí ná as CEMI trí bhíthin íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i leith gach tosaíochta de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún sa bhliain chuntasaíochta deiridh níos mó ná an caiteachas poiblí incháilithe a dhearbhófar ná an ranníocaíocht as gach Ciste agus ó gach catagóir réigiún le gach clár oibríochtúil mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil, cibé acu is ísle.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Tuairim an 14 Aibreán 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2020.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(5)  Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (IO L 99, 31.3.2020, lch. 5).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


Top