|
(1)
|
i roinn A (‘Daoine nádúrtha’), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha maidir leis an naonúr daoine nádúrtha seo a leanas:
|
|
Ainmneacha (Traslitriú isteach i script na Laidine)
|
Ainmneacha
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna lena liostú
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘2.
|
Alexander (Alexandr) Ivanovich BASTRYKIN
|
Алексaндр Ивaнович БАСТРЫКИН
|
Post/poist: Cathaoirleach ar Choiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise
Dáta breithe: 27.8.1953
Áit bhreithe: Pskov, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Alexander Ivanovich Bastrykin ina chathaoirleach ar Choiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise (‘an Coiste’) ó mhí Eanáir 2011 i leith (agus bhí sé ina chathaoirleach gníomhach ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag 2010). Sa cháil sin, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile an Choiste. Go hoifigiúil, is é Uachtarán na Rúise a dhéanann cathaoirleacht ar an gCoiste. Ina cháil mar chathaoirleach an Choiste, tá Alexander Bastrykin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha.
Tá Alexander Bastrykin freagrach as feachtais diansmachta fhorleathana chórasacha an Choiste in aghaidh fhreasúra na Rúise, feachtais atá dírithe ar chomhaltaí an fhreasúra agus a dhéanann imscrúdú ina leith. An 29 Nollaig 2020, sheol an Coiste imscrúdú maidir le ceannaire an fhreasúra Alexei Navalny, agus cúisíodh é as calaois fhorleathan. D’fhoilsigh Alexei Navalny agus daoine eile ailt maidir le húinéireacht Alexander Bastrykin ar ghnólacht réadmhaoine Seiceach LAW Bohemia sna 2000í.
In 2022, tá an Coiste Fiosrúcháin, a bhfuil Alexander Bastrykin fós ina chathaoirleach air, tar éis 92 shaighdiúir de chuid na hÚcráine a chúiseamh as coireanna in aghaidh an chine dhaonna le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
|
2.3.2021
|
|
6.
|
WANG Junzheng
|
王君正
(Litriú Sínise)
|
Post/poist: Comhalta de 20ú Páirtí Cumannach na Síne (CCP) an Coiste Lárnach (mí na Nollag 2022 - mí na Nollag 2026); Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 - mí Feabhra 2027); Rúnaí Páirtí Pháirtí Cumannach na Síne (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR); iar-Rúnaí Páirtí an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC), agus Leas-Rúnaí Choiste Pháirtí Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang na Síne; Coimeasár polaitiúil XPCC agus POF an China Xinjian Group
Dáta breithe: Bealtaine 1963
Áit bhreithe: Linyi, Shandong (an tSín)
Náisiúntacht: Síneach
Inscne: fireann
|
Rúnaí Páirtí Pháirtí Cumannach na Síne (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021. Comhalta de Choiste Lárnach (mí na Nollag 2022 - mí na Nollag 2026) 20ú Pháirtí Cumannach na Síne (CCP). Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 - mí Feabhra 2027).
Iar-Rúnaí Páirtí ar Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí de Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiangr (XUAR) na Síne ó mhí Aibreáin 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021, agus coimeasár polaitiúil XPCC ó mhí na Bealtaine 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021. Iar-Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR, ó mhí Feabhra 2019 go dtí mí Mheán Fómhair 2020. Bhí poist shinsireacha eile ag Wang Junzheng in XPCC.
Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in XUAR é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang.
Ina cháil mar Rúnaí Páirtí agus coimeasár polaitiúil ar XPCC, bhí páirt ag Wang Junzheng sna beartais go léir a chuir XPCC chun feidhme a mhaoirsiú. Sa phost sin, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí spriocdhírithe ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.
Bhí sé freagrach freisin as an úsáid chórasach a bhaineann XPCC as Uigiúraigh agus daoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis.
Ina cháil mar Leas-Rúnaí ar Choiste Páirtí XUAR, bhí páirt ag Wang Junzheng i maoirsiú na mbeartas slándála atá á gcur chun feidhme in Xinjiang, lena n-áirítear an clár réamhluaite lena spriocdhírítear ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Ina cháil mar Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR ó mhí Feabhra 2019 go dtí mí Mheán Fómhair 2020, bhí Wang Junzheng freagrach as an tslándáil inmheánach a choimeád agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhphost polaitiúil aige i gceannas ar mhaoirsiú agus ar chur chun feidhme an chláir réamhluaite.
|
22.3.2021
|
|
7.
|
WANG Mingshan
|
王明山 (Litriú Sínise)
|
Post/poist: Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 - mí Feabhra 2027); Comhalta de Bhuanchoiste Choiste Páirtí Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR); Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR
Dáta breithe: Eanáir 1964
Áit bhreithe: Wuwei, Gansu (An tSín)
Náisiúntacht: Síneach
Inscne: fireann
|
Comhalta de Bhuanchoiste Choiste Páirtí Réigiún Féinrialaitheach Uigiúrach Xinjiang (XUAR) agus Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR ó mhí Mheán Fómhair 2020. Leas-Uachtarán ar an 14ú Daon-Chomhdháil Náisiúnta (NPC, mí Feabhra 2023 go mí Feabhra 2027).
Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar Bhiúró Slándála Poiblí Xinjiang (XPSB) idir 2017 agus mí Eanáir 2021.
Ina cháil mar Rúnaí ar Choiste um Ghnóthaí Polaitiúla agus Dlíthiúla XUAR ó mhí Mheán Fómhair 2020, is é Wang Mingshan atá freagrach as an slándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí a chothabháil in XUAR. Mar sin, tá príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.
Ina cháil mar Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar XPSB (2017 go Eanáir 2021), bhí príomhról aige i bhfearas slándála Xinjiang agus bhí sé freagrach go díreach as an gclár thuasluaite a chur chun feidhme. Go háirithe, rinne XPSB ardán do ‘Oibríochtaí Comhpháirteacha Comhtháite’ (IJOP) a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a lorg agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar ‘baol bagartha’ a bheith ag baint leo lena gcur go campa coinneála.
Mar gheall ar an bpost atá aige faoi láthair agus na feidhmeanna a bhí aige roimhe sin, tá Wang Mingshan freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh.
|
22.3.2021
|
|
10.
|
RI Yong Gil
ar a dtugtar freisin RI Yong Gi, RI Yo’ng-kil, YI Yo’ng-kil
|
리영길
(Litriú Cóiréise)
|
Post/poist: Ceann Foirne an Fhoireann Ghinearálta Arm Pobail na Cóiré(KPA)
Grád: Leas-Mharascal
Dáta breithe: 1955
Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK)
Inscne: fireann
|
Is é Ri Yong Gil Ceann Foirne Fhoireann Ghinearálta Arm Pobail na Cóiré (KPA). Ba é Aire Cosanta Náisiúnta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) é ó mhí an Mheithimh nó ó mhí Iúil 2021 go dtí mí na Nollag 2022. Ba é an tAire Slándála Sóisialta é ó mhí Eanáir 2021 go dtí mí an Mheithimh nó mí Iúil 2021. Ba é an Ceann Foirne ar Fhoireann Ghinearálta KPA é freisin idir 2018 agus mí Eanáir 2021. Tugadh ardú céime dó go Leas-Mharascal KPA an 14 Aibreán 2022.
Ina cháil mar Cheann Foirne ar Fhoireann Ghinearálta KPA, agus ina cháil mar iar-Aire Cosanta Náisiúnta, is é Ri Yong Gil atá freagrach as na sáruithe tromchúiseacha forleathana ar chearta an duine a rinne an KPA, lena n-áirítear na sáruithe sin a rinne comhaltaí den Aonad Slándála Míleata agus d’aonaid eile de KPA.
Is iad Aireacht Slándála Stáit DPRK (ar a dtugtaí Aireacht Slándála na nDaoine nó Aireacht Slándála Poiblí tráth) agus an tAonad Slándála Míleata na príomhinstitiúidí a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceastóireacht agus pionós a chur ar dhaoine a bhí ag teitheadh ‘go neamhdhleathach’ ó DPRK. Tá an Aireacht Slándála Sóisialta i bhfeighil na gcampaí príosúin agus na n-ionad coinneála oibre trína Biúró Príosúin, áit ina mbíonn príosúnaigh agus cimí faoi réir ocras d’aon ghnó agus íde mhídhaonna agus tháireach eile.
Ina cháil mar iarCheann ar an Aireacht Slándála Sóisialta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban.
|
22.3.2021
|
|
18.
|
Valery (Valeriy) Nikolaevich ZAKHAROV
|
Валерий Николаевич Захаров
(Litriú Rúisise)
|
Post/poist: Comhairleoir slándála d’Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL)
Uimhir aitheantais an Ghrúpa Wagner: M-5658
Dáta breithe: 12.1.1970
Áit bhreithe: Leningrad, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Valery Zakharov, iarchomhalta de Sheirbhís Chónaidhme Slándála Chónaidhm na Rúise (FSB), iarchomhairleoir slándála Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL). Is duine ríthábhachtach é i struchtúr ceannais an Ghrúpa Wagner agus coimeádann sé dlúthnaisc ar bun le húdaráis na Rúise.
Mar gheall ar an tionchar a bhí aige ar PAL agus ar a ról ceannasach sa Ghrúpa Wagner, tá Valery Zakharov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL, lena n-áirítear básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.
Áirítear leis seo dúnmharú triúr iriseoirí Rúiseacha in 2018, a raibh Valery Zakharov freagrach as a slándáil.
|
13.12.2021
|
|
19.
|
Maxim SHUGALEY
ar a dtugtar freisin
Maksim SHUGALEI
|
Максим ШУГАЛЕЙ (Litriú Rúisise)
|
Post/poist: Uachtarán an Foundation for the Defence of National Values (FDNV)
Dáta breithe: 24.2.1966
Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (St. Petersburg, Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir/uimhir aitheantais:
710508436 (Pas Rúiseach)
|
Is é Maxim Shugaley ceann an Foundation for the Defence of National Values (FDNV), eintiteas a bhaineann leis an nGrúpa Wagner. Feidhmíonn FDNV mar ghéag caidrimh phoiblí an Ghrúpa Wagner agus baineann ról Maxim Shugaley in FDNV le feachtais bholscaireachta agus bhréagaisnéise a stiúradh ar son an Ghrúpa Wagner, lena n-áirítear chun clú an Ghrúpa Wagner a fheabhsú agus tacú lena imscaradh, chomh maith le cur isteach ceilte a dhéanamh ar son an Ghrúpa Wagner sna tíortha éagsúla ina bhfuil sé gníomhach.
Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear an Libia, Mailí, agus Poblacht na hAfraice Láir.
Tá baint ag Maxim Shugaley leis an nGrúpa Wagner agus tá sé freagrach as tacú le gníomhartha an Ghrúpa Wagner agus é a spreagadh trí bholscaireacht agus bréagaisnéis atá ar son an Ghrúpa Wagner.
|
25.2.2023
|
|
21.
|
Konstantin Alexsandrovich PIKALOV
|
Константин Александрович ПИКАЛОВ
(Litriú Rúisise)
|
Post/poist: Duine de Cheannasaithe PMC an Ghrúpa Wagner san Afraic
Dáta breithe: 23.7.1968
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Konstantin Pikalov, códainm ‘Mazaï’ (Mazay), ar dhuine de cheannairí an Ghrúpa Wagner agus tá sé freagrach as gníomhaíochtaí oibríochtúla an Ghrúpa Wagner san Afraic, go háirithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Cuirtear ina leith gurb eisean a thionscain dúnmharú triúr iriseoirí Rúiseacha i mí Iúil 2018. Ó mhí Aibreáin 2023 i leith, is é atá i gceannas ar ghrúpa nua paraimíleata (Convoy) a cruthaíodh i mí na Samhna 2022 chun gníomhaíocht a dhéanamh i gcogadh foghach na Rúise I gcoinne na hÚcráine.
Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.
Agus ról ceannaireachta aige laistigh den Ghrúpa Wagner, tá Konstantin Pikalov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.
|
25.2.2023
|
|
24.
|
Alexander Alexandrovich IVANOV
ar a dtugtar freisin Aleksandr Alexandrovich IVANOV; Alexander Alexandrovich IVANOV
|
Александр Александрович ИВАНОВ
(Litriú Rúisise)
|
Post/poist: Ionadaí theagascóirí Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir
Dáta breithe: 14.6.1960
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Seoladh: Bangui, Poblacht na hAfraice Láir
|
Is é Alexander Ivanov urlabhraí don Ghrúpa Wagner i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL). Is é freisin atá ina cheann ar ‘Aontas na nOifigeach don tSlándáil Idirnáisiúnta’ sa Rúis, ar a dtugtar freisin ‘Pobal na nOifigeach don tSlándáil Idirnáisiúnta (COSI), cuideachta thosaigh Wagner a sheolann teagascóirí míleata na Rúise chuigPAL. Is amhais de chuid an Ghrúpa Wagner iad na teagascóirí sin.
Tá an Grúpa Wagner liostaithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha i dtíortha éagsúla, lena n-áirítear PAL.
Ina phost mar ionadaí oifigiúil ar theagascóirí míleata na Rúise, tá baint ag Alexander Ivanov leis na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag an nGrúpa Wagner in PAL.
|
25.2.2023
|
|
35.
|
Toe UI
ar a dtugtar freisin Toe YI
|
|
Post/poist: Leas-Aire Gnóthaí Baile
Grád: Maor-Ghinearál
Náisiúntacht: Maenmar/Burma
Inscne: fireann
|
Ceapadh Maorghinearál Toe Ui mar Leas-Aire Gnóthaí Baile an 3 Feabhra 2023. Is é an iar-leas-ardcheannsaí ar Oifig an Cheannasaí um Ghnóthaí Slándála Míleata (OCMSA). Tá OCMSA freagrach as na hionaid choinneála agus cheistiúcháin i Maenmar/Burma a bhainistiú agus tá sé de chúram air faisnéis a bhailiú freisin.
Baineann foireann OCMSA faoi údarás Ui úsáid as nochtacht éignithe, éigniú, turraingí leictreacha, baill ghiniúna a dhó agus foréigean iomarcach le linn coinneáil agus ceistiúchán treallach fear, ban agus ball den phobal LADTIA.
Ina cháil mar leas-ardcheannasaí OCMSA, tá an Maor-Ghinearál Toe Ui freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Maenmar/Burma, lena n-áirítear coinneáil agus ceastóireacht threallach, agus as foréigean córasach forleathan gnéis agus inscnebhunaithe.
|
7.3.2023’;
|
|