EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/65/AE maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag teacht isteach chuig calafoirt AE agus/nó ag imeacht ó chalafoirt AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an treoir maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe is infheidhme maidir le hiompar muirí le haghaidh long ag teacht isteach i gcalafoirt thíortha AE agus ag imeacht ó chalafoirt thíortha AE.

Ní mór do thíortha AE a áirithiú go n–iarrfar na foirmiúlachtaí tuairiscithe ag a gcalafoirt ar bhealach comhchuibhithe agus comhordaithe. Ní mór don mháistir, nó do dhuine ar bith eile a bheidh údaraithe go cuí ag oibreoir na loinge, fógra a thabhairt don údarás náisiúnta inniúil, sula dtiocfaidh sé nó sí isteach i gcalafort AE, faoin bhfaisnéis a theastaíonn faoi na foirmiúlachtaí tuairiscithe.

Tarchur leictreonach sonraí

Maidir le tíortha AE:

  • b’éigean dóibh glacadh le foirmiúlachtaí tuairiscithe a chur isteach go leictreonach trí ionad ilfhreastail tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2015; is é san ionad ilfhreastail náisiúnta aonair seo a thuairiscítear an fhaisnéis uile uair amháin agus trína gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis inniúla éagsúla agus do thíortha AE;
  • ní mór dóibh a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis a gheofar i gcomhréir le foirmiúlachtaí tuairiscithe ar fáil ina gcórais náisiúnta SafeSeaNet agus codanna den fhaisnéis sin a chur ar fáil do thíortha eile AE tríd an gcóras SafeSeaNet;
  • ní mór dóibh glacadh le foirmeacha FAL (foirmeacha speisialta arna bhforbairt ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta chun trácht idirnáisiúnta muirí a éascú) chun foirmiúlachtaí tuairiscithe a chomhlíonadh agus bhí siad fós ábalta glacadh le faisnéis i bhformáid páipéir go dtí an 1 Meitheamh 2015.

Díolúintí

Tá longa a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE (féach an achoimre) agus a oibríonn idir calafoirt atá suite i gcríoch chustaim AE, gan teacht ó chalafort lasmuigh de AE, gan stopadh ag calafort lasmuigh de AE nó gan dul i treo calafoirt lasmuigh de AE, díolmhaithe ón oibleagáid an fhaisnéis a sholáthar.

Leasuithe

  • Le Treoir Leasaitheach (AE) 2017/2109 tugadh isteach rialacha úra a bhfuil sé mar aidhm leo clárú daoine a thaistealaíonn ar bord long paisinéirí a dhigitiú. Féachtar léi a áirithiú go mbeidh fáil láithreach ar líon beacht na bpaisinéirí agus faisnéis eile le húsáid ag seirbhísí cuardaigh agus tarrthála (SAR) i gcás timpiste. Faoi na ceanglais úra, ní mór líon na ndaoine ar bord a chur in iúl trí bhíthin na n–ionad ilfhreastail náisiúnta nó, má roghnaíonn tír AE déanamh amhlaidh, don údarás ainmnithe tríd an gcóras aitheantais uathoibríoch* sula n–imeoidh an long.
  • Le Treoir (AE) 2019/883 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa leasaítear an iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2010/65/AE maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil do na húdaráis i ndáil le dramhaíl ó longa, lena n–áirítear iarmhair.

Aisghairm

Aisghairfear Treoir 2010/65/AE le Rialachán (AE) 2019/1239 maidir le timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí ón 15 Lúnasa 2025 i leith. Bunaítear leis an rialachán úr creat maidir le timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (EMSWe) atá neodrach ón taobh teicniúil agus idir-inoibritheach ina bhfuil comhéadain chomhchuibhithe chun tarchur leictreonach faisnéise a éascú i ndáil le hoibleagáidí um thuairisciú le haghaidh long a bheidh ag teacht isteach i gcalafoirt AE, a bheidh ag fanacht i gcalafoirt AE agus a bheidh ag imeacht ó chalafoirt AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm ag an treoir i dtíortha AE ón 19 Bealtaine 2012 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE ar an dáta céanna.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Córas Aitheantais Uathoibríoch: córas craolacháin mara, bunaithe ar tharchur comharthaí raidió an–ardmhinicíochta (VHF). Seolann na longa tuairiscí ina bhfuil aitheantas, suíomh, agus cúrsa na loinge, chomh maith le faisnéis faoin lasta. In uiscí AE, na hÍoslainne agus na hIorua, déantar teachtaireachtaí an chórais aitheantais uathoibríoch a mhalartú tríd an gcóras SafeSeaNet.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n–aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO L 283, 29.10.2010, lgh. 1-10)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2010/65/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n–aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lgh. 116-142)

Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n–aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lgh. 64-87)

Treoir (AE) 2017/2109 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 98/41/CE ón gComhairle maidir le clárú daoine a sheolann ar bord long paisinéirí a oibríonn isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail agus Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát (IO L 315, 30.11.2017, lgh. 52-60)

Nuashonraithe 12.01.2020

Top