EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 — maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Is é is aidhm leis feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta trí leibhéal ard éifeachtúlachta, fóirsteanachta agus cáilíochta a chinntiú in imscrúduithe sábháilteachta san eitlíocht shibhialta an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Leagtar síos ann rialacha lena rialaítear infhaighteacht thráthúil na faisnéise i ndáil le gach duine agus le gach earra contúirteach ar bord aerárthaigh a mbaineann tionóisc dó.
  • Is é is aidhm leis chomh maith feabhas a chur ar an gcúnamh d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an rialachán seo maidir le himscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí* agus teagmhais*:
    • thromchúiseacha a tharlaíonn i gcríoch Bhallstáit AE;
    • a tharlaíonn lasmuigh de chríocha na mBallstát ach a bhaineann le haerárthaí atá cláraithe i mBallstát nó atá á n–oibriú ag cuideachta atá bunaithe i mBallstát;
    • ina bhfuil Ballstát i dteideal (de réir caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta) ionadaí creidiúnaithe a cheapadh chun páirt a ghlacadh san imscrúdú;
    • ina dtugann an Ballstát a bhfuil an t–imscrúdú á dhéanamh aici cead do thír AE — a bhfuil leas speisialta aige de bhua bhásanna a saoránach nó díobháil thromchúiseach dá saoránaigh — saineolaí a cheapadh.
  • Níl feidhm ag an rialachán seo maidir le himscrúduithe sábháilteachta i ndáil le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha lena mbaineann aerárthach atá ag gabháil do sheirbhísí míleata, do sheirbhísí custaim, do sheirbhísí póilíneachta nó do sheirbhísí comhchosúil leo sin.

Údaráis neamhspleácha um imscrúdú sábháilteachta

  • Ní mór do gach Ballstát a áirithiú go ndéanfaidh údarás buan náisiúnta um imscrúdú sábháilteachta san eitlíocht shibhialta (SIA) imscrúduithe sábháilteachta a sheoladh, gan cur isteach seachtrach.
  • Beidh gach SIA neamhspleách go feidhmiúil ar údarás ar bith eile nó ar pháirtí ar bith eile a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena chúraim nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a oibiachtúlacht.
  • Ní mór do gach SIA a bheith ábalta imscrúdú sábháilteachta iomlán a sheoladh ar bhonn neamhspleách. Ní mór do na Ballstáit an modh agus an t–airgead a chur ar fáil dá SIAnna faoi seach — lena n–áirítear buiséad — chun a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh go neamhspleách agus rochtain a bheith acu ar acmhainní leordhóthanacha.
  • Go sonrach, beidh fáil ag an SIA ar phearsanra cáilithe agus ar shaoráidí leordhóthanacha, lena n-áirítear oifigí agus haingir, chun an t–aerárthach, a bhfuil ann agus an raic a stóráil agus a scrúdú.

An oibleagáid imscrúdú a dhéanamh

  • Beidh gach tionóisc nó teagmhas tromchúiseach a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1139 (féach an achoimre) maidir leo ina n–ábhar om imscrúdú sábháilteachta sa Bhallstát inar tharla an tionóisc nó an teagmhas tromchúiseach.
  • I gcás go dtarlaíonn tionóisc nó teagmhas tromchúiseach d’aerárthach a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1139 maidir leis agus atá cláraithe i mBallstát agus nach féidir a shuíomh go críochnúil go bhfuil láthair na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh i gcríoch aon stáit, seolfaidh an t–údarás um imscrúdú sábháilteachta sa Bhallstát clárúcháin imscrúdú sábháilteacha.
  • Féadfaidh SIAnna cinneadh a dhéanamh teagmhais seachas na teagmhais dá dtagraítear sna hailt thuas a imscrúdú, mar aon le tionóiscí nó teagmhais thromchúiseacha a bhaineann do chineálacha eile aerárthaí, de réir reachtaíocht náisiúnta na mBallstát, nuair a bheidh siad ag súil le ceachtanna sábháilteachta a bhaint astu.
  • I gcás nach bhfuair aon duine bás nó nár tharla díobháil thromchúiseach d’aon duine, féadfaidh an SIA atá freagrach a chinneadh, agus na ceachtanna a bhfuiltear ag súil lena bhfoghlaim chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú á gcur san áireamh, gan imscrúdú sábháilteachta a thionscnamh ar líon rialáilte cásanna a chuimsítear in Airteagal 135 de Rialachán (AE) 2018/1139 a chuirtear in ionad Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010.
  • Ní bhainfidh imscrúduithe sábháilteachta in aon chor le milleán ná le dliteanas a leagan. Beidh siad neamhspleách ar aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin chun milleán nó dliteanas a leagan, beidh siad ar leithligh ó aon imeachtaí den sórt sin agus beidh siad gan dochar d’aon imeachtaí den sórt sin.

Comhar idir údaráis neamhspleácha um imscrúdú sábháilteachta

Déantar socrú sa rialachán seo do chomhar idir na SIAnna agus don deis cúraimí a tharmligean.

An líonra Eorpach d’údaráis um imscrúdú sábháilteachta na heitlíochta sibhialta

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbunóidh a SIAnna líonra Eorpach d’údaráis um imscrúdú sábháilteachta na heitlíochta sibhialta (ENCASIA) eatarthu féin chun:

  • tuilleadh feabhais a dhéanamh ar cháilíocht na n–imscrúduithe arna seoladh ag SIAnna chun a neamhspleáchas a neartú;
  • ardchaighdeáin i modhanna imscrúdaithe agus in oiliúint imscrúdaitheoirí a spreagadh.

Imscrúdú

  • In ainneoin imscrúdú breithiúnach ar bith, tá an t–údarás ag an imscrúdaitheoir i gceannas na bearta is gá a dhéanamh chun na ceanglais um imscrúdú sábháilteachta a chomhlíonadh. I measc nithe eile, tá an t-imscrúdaitheoir i dteideal:
    • rochtain neamhshrianta, gan bhac a fháil láithreach ar láthair na tionóisce nó an teagmhais agus ar an aerárthach, ar a bhfuil ann nó ar a raic;
    • a éileamh go mbaileofar fianaise agus go mbainfear smionagar nó comhpháirteanna le haghaidh anailíse;
    • scrúdaithe iarbháis agus scrúdú leighis na ndaoine a bhí bainteach in oibriú an aerárthaigh a iarraidh;
    • glao ar fhinnéithe agus a éileamh orthu fianaise a thabhairt.
  • Tá Ballstát ar ina críoch inar tharla tionóisc nó teagmhas tromchúiseach freagrach as a áirithiú go ndéileálfar go sábháilte leis an bhfianaise go léir agus go ndéanfar í a chosaint.

Comhordú le húdaráis eile

  • Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go n–oibreoidh SIAnna agus údaráis eile (e.g. údaráis bhreithiúnacha, údaráis eitlíochta sibhialta agus údaráis chuardaigh agus tarrthála a bhainfidh leis an imscrúdú sábháilteachta) i gcomhar trí réamhshocruithe, ar an gcoinníoll nach ndéanfar dochar do neamhspleáchas na SIAnna leo.
  • Ní mór do na Ballstáit na socruithe sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach, a tharchuirfear ansin iad chuig Cathaoirleach ENCASIA, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Rúndacht agus úsáid iomchuí na faisnéise

  • Bunaítear leis an ialachán liosta taifead nach gcuirfear ar fáil nó nach n–úsáidfear chun críocha ar bith seachas chun críocha imscrúdaithe sábháilteachta (e.g. sonraí ó thaifeadán sonraí eitilte, dréacht–tuarascálacha, aitheantas daoine a thug fianaise, nótaí imscrúdaitheoirí).
  • Déantar rialacha sa rialachán um úsáid rúnda faisnéise, lena n–áirítear faisnéis, amhail sraithuimhreacha agus uimhreacha cláraithe, lena ndéantar an t–aerárthach is ábhar do thuarascáil tarluithe a shainaithint go díreach, a leasú le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014. Sainaithnítear leis an rialachán chomh maith go bhféadfadh lucht riartha an cheartais nó an t–údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le nochtadh na dtaifead de réir an dlí náisiúnta. Agus gníomhartha dlíthiúla AE á n–urramú acu ag an am céanna, féadfaidh tíortha AE a chinneadh teorainn a chur leis na cásanna ina bhféadfar cinneadh um scaoileadh a dhéanamh.

Cúnamh d’íospartaigh agus dá ngaolta

  • Ní mór do na Ballstáit plean éigeandála um thionóiscí eitlíochta sibhialta a chur i bhfeidhm ina mbeidh socruithe maidir le cúnamh d’íospartaigh tionóiscí agus dá ngaolta. Ní mór dóibh a áirithiú chomh maith go bhfuil a bpleananna féin ag aerlínte chun cuidiú le híospartaigh agus lena ngaolta, agus tacaíocht shíceolaíocht á cur san áireamh go háirithe.
  • Ní mór do na Ballstáit aerlínte neamh–AE a oibríonn laistigh den Aontas Eorpach a spreagadh chun plean comhchosúil a ghlacadh.
  • Ní mór do gach tír AE a mbaineann tionóisc dóibh duine a cheapadh mar phointe teagmhála agus faisnéise d’íospartaigh agus dá ngaolta.
  • Ní mór d’aerlínte an deis a thabhairt do thaistealaithe sonraí teagmhála an duine a dtabharfar fógra dó nó di i gcás tionóisce a thabhairt. Ní dhéanfar ainm duine ar bord a chur ar fáil go poiblí go dtí go gcuirfear gaolta an duine sin ar an eolas.

Tuarascáil agus moltaí sábháilteachta

  • Le linn an imscrúdaithe, déanfaidh an t–údarás sábháilteachta aon ghníomhaíocht phras a mheasann sé is gá chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú a mholadh dóibh seo a leanas:
    • daoine atá freagrach as aerárthach nó as monarú trealaimh aerárthaigh;
    • daoine atá freagrach as aerárthach nó as cothabháil trealaimh aerárthaigh;
    • oibríocht aerárthaigh; agus
    • daoine atá freagrach as oiliúint an phearsanra.
  • Tugtar an t–imscrúdú chun críche le tuarascáil ina mbeidh moltaí sábháilteachta i ndiaidh comhairliúcháin deiridh leis na húdaráis lena mbaineann, lena n–áirítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta. Foilseofar an tuarascáil deiridh a luaithe is féidir, laistigh de 12 mhí ó dháta na tionóisce nó an teagmhais más féidir. Déanfaidh an t–údarás na freagairtí ar a mholtaí a thaifeadadh chomh maith.
  • Ní mór do gach páirtí a gheobhaidh moladh sábháilteachta, lena n–áirítear na húdaráis sábháilteachta ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE, monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na gníomhaíochta a rinneadh mar fhreagairt ar an moladh a fuarthas chomh maith.
  • Tá leas dlisteanach i gceist le rochtain phoiblí a thabhairt ar na moltaí sábháilteachta go léir agus ar a bhfreagairtí mar gheall ar chuspóir uileghabhálach Rialachán (AE) Uimh 996/2010 agus Rialachán (AE) Uimh 376/2014 chun líon na dtionóiscí a laghdú agus scaipeadh torthaí maidir le teagmhais a bhaineann le sábháilteacht a chur chun cinn. Mar sin, rialaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1128 ón gCoimisiún na cearta chun rochtain ar mholtaí sábháilteachta agus ar fhreagairtí atá stóráilte sa stór lárnach Eorpach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 2 Nollaig 2010.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tionóisc. Tarlú a bhaineann le hoibriú aerárthaigh i gcás go bhfaigheann aon duine bás nó dtarlaíonn gortú tromchúiseach d’aon duine, go dtarlaíonn damáiste suntasach don aerárthach, nó go bhfuil an t–aerárthach ar iarraidh nó nach bhfuil rochtain air in aon chor. I gcás aerárthach le foireann, tarlaíonn an tarlú idir an t–am a théann aon duine ar bord an aerárthaigh chun taisteal agus an t–am a dhíbhordálann na daoine sin ar fad. I gcás aerárthaigh gan foireann, tarlaíonn an tarlú idir an t–am a bhíonn an t–aerárthach réidh le bogadh d’fhonn eitilt go dtí go dtiocfaidh sé chun stad ag deireadh na heitilte agus go ndúnfar an príomhchóras tiomána.
Teagmhas. Tarlú, seachas tionóisc, a bhaineann le hoibriú aerárthaigh a théann i bhfeidhm, nó a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm, ar shábháilteacht na n–oibríochtaí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n–aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lgh. 35–50).

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 996/2010 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lgh. 18–43).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 18.10.2021

Top