EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhrialacha le haghaidh rochtana ar an margadh tarlaithe de bhóthar an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1072/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Cé go ndearnadh oibríochtaí idirnáisiúnta iompar ar bhóthar* a léirscaoileadh go hiomlán laistigh de AE, tá cabatáiste*, iompar náisiúnta ar bhóthar laistigh de Bhallstát AE ag tarlóirí nach bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát fós faoi réir srianta.

Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 dá réir sin:

  • rialacha comhchoiteanna is infheidhme maidir le rochtain ar an margadh in iompar idirnáisiúnta earraí* ar bhóthar laistigh de AE;
  • na coinníollacha faoinar féidir le tarlóirí neamhchónaitheacha seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát.

Le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1055 féachtar le:

  • na rialacha a bhaineann le hoibreoirí iompraíocht ar bhóthar a uasdátú chun cuideachtaí caocha a chomhrac* agus iomaíocht éagórach;
  • na rialacha maidir le cabatáiste i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a leathnú amach a mí-úsáid a chosc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir le:

  • iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht* do thurais a dhéantar laistigh den Aontas;
  • iompar náisiúnta earraí de bhóthar a dhéanann tarlóir neamhchónaitheach go sealadach;
  • an chuid den aistear a tharlaíonn i gcríoch Ballstáit ar bith faoi bhealach, nuair a dhéantar an t-iompar idir Ballstát agus tír nach tír den Aontas Eorpach í. Ní bhaineann sé leis an gcuid den aistear ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar luchtú nó díluchtú.

Chun carraeireacht idirnáisiúnta a dhéanamh, ní mór do tharlóir ceadúnas Comhphobail a bheith acu agus, mura náisiúnach de chuid AE an tiománaí, fianú tiománaí freisin.

Ceadúnas Comhphobail

Maidir leis an gceadúnas sin:

  • eisíonn údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta é chuig tarlóir ar bith atá i dteideal iompar idirnáisiúnta earraí a dhéanamh de bhóthar ar fruiliú nó luaíocht;
  • tá sé inathnuaite do thréimhse suas le 10 mbliana;
  • eisítear é in ainm an tarlóra agus tá sé neamh-inaistrithe.

Fianú tiománaí

Maidir le fianú tiománaí:

  • eisíonn údaráis inniúla an Bhallstáit é ina bhfuil an tarlóir ag a bhfuil ceadúnas AE bunaithe a úsáideann nó a fhostaíonn tiománaí sa Bhallstát sin nach náisiúnach AE nó cónaitheoir fadtéarmach é/í;
  • tá sé bailí do thréimhse suas le 5 bliana.

Mura sásaítear na coinníollacha seo, féadfaidh na húdaráis chéanna diúltú d’iarratas ar eisiúint nó athnuachan ceadúnais nó ar eisiúint fianaithe. Mura sásaíonn an sealbhóir ar cheadúnas Comhphobail nó fianú tiománaí na coinníollacha a thuilleadh nó má tá faisnéis mhíchearta tugtha acu, déantar an ceadúnas nó an fianú a aisghairm.

Oibríochtaí cabatáiste

Le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 forchuirtear rialacháin dhochta ar oibríochtaí cabatáiste, go háirithe:

  • tarlóir ar bith ar fruiliú nó ar luaíocht, ag bhfuil ceadúnas Comhphobail agus a bhfuil fianú tiománaí ag an tiománaí, más rud é nach náisiúnach AE iad, i dteideal oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh i mBallstát (seachas an ceann ina bhfuil sé bunaithe) ar bhonn sealadach i ndiaidh oibríocht idirnáisiúnta isteach sa tír sin;
  • i ndiaidh na hearraí a bhaineann leis an gcarraeireacht idirnáisiúnta a sheachadadh, tá 7 lá ag na tarlóirí inar féidir leo suas le 3 oibríocht cabatáiste a dhéanamh;
  • féadfar 3 oibríocht chabatáiste a dhéanamh freisin in aon Bhallstát eile i ndiaidh iompar idirnáisiúnta, le teorainn 1 oibríocht in aghaidh na tíre.

Níl feidhm ag na rialacháin thuas ach más féidir leis an tarlóir cruthúnas a thabhairt ar iompar idirnáisiúnta earraí isteach sa Bhallstát lena mbaineann, chomh maith le cruthúnas ar gach oibríocht chabatáiste as a chéile a rinneadh.

Tá oibríochtaí cabatáiste faoi réir ag reachtaíocht náisiúnta sa Bhallstát óstach maidir leo seo a leanas:

  • na coinníollacha a rialaíonn an conradh iompair;
  • meáchain agus tomhais feithiclí bóthair;
  • riachtanais maidir le carraeireacht chatagóirí áirithe d’earraí, ach go háirithe earraí contúirteacha, earraí bia meatacha agus ainmhithe beo;
  • am tiomána agus tréimhsí sosa;
  • cháin bhreisluacha ar sheirbhísí iompair.

Baineann na rialacha thuas le tarlóirí neamhchónaitheacha agus le tarlóirí atá bunaithe sa Bhallstát óstach araon.

Sáruithe

sháraíonn tarlóir reachtaíocht AE um iompar ar bhóthar:

  • féadfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstáit bunaíochta le rabhadh a eisiúint nó pionóis riaracháin a ghearradh, ar nós an ceadúnas Comhphobail a aisghairm;
  • más tarlóir neamhchónaitheach é an tarlóir, cuirfidh an Ballstát inar tharla an sárú an t-údarás inniúil i dtír bhunaíochta an tarlóra ar an eolas faoin sárú agus faoi na pionóis a forchuireadh.

Ní mór gach sárú tromchúiseach a thaifeadadh i gclár leictreonach náisiúnta na gcuideachtaí iompraíocht de bhóthar.

Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1055

I measc na bpríomhathruithe a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 le Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 2020/1055 tá:

  • go mbeidh na ceanglais a bhaineann le rochtain ar an ngairm éigeantach d’oibreoirí a úsáideann feithiclí tráchtála éadroma in iompar idirnáisiúnta, is é sin:
    • mótarfheithiclí nó comhcheangal feithiclí a cheaptar go heisiach chun earraí a iompar,
    • ag a bhfuil mais ualaithe incheadaithe de níos mó ná 2,5 tonna ach nach bhfuil níos mó ná 3,5 tonna;
  • cigireachtaí atá le déanamh ag áitribh na tarlóirí ag údaráis náisiúnta na mBallstát. Ní mór do na húdaráis sin líon íosta seiceálacha ar chabatáiste a eagrú agus dhá sheiceáil cois bóthair chomhbheartaithe ar a laghad a dhéanamh in aghaidh na bliana;
  • idirthréimhse 4 lá le tabhairt isteach, agus roimhe sin ní bhféadfar aon oibríochtaí cabatáiste nua a dhéanamh sa tír chéanna agus leis an bhfeithicil chéanna, chun cabatáiste córasach a chosc;
  • rialacha le tabhairt isteach ag na Ballstáit maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí as neamhchomhlíonadh, sa chás go raibh siad ar an eolas, nó gur chóir go mbeidís ar an eolas, gur sháraigh na seirbhísí iompair a choimisiúnaigh siad an rialachán seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ón 4 Nollaig 2011, seachas Airteagal 8 agus Airteagal 9 (rialacha maidir le cabatáiste), atá i bhfeidhm ón 14 Bealtaine 2010.
  • Beidh feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1055 ón 21 Feabhra 2022.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Oibríocht iompair ar bhóthar: an t-aistear iomlán earraí ar bhóthar chuig a gceannscríbe deiridh.
Cabatáiste: i gcás ina ndéanann tarlóir atá cláraithe i dtír amháin den Aontas iompar náisiúnta i dtír eile den AE.
Iompar earraí: an gníomh lena ndéantar earraí a iompar.
Cuideachtaí caocha: cuideachtaí a bunaíodh a fhéachann le tairbhe a bhaint as bealaí éalaithe sa reachtaíocht agus nach gcuireann aon tseirbhís ar fáil do chliaint iad féin, ach seachas sin soláthraíonn siad éadan le haghaidh seirbhísí a sholáthraíonn a n-úinéirí (An Coimisiún Eorpach in COM(2013) 122 final).
Fruiliú nó luaíocht: an charraeireacht ar íocaíocht, de dhaoine nó earraí, ar son tríú páirtithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lgh. 72-87)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil iompair de bhóthar (IO L 249, 31.7.2020, lgh. 17-32)

Nuashonraithe 19.11.2020

Top