EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht ar bhóithre: Treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-20

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach (COIM(2010) 389 leagan deireanach) – i dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre 2011-2020

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO ÓN GCOIMISIÚN EORPACH?

Cé go ndearnadh dul chun cinn maidir le sábháilteacht ar bhóithre san Aontas Eorpach (AE) Le linn an 3ú clár gníomhaíochta Eorpach ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre, a bhí ar siúl idir 2003 agus 2010, tugann an Coimisiún Eorpach chun suntais nach mór dlús breise a chur le hiarrachtaí chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá sé ina aidhm leis na treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre san Eoraip 2011-2020 creat ginearálta agus cuspóirí dúshlánacha a thabhairt i dtaobh straitéisí náisiúnta agus straitéisí áitiúla a threorú, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Laistigh den chreat ginearálta sin, leagan an Coimisiún béim ar an ngá atá leis an méid seo a leanas:

  • creat comhair a bhunú ar mhalartú an dea-chleachtais ar fud AE;
  • straitéis a ghlacadh i leith gortuithe agus garchabhrach chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá ann líon na ngortuithe ar bhóithre a laghdú;
  • feabhas a chur ar shábháilteacht úsáideoirí soghonta bóithre.

Prionsabail agus sprioc

3 phríomhphrionsabal á leagan amach ag an gCoimisiún:

  • dianiarracht a dhéanamh na caighdeáin sábháilteachta is airde ar bhóithre a bhaint amach ar fud na hEorpa - trí shaoránaigh AE a spreagadh chun an phríomhfhreagracht as a sábháilteacht féin agus sábháilteacht daoine eile ar bhóithre AE a ghlacadh chucu féin, agus trí dhíriú ar fheabhas a chur ar shábháilteacht na n-úsáideoirí soghonta bóithre;
  • cur chuige comhtháite maidir le sábháilteacht ar bhóithre - trí chomhar le réimsí beartais AE eile, amhail fuinneamh, an comhshaol, oideachas, nuálaíocht agus teicneolaíocht, agus an ceartas.
  • prionsabal na coimhdeachta, na comhréireachta agus na freagrachta comhroinnte - trí choincheap na freagrachta comhroinnte, trí thiomantas agus trí ghníomhaíochtaí praiticiúla, ar gach leibhéal, idir thíortha AE agus a n-údaráis agus chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla.

Tar éis an chláir gníomhaíochta Eorpaigh ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre 2003-10, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún coinneáil leis an sprioc i dtaobh líon iomlán na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath in AE idir 2010 agus 2020. Léirítear leis an méid sin tiomantas soiléir AE do shábháilteacht ar bhóithre, agus trí chomhchuspóir a bheith ag na tíortha tá sé i gceist leibhéal níos aonfhoirmí sábháilteachta ar bhóithre a bheith ag saoránaigh AE in AE. Spreagann an Coimisiún tíortha AE aonair chun cuidiú leis an gcomhsprioc sin a bhaint amach trína gcuid straitéisí náisiúnta féin um shábháilteacht ar bhóithre.

Le linn an chomhairliúcháin phoiblí i leith na dtreoshuíomhanna beartas sin, a bhí ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2009, moladh sprioc i dtaobh drochghortuithe ar bhóithre a laghdú. Nuair a bheidh sainmhíniú coiteann ann ar “drochghortuithe”, tá an Coimisiún chun “comhsprioc um laghdú gortuithe” a chur leis na treoshuíomhanna beartas sin maidir le sábháilteacht ar bhóithre go dtí 2020.

Cuspóirí straitéiseacha

Tá 7 gcuspóir sainaitheanta ag an gCoimisiún Eorpach, dá mbeartófar gníomhaíochtaí ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon:

  • feabhas a chur ar oideachas agus oiliúint úsáideoirí bóithre - ní mór cáilíocht an chórais ceadúnaithe agus oiliúna a fheabhsú, agus béim a chur ar thiománaithe ógaBeidh an Coimisiún ag obair le tíortha AE chun forbairt a dhéanamh ar chomhstraitéis oideachais agus oiliúna um shábháilteacht ar bhóithre, lena n-áireofar foghlaim réamhthiomána, an tástáil i gcomhair ceadúnas tiomána, agus oiliúint tar éis ceadúnas a fháil;
  • cur le forfheidhmiú na rialacha bóithre - beidh an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ag obair as lámha a chéile chun malartú faisnéise trasteorann a bhunú i réimse na sábháilteachta ar bhóithre. Beidh an Coimisiún ag obair freisin i dtreo comhstraitéis forfheidhmithe um shábháilteacht ar bhóithre, ina mbainfear leas as feachtais forfheidhmithe, cuspóirí forfheidhmithe náisiúnta, agus teicneolaíocht feithiclí chun cuidiú leis an bhforfheidhmiú, lena n-áirítear féidearthachtaí i dtaobh teorantóirí luais i bhfeithiclí tráchtála éadroma agus feistí comhghlasála i gcás alcóil;
  • bonneagar bóithre níos sábháilte - áiritheoidh an Coimisiún nach ndeonófar cistí AE ach do bhonneagar a chomhlíonann ceanglais sábháilteachta AE. Ina theannta sin, cothóidh an Coimisiún cur i bhfeidhm phrionsabail ábhartha na bainistíochta sábháilte ar an ngréasán bóithre den dara grád i dtíortha AE, go háirithe trí mhalartú an dea-chleachtais.
  • feithiclí níos sábháilte - chomh maith le leanúint ar aghaidh ag spreagadh dul chun cinn i dtaobh sábháilteacht feithiclí, déanfaidh an Coimisiún measúnú agus moltaí i ndáil le gníomhaíochtaí i réimse chomhchuibhiú agus neartú forchéimnitheach reachtaíocht AE ar thástálacha ródacmhainneachta agus ar chigireachtaí teicniúla cois bóthair;
  • úsáid na teicneolaíochta nua-aoisí a chur chun cinn d'fhonn cur le sábháilteacht ar bhóithre - leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh á chur chun cinn go n-úsáidfí Córais Chliste Iompair chun feabhas a chur ar shábháilteacht tráchta ar bhóithre. Feabhsófar éifeachtacht agus luas na tarrthála trí ghlacadh na seirbhíse Eorpaí in-fheithicle um ghlaonna éigeandála, “eCall”;
  • feabhas a chur ar sheirbhísí éigeandála agus seirbhísí iarghortuithe - molfaidh an Coimisiún go mbunófar straitéis dhomhanda gníomhaíochta ar ghortuithe agus ar gharchabhair ar bhóithre. Go háirithe, scrúdóidh an Coimisiún na bealaí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na hidirghabhála garchabhrach agus na láimhseála iarchúraim d'fhonn tionchar tionóiscí bóthair a laghdú.
  • úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint - beidh an Coimisiún ag obair chun feabhas a chur ar shábháilteacht na ngluaisrothaithe, agus é ag dul i ngleic le hiompraíocht mar aon le sábháilteacht feithiclí agus bhonneagair. Spreagfaidh sé freisin go mbunófaí bonneagair leordhóthanacha chun rothaithe agus úsáideoirí soghonta bóithre eile a fhágáil níos sábháilte.

Cur chun feidhme threoshuíomhanna beartas na hEorpa maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-20

Trí chomhoibriú oscailte idir tíortha AE agus an Coimisiún, éascaítear do chur chun feidhme bheartas AE um shábháilteacht ar bhóithre. I gcomhthreo leis sin, tá pleananna náisiúnta um shábháilteacht ar bhóithre ag tíortha AE lena n-áirítear cuspóirí sonracha náisiúnta a bhaineann lena gcás ar leith féin.

Féachfaidh an Coimisiún le feabhas a chur ar na huirlisí atá ann cheana i gcomhair sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, amhail CARE, an bunachar sonraí AE maidir le tionóiscí bóthair a bunaíodh i gcomhréir le Treoir 93/704/CE ón gComhairle, mar aon leis an bhFaireachlann Eorpach um Shábháilteacht ar Bhóithre (ERSO), a chuireann sonraí agus eolas um shábháilteacht ar bhóithre ar an leibhéal Eorpach ar fáil don phobal ar an Idirlíon.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Sábháilteacht ar bhóithre ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - I dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre: treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020 (COIM(2010) 389 leagan deireanach, an 20 Iúil 2010)

Nuashonraithe 09.05.2016

Top