EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Slándáil na heitlíochta sibhialta: Rialacha ar fud AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar síos leis rialacha comhchoiteanna agus comhchaighdeáin bhunúsacha maidir le slándáil na heitlíochta agus maidir leis na nósanna imeachta chun monatóireacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.
  • Tá feidhm aige maidir le gach aerfort sibhialta in AE, chomh maith le haeriompróirí agus daoine nó gnólachtaí eile a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí chuig na haerfoirt sin nó trí na haerfoirt sin.
  • Tagann sé in ionad Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 a glacadh i ndiaidh theagmhais an 11 Meán Fómhair 2001 lenar bunaíodh rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhchaighdeáin bhunúsacha maidir leis an eitlíocht shibhialta a chosaint

Áirítear ar na caighdeáin sin, mar shampla:

  • scagadh paisinéirí agus bagáiste cábáin chun nach n–iomprófar earraí toirmiscthe amhail airm agus pléascáin ar bord aerárthaí;
  • scagtar an bagáiste seiceáilte isteach (bagáiste a sheiceálann paisinéirí isteach) roimh lódáil chomh maith;
  • slándáil aerfoirt (e.g. rochtain rialaithe ar limistéir éagsúla aerfort, scagadh na foirne, seiceáil feithiclí chomh maith le faireachán agus patróil chun cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe dul isteach sna limistéir sin);
  • cosaint an aerárthaigh agus seiceálacha nó cuardach slándála aerárthaigh roimh imeacht lena áirithiú nach bhfuil earraí toirmiscthe ar bith ar bord;
  • rialuithe slándála le haghaidh lasta agus poist sula ndéanfar é a lódáil ar an aerárthach;
  • rialuithe slándála do sholáthairtí aerfoirt (i.e. soláthairtí atá beartaithe lena ndíol i siopaí saor ó dhleacht agus i mbialanna) agus soláthairtí eitilte (e.g. bia agus deoch do phaisinéirí);
  • earcaíocht agus oiliúint foirne;
  • feidhmíocht trealamh slándála (i.e. go gcloíonn an trealamh a úsáidtear do scagadh agus rialuithe rochtana le sonraíochtaí sainithe agus go bhfuiltear ábalta na rialuithe slándála lena mbaineann a fheidhmiú leis).

I mí na Samhna 2015, ghlac an Coimisiún Eorpach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998. Leagtar síos leis bearta mionsonraithe maidir leis na caighdeáin slándála sin a chur chun feidhme agus aisghairtear leis rialachán roimhe sin (Rialachán (AE) Uimh. 185/2010), rialachán a leasaíodh os cionn 20 uair. Ó glacadh é, rinneadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a leasú roinnt uaireanta chomh maith.

Athraítear leis na leasuithe an liosta de thíortha nach tíortha de AE iad a n–aithnítear go bhfuil caighdeáin atá comhionann le caighdeáin AE á gcur i bhfeidhm acu, agus tugtar isteach rialacha nua leo maidir le:

  • slándáil aerfoirt;
  • slándáil aerárthaí;
  • scagadh leachtanna, aerasól agus glóthach, bagáiste seiceáilte isteach, lasta agus poist, soláthairtí eitilte;
  • earcaíocht agus oiliúint foirne;
  • trealamh slándála;
  • seiceálacha cúlra chun cultúr agus athléimneacht na slándála a threisiú;
  • caighdeáin feidhmíochta;
  • úsáid trealaimh bhraite chun pléascairí a aithint i mbróga agus chun gala pléascacha a aithint.

Oibleagáidí ar thíortha AE agus ar aerfoirt agus ar oibreoirí

Ní mór do thíortha AE:

  • údarás inniúil aonair a ainmniú a bheidh freagrach as slándáil eitlíochta;
  • clár náisiúnta um shlándáil eitlíochta sibhialta a bhunú chun freagrachtaí maidir le cur chun feidhme na gcomhchaighdeán bunúsach a shainiú;
  • clár náisiúnta um rialú cáilíochta a bhunú chun cáilíocht na slándála eitlíochta sibhialta a sheiceáil.

Ní mór d’aerfoirt, aeriompróirí agus eintitis:

  • clár slándála a shainiú agus a chur chun feidhme;
  • rialú cáilíochta inmheánaí a chinntiú.

Cigireachtaí an Choimisiúin

Déanann an Coimisiún cigireachtaí i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta lena n–áirítear cigireachtaí gan fógra ar aerfoirt, ar aeriompróirí agus ar dhaoine nó ar ghnólachtaí ábhartha eile. Ní mór don údarás náisiúnta easnaimh ar bith a cheartú. Tá na húdaráis náisiúnta freagrach as rialú príomhúil cáilíochta agus cur chun feidhme, agus dá réir sin ní mór dóibh iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh ar aerfoirt, ar aeriompróirí agus ar dhaoine nó ar ghnólachtaí ábhartha eile.

Aitheantas ar chaighdeáin choibhéiseacha um shlándáil eitlíochta le tíortha neamh-AE

Féadfaidh AE a aithint go bhfuil caighdeáin shlándáil eitlíochta tíortha neamh-AE comhionann le caighdeáin AE d’fhonn córas “slándála aon bhirt” a cheadú. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nach mbeadh ar phaisinéirí ag teacht isteach go haerfoirt AE agus ag aistriú go ceann scríbe eile dul faoi athscagadh a thuilleadh. Bheadh agaí naisc níos gaiste, costais níos ísle agus áisiúlacht níos fearr do thaistealaithe mar thoradh air sin. Tá “slándáil aon bhirt” ar cheann na cuspóirí le reachtaíocht AE maidir le slándáil eitlíochta.

Tuarascálacha maidir le cur chun feidhme

Gach bliain, foilsíonn an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 300/2008. Foilsíodh an tuarascáil is déanaí, a bhaineann le 2017, in 2019.

Paindéim COVID-19

  • Le paindéim COVID-19 cuirtear srian mór ar chumas thíortha AE agus AE ina iomláine slabhra soláthair isteach atá éifeachtach agus éifeachtúil a choimeád. Tá tábhacht bhunúsach straitéiseach le seirbhísí lasta leanúnacha gan bhriseadh don Aontas agus tá ról bunúsach acu maidir le hearraí riachtanacha a sheachadadh, lena n–áirítear cógais, trealamh leighis, substaintí agus tráchtearraí eile.
  • Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910, dá réir sin, leasaítear Rialachán (AE) 2015/1998 maidir le hathainmniú aerlínte, oibreoirí agus eintiteas a sholáthraíonn rialuithe slándála maidir le lasta agus post a thagann as tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, chomh maith le ceanglais rialála áirithe a chur siar.
  • Rinneadh an Iarscríbhinn le Rialachán (AE) 2015/1998 a leasú chun tosca a chur san áireamh amhail tionchar na paindéime ar fheidhmíocht suiteálacha ar an láithreáin, seiceálacha agus cuairteanna, agus an gá atá le bearta práinneacha a ghlacadh lena mbunófar an bonn dlí iomchuí chun próiseas malartach brostaithe a chur chun feidhme le haghaidh bhailíochtú shlándáil eitlíochta AE maidir le hoibreoirí an tslabhra soláthair lena mbaineann isteach in AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 28 Aibreán 2010

Tá feidhm leis na hairteagail seo a leanas ón 29 Aibreán 2008:

  • Airteagal 4(2), Airteagal 4(3), Airteagal 4(4), a bhaineann siad uile le caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna seachas na cinn a bhaineann leis an eitlíocht shibhialta a chosaint ar ghníomhartha chur isteach neamhdhleathaigh;
  • Airteagal 8 maidir le comhar leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta;
  • Airteagal 11(2): sonraíochtaí maidir le cláir náisiúnta um rialú cáilíochta;
  • Airteagal 15(1), an dara fomhír: cigireachtaí gan fógra arna ndéanamh ag an gCoimisiún;
  • Airteagal 17: Grúpa Comhairleach na nGeallsealbhóirí;
  • Airteagal 19: Nós imeachta coiste; agus
  • Airteagal 21: pionóis.

CÚLRA

Le haghaidh tuileadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir leis na rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lgh. 72-84)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 an 30 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/103 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1583 maidir le hathainmniú aerlínte, oibreoirí agus eintiteas a sholáthraíonn rialuithe slándála maidir le lasta agus post a thagann as tríú tíortha, chomh maith le ceanglais rialála áirithe a chur siar sa réimse maidir le cibearshlándáil, seiceálacha cúlra, caighdeáin um threalamh córas braite pléascán, agus trealamh braite rianta pléascán mar gheall ar phaindéim COVID-19 (IOL 208, 1.7.2020, lghlgh. 43-47)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 ina leagtar síos bearta mionsonraithe maidir leis na caighdeáin slándála sin a chur chun feidhme (IO L 299, 14.11.2015, lgh. 1-142)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 72/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos nósanna imeachta chun cigireacht an Choimisiúin a dhéanamh sa réimse um shlándáil eitlíochta (IO L 23, 27.1.2010, lgh. 1-5)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1254/2009 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2009 lena leagtar amach critéir chun cead a thabhairt do thíortha AE maolú ó na comhchaighdeáin bhunúsacha maidir le slándáil eitlíochta agus bearta slándála malartacha a ghlacadh (IO L 338, 19.12.2009, lch. 17)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 272/2009 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2009 lena leagtar síos na bearta mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na gcomhchaighdeán bunúsach um shlándáil eitlíochta atá leagtha síos san Iarscríbhinn le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 91, 3.4.2009, lgh. 7-13)

Féach an leagan comhdhlúite.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — tuarascáil bhliantúil 2017 maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 maidir leis na rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta (COM(2019) 183 final, 16.4.2019)

Nuashonraithe 14.09.2020

Top