Dliteanas úinéirí loinge i gcás tionóiscí
Ní mór leibhéal cuí cúitimh a bheith ag paisinéirí a mbaineann tionóiscí dóibh ar muir mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste a bhaineann dóibh. D'fhonn an méid sin a áirithiú, ní mór socruithe leordhóthanacha árachais a bheith déanta.
GNÍOMH
Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí
ACHOIMRE
Ní mór leibhéal cuí cúitimh a bheith ag paisinéirí a mbaineann tionóiscí dóibh ar muir mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste a bhaineann dóibh. D'fhonn an méid sin a áirithiú, ní mór socruithe leordhóthanacha árachais a bheith déanta.
CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?
Leagtar síos rialacha comhchuibhithe i dtaobh dliteanais agus árachais i gcás cuideachtaí loingseoireachta a iompraíonn paisinéirí ar farraige. Tugtar isteach sa dlí Eorpach leis forálacha Choinbhinsiún na hAithne 1974 maidir le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste de mhuir agus treoirlínte ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Tá feidhm ag an reachtaíocht maidir le gach long atá faoi bhratach thír AE, atá ag taisteal go dtí calafort Eorpach nó ó chalafort Eorpach, nó faoi chonradh Eorpach iompair (i.e. conradh idir an t-iompróir agus a chuid paisinéirí ina sainítear cearta, dualgais agus dliteanais).
-
Tá feidhm ag an reachtaíocht faoi láthair maidir le turais farraige idirnáisiúnta agus intíre araon, ach níl feidhm aici maidir le turais farraige intíre ina bhfuil an long níos lú ná 5 mhíle ón líne chósta.
-
Le dliteanas an oibreora, clúdaítear paisinéirí, a gcuid bagáiste agus feithiclí, mar aon le trealamh gluaiseachta i gcomhair daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.
-
Maidir le díobháil nó damáiste ar teagmhas loingseoireachta is cúis leis (i.e. longbhriseadh, iompú loinge, imbhualadh nó tráchur na loinge, pléascadh nó dóiteán ar an long nó fabht sa long), ní gá do na híospartaigh a chruthú gur locht an iompróra ba chúis leis an tionóisc ionas go ndéanfaí iad a chúiteamh.
-
Ní mór d'oibreoir loinge réamhíocaíocht a dhéanamh chun neasriachtanais eacnamaíocha a chumhdach i gcás paisinéara a mharaítear nó a ghortaítear i dteagmhas loingseoireachta. Ní thugtar le fios leis an íocaíocht sin go n-admhaíonn an chuideachta loingseoireachta dliteanas.
-
Is ionann an réamhíocaíocht íosta maidir le bás paisinéara agus EUR 21 000.
-
Ní mór do chuideachtaí loingseoireachta faisnéis shothuigthe a chur ar fáil do phaisinéirí ar a gcuid ceart.
-
Ní mór an fhaisnéis sin a bheith ar fáil ag gach pointe díola, lena n-áirítear díol a dhéantar le teileafón agus leis an idirlíon, agus ní mór í a chur ar fáil roimh thaistil, nó tráth an taistil ar a dhéanaí.
-
Ní mór don Choimisiún Eorpach, tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta (an 31 Nollaig 2012), tuarascáil a ullmhú maidir le conas a bhfuiltear á cur i bhfeidhm.
-
Féadfaidh rialtais AE cur i bhfeidhm na reachtaíochta a chur siar i gcás longa nach ndéanann ach turais farraige intíre amháin arna gclúdach ag an Rialachán. I gcás soitheach a thaistealaíonn níos lú ná 20 míle amach ón gcósta, is é an 31 Nollaig 2018 ar a dhéanaí an spriocdháta. I gcás gach soitheach eile, is é an 31 Nollaig 2016 an spriocdháta.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
An 29 Bealtaine 2009.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Cearta paisinéirí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
Nuashonraithe 30.09.2015
Top