EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Moltaí a bhaineann le TFC chun cabhrú leis an AE geilleagar ísealcharbóin atá níos tíosaí ar fhuinneamh a chruthú

Tá raon moltaí leagtha amach ag an Choimisiún Eorpach do thionscal na Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) agus do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) chun cabhrú leis an AE geilleagar ísealcharbóin atá níos tíosaí ar fhuinneamh a chruthú.

ACHT

Moladh 2013/105/CE ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2009 maidir le Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide a úsáid chun an t-athrú chuig geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh a éascú.

ACHOIMRE

Tá dhá shraith moltaí curtha le chéile ag an Choimisiún Eorpach, ceann amháin díobh le haghaidh an earnáil TFC agus an ceann eile díobh le haghaidh Bhallstáit an AE, chun cabhrú leis an AE geilleagar ísealcharbóin atá níos tíosaí ar fhuinneamh a chruthú.

Moltaí don earnáil TFC

Féachann an earnáil TFC go foriomlán le laghdú intomhaiste agus infhíoraithe ar dhéine fuinnimh agus ar astaíochtaí carbóin a bhaint amach sna próisis uile a bhaineann le trealamh agus le comhpháirteanna TFC a tháirgeadh, a iompar agus a dhíol.

Féachtar le moladh amháin go n-aithneofaí réitigh TFC san earnáil TFC a chuirfeadh feabhas ar fheidhmíocht chomhshaoil foirgneamh nua nó foirgneamh atá ann cheana féin agus ar fheidhmíocht chomhshaoil chleachtais foirgníochta agus athchóirithe.

Féachtar le moladh eile go n-aithneofaí réitigh TFC san earnáil TFC, i gcomhair leis an earnáil iompair agus an earnáil lóistíochta chun feidhmíocht chomhshaoil agus fhuinnimh na seirbhísí seo a fheabhsú.

Chomh maith leis sin, d'iarr an Coimisiún ar an earnáil TFC teacht ar chomhaontú maidir le comhmhodheolaíochtaí faoi 2010 chun ídiú fuinnimh agus astaíochtaí carbóin a thomhas.

Moltaí do Bhallstáit an AE

I measc nithe eile, d’iarr an Coimisiún ar Bhallstáit an AE réitigh atá bunaithe ar TFC a úsáid chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.

Méadrú cliste

Is féidir le heangacha cliste agus le córais mhéadraithe chliste éifeachtúlacht agus rialú táirgthe a fheabhsú, mar aon le dáileacht agus le hídiú an fhuinnimh. B'éigean do Bhallstáit an AE teacht ar chomhaontú faoi dheireadh 2010 maidir le comhshonraíocht le haghaidh méadraithe chliste, chun eolas níos fearr a sholáthar do thomhaltóirí agus chun cabhrú leo a n-ídiú fuinnimh a bhainistiú. Agus méadrú cliste á úsáid ina gcuid dtithe, mar shampla, d’fhéadfadh tomhaltóirí a n-ídiú fuinnimh a laghdú suas le 10%. Sa bhliain 2012, chuir an Coimisiún fardal de thionscadail eangaí cliste agus méadraithe chliste san Eoraip ar fáil. San fhardal seo tá 281 tionscadal eangaí cliste agus timpeall 90 treoirthionscadal agus tionscadal feidhmithe chéimnigh um méadrú cliste ó 30 tír de chuid na hEorpa.

TFC a úsáid le haghaidh ionsamhlú agus samhaltú fuinnimh

Spreagtar riaracháin phoiblí Bhallstáit an AE ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí TFC le haghaidh ionsamhlú agus samhaltú fuinnimh, lena n-áirítear le linn d’oiliúint a chur ar ghairmithe san earnáil foirgneamh, san earnáil iompair agus san earnáil lóistíochta.

Tugtar moladh eile do Bhallstáit an AE chun an glacadh le teicneolaíocht atá níos tíosaí ar fhuinneamh a spreagadh ach é a bheith ina cuid de chláir um sholáthar poiblí.

Comhthéacs

I mí na Nollag 2008, dheimhnigh an tAontas go bhfuil sé tiomanta d’astaíochtaí carbóin a laghdú 20% faoi 2020. Chuir an ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais tacaíocht le toil an Choimisiúin leanúint de na cuspóirí seo agus geilleagar níos inbhuanaithe a chruthú san fhadtéarma.

Cabhróidh TFCanna go mór leis na cuspóirí seo a bhaint amach toisc go bhfuil ann dóibh i mbeagnach gach cuid den gheilleagar. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaidís cur le táirgiúlacht a mhéadú níos mó ná 40%.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta lena thrasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Moladh 2013/105/CE ón gCoimisiún

-

-

IO L 51 de 23.2.2013

DOICIMÉID TAGARTHA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 12 Márta 2009 maidir le Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFCanna) a úsáid chun an t-athrú chuig geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh a éascú [COM(2009) 111 críochnaithe - Gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Nuashonraithe 05.02.2014

Top