EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhaíocht idirnáisiúnta le cuidiú le tíortha bochta faoi fhiacha troma

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(1999) 518 final) ón gCoimisiún maidir le rannpháirtíocht AE i dtionscnamh um fhaoiseamh fiachais do thíortha bochta faoi fhiacha troma

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Déantar breac-chuntas inti ar an tionscnamh do Thíortha Bochta faoi Fhiacha Troma (HIPC) a thionscain an Banc Domhanda, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus creidiúnaithe iltaobhacha, déthaobhacha agus tráchtála eile, agus tá sé tacaithe go láidir ag an Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is é is cuspóir le tionscnamh HIPC cur chuige cuimsitheach maidir le laghdú an fhiachais a chur ar fáil.
  • Tugtar córas isteach leis an tionscnamh faoinar féidir le tíortha níos boichte iarratas a dhéanamh ar laghdú an fhiachais. Tá sé deartha chun cuidiú leis na tíortha sin nach bhfuil ábalta ualach fiachais inbhuanaithe a bhaint amach trí shásraí traidisiúnta um athsceidealú agus laghdú an fhiachais amháin.
  • Géilleann tíortha a bhfuil laghdú an fhiachais á lorg acu do phróiseas 2 chéim:
  • Chun cáiliú i gcomhair faoiseamh fiachais Chéim 1 ní mór do thíortha:
    • a gcaidreamh le bainc iltaobhacha* a normalú agus teacht ar chomhaontú maidir le riaráistí féideartha;
    • clár um choigeartú agus um athchóiriú atá tacaithe ag CAI agus ag an mBanc Domhanda a ghlacadh agus cuntas teiste cruthaithe maidir lena gcur i bhfeidhm a bhunú; agus
    • straitéis laghdaithe bochtaineachta a ghlacadh.
  • A luaithe is a bhainfear é sin amach, déantar anailís ar an bhfiachas a bheidh fágtha lena chinneadh an bhfuil nó nach bhfuil ceangaltais fiachais seachtraí tíre inbhuanaithe agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil sí i dteideal cúnaimh faoi thionscnamh HIPC. Tugtar an “pointe cinnidh” air sin.
  • Le linn an chéad chéim beidh na tíortha iarrthacha fós i dteideal leas a bhaint as an bhfaoiseamh fiachais “traidisiúnta”, arna chomhaontú le Club Pháras*.
  • Chun “pointe críochnaithe” a bhaint amach faoi Chéim 2, agus leas a bhaint as cúnamh iomlán, ní mór don tír:
    • cuntas teiste eile maidir le feidhmíocht mhaith a bhunú;
    • príomh-athchóirithe beartais struchtúracha a comhaontaíodh a chur chun feidhme;
    • cobhsaíocht airgeadais a choimeád; agus
    • straitéis laghdaithe bochtaineachta ordaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar feadh 1 bhliain amháin ar a laghad.
  • Níl clár ama socraithe ar bith ann maidir leis an 2 chéim a chur i gcrích.
  • In 2005, comhlánaíodh Tionscnamh HIPC leis an Tionscnamh Iltaobhach um Fhaoiseamh Fiachais (MDRI). Cuirtear faoiseamh 100 % ar fáil leis sin ar fhiacha cáilitheacha ó CAI, ón mBanc Domhanda, agus ón gCiste Afracach Forbraíochta (AfDF), do thíortha a bhfuil próiseas thionscnamh HIPC á chomhlánú acu. In 2007, d’fhaomh an Banc Forbartha Idir-Mheiriceánach (IaDB) faoiseamh breise fiachais do HIPCanna sa Leathsféar Thiar.
  • Faoi Dheireadh Fómhair 2016, bhí pacáistí um laghdú an fhiachais faoi thionscnamh HIPC faofa do 36 thír, 30 díobh san Afraic, agus leithdháileadh USD 76 bhilliún i bhfaoiseamh fiachais. Tá trí thír eile i dteideal cúnaimh ó Thionscnamh HIPC faoi láthair.

CÚLRA

  • Seoladh an tionscnamh ag cruinniú mullaigh G7 i Lyon, an Fhrainc i 1996, agus rinneadh é a athbhreithniú agus a neartú i 1999, i ndiaidh chruinniú mullaigh G7 in Cologne, an Ghearmáin.
  • Sa teachtaireacht 1999 seo, dheimhnigh an Coimisiún Eorpach (CE) a thacaíocht don tionscnamh agus gheall sé tabhartais go háirithe do thíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin.
  • Tá dhá ról ag AE, maidir le páirt a ghlacadh mar chreidiúnaí agus mar dheontóir araon, ag soláthar faoiseamh fiachais agus tabhartais dhíreacha.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bainc iltaobhacha: bainc amhail an Banc Domhanda agus CAI agus institiúidí airgeadais réigiúnacha amhail Banc Forbartha na hAfraice.

Club Pháras: grúpa neamhfhoirmiúil de náisiúin chreidiúnaithe a sholáthraíonn faoiseamh fiachais do thíortha i mbéal forbartha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta maidir le rannpháirtíocht an Chomhphobail sa tionscnamh um fhaoiseamh fiachais do thíortha bochta faoi fhiacha troma (HIPC) (COM(1999) 518 final, 26.10.1999)

Nuashonraithe 07.12.2016

Top