EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte AE maidir le hidirphlé um chearta an duine le tíortha nach tíortha AE iad.

ACHOIMRE AR:

Idirphlé um chearta an duine le tíortha nach tíortha AE iad — treoirlínte

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SNA TREOIRLÍNTE SEO?

Bunaítear cur chuige AE iontu maidir le hidirphlé um chearta an duine le tíortha nach tíortha AE iad a lainseáil agus a stiúradh. Tá sé mar aidhm le hidirphlé den sórt sin ceisteanna ar chearta an duine a phríomhshruthú i ngach réimse de bheartas seachtrach AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Bíonn idirphlé um chearta an duine ag AE le os cionn 40 tír nach tíortha AE iad. Baineann cuid den idirphlé le cúrsaí ginearálta bunaithe ar chonarthaí, ar chomhaontuithe agus ar choinbhinsiúin, agus tá cuid de struchtúrtha chun díriú ar chearta an duine amháin. Tá idirphlé ad hoc ann chomh maith lena mbaineann ábhair maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, agus idirphlé i gcomhthéacs caidrimh speisialta atá bunaithe ar dhearcthaí atá ag teacht le chéile a bheag nó a mhór.
  • Sainítear cuspóirí an idirphlé sin cás ar chás. D’fhéadfadh plé agus comhoibriú a bheith i gceist leis na cuspóirí maidir le ceisteanna um chearta an duine in eagraíochtaí ilnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe, nó faisnéis a bhailiú maidir le hábhar is cúram do cheisteanna um chearta an duine agus an t-ábhar is cúram sin a chlárú.
  • Is iad seo a leanas na ceisteanna tosaíochta atá le plé in idirphlé ar chearta an duine: cur chun feidhme ionstraimí idirnáisiúnta um chearta an duine; dul i ngleic leis an bpionós báis, céasadh agus íde eile atá cruálach, agus gach cineál idirdhealaithe; cearta an linbh (go háirithe i gcoinbhleacht armtha); cearta ban; saoirse tuairimí a nochtadh; ról na sochaí sibhialta agus cosaint cosantóirí chearta an duine; comhar idirnáisiúnta sa réimse um cheartas idirnáisiúnta (go háirithe leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta); cur chun cinn an daonlathaithe agus dea-rialachais; agus cosc ar choinbhleacht agus riail an dlí.
  • Is í an Chomhairle a chinneann idirphlé um chearta an duine a thionscnamh le tír nach tír AE í, agus imríonn an Mheitheal um Chearta an Duine (COHOM) ról lárnach. Chun cinneadh a fháil, ní mór ar dtús measúnú a bheith ann, bunaithe ar thuarascálacha maidir le staid chearta an duine sa tír lena mbaineann. Cuirtear roinnt tosca san áireamh sa mheasúnú (e.g. dearcadh na tíre lena mbaineann ar chearta an duine agus ar an tsochaí shibhialta).
  • Cinntear cá háit agus cé chomh minic a bheidh idirphlé ar siúl agus leibhéal na hionadaíochta cás ar chás. De ghnáth ba chóir an t-idirphlé a thionól sa tír lena mbaineann (nó sa Bhruiséil más é an príomhchuspóir ceisteanna comhleasa a phlé nó comhar a neartú) agus ba chóir go mairfeadh siad lá iomlán ar a laghad.
  • Le linn an idirphlé, féadfaidh AE cásanna aonair a chur ar aghaidh chuig an tír nach tír AE í mar aon le hiarratais ar fhreagairt agus ar scaoileadh daoine atá coinnithe. Ag deireadh an idirphlé, féadfaidh AE preaseisiúint a fhoilsiú, go neamhspleách nó i gcomhpháirt leis an tír nach tír AE í lena mbaineann.
  • Ní mór gach idirphlé um chearta an duine le tíortha nach tíortha AE iad a mheasúnú gach dhá bhliain, ag cur san áireamh cé chomh maith is a baineadh na cuspóirí amach. Ní mór scrúdú a dhéanamh chomh maith ar an dul chun cinn atá déanta ar réimsí tosaíochta an idirphlé agus ar a mhéid agus a chuir gníomhaíochtaí AE leis an dul chun cinn sin. Ag brath ar an measúnú, a dhéanann Uachtaránacht AE le cuidiú ón Meitheal um Chearta an Duine, leanfar ar aghaidh leis an idirphlé nó cuirfear deireadh leis.

CÚLRA

Idirphlé AE um chearta an duine

GNÍOMH

Treoirlínte AE maidir le hidirphlé um chearta an duine le tíortha nach tíortha AE iad — Nuashonrú

Nuashonraithe 20.10.2015

Top