EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tOmbudsman Eorpach

ACHOIMRE AR:

Chinneadh 94/262/ECSC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa – rialacháin agus coinníollacha ginearálta a rialaíonn comhlíonadh dhualgas an Ombudsman

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH SEO?

Bunaítear leis na coinníollacha faoina n-oibríonn an tOmbudsman Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Stádas agus ceapachán

  • Tá stádas sonrach dlíthiúil ag an Ombudsman sna conarthaí (Airteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).
  • Toghtar an tOmbudsman ag Parlaimint na hEorpa le haghaidh téarma pharlaimintigh 5 bliana amháin ach is féidir an duine a atoghadh.
  • Gníomhaíonn an tOmbudsman go neamhspleách agus ní ghlacann sé/sí le horduithe ar bith ó aon rialtas ná ó aon eagraíocht eile.
  • Le linn théarma an tsainordaithe, ní féidir le haon phost eile polaitiúil nó riaracháin a bheith ag an Ombudsman, cé acu ar íocaíocht nó gan íocaíocht.

Drochriarachán a chomhrac

Is é príomhról an Ombudsman ná imscrúdú a dhéanamh ar chásanna drochriaracháin ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Aontaigh Eorpaigh (AE).

  • Ní mór d’institiúidí agus do chomhlachtaí AE an fhaisnéis riachtanach go léir a chur ar fáil don Ombudsman agus aon fhaisnéis rúnaicmithea thaispeáint más ann di (rialaítear rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe le rialacha slándála na hinstitiúide nó an chomhlachta i dtrácht, mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001).
  • Féadfaidh tíortha AE faisnéis a chur ar fáil don Ombudsman. Má chumhdaítear an fhaisnéis sin le dlíthe rúndachta, ní féidir leis an Ombudsman an fhaisnéis sin a sceitheadh tuilleadh.
  • Féadfaidh an tOmbudsman gníomhú as a stuaim féin nó tar éis gearán a fháil.

Teorainn údaráis

  • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lasmuigh de raon chumhachta an Ombudsman agus a feidhm bhreithiúnach á cur i bhfeidhm aici.
  • Níl cumhacht ag an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar chásanna drochriaracháin ag rialtais náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla i dtíortha AE.
  • Cásanna a tugadh os comhair na cúirte cheana agus ceisteanna maidir le hiontaofacht chinneadh na cúirte, tá na rudaí seo lasmuigh de shainchúram an Ombudsman freisin.

Gearán a dhéanamh

Ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh nuair a chuirtear gearán isteach chuig an Ombudsman.

  • Ní mór dó a bheith curtha isteach ag saoránach AE, ag duine a bhfuil cónaí air/uirthi i dtír AE nó ag comhlacht amhail eagraíocht neamhrialtasach, fondúireacht nó cuideachta le hoifig chláraithe i dtír AE (daoine dlítheanacha).
  • Ní mór dó a bheith scríofa i gceann amháin de 24 theanga an chonartha.
  • Ní mór dó a bheith bainteach le cás drochriaracháin amháin ag institiúid nó comhlacht AE. Mar shampla, is éard is brí le “drochriarachán” ná mí-úsáid cumhachta, neamhrialtachtaí riaracháin, idirdhealú, srl.
  • Ní mór dó a bheith curtha isteach laistigh de 2 bhliain ón dáta inar thug an gearánach na fíorais faoi deara.
  • Ní mór dó a bheith ina “rogha dheiridh” — sula gcuirtear gearán isteach, ba cheart go ndearna an gearánach bearta ábhartha riaracháin leis an institiúid/na hinstitiúidí i dtrácht.

Féadfar gearán rúnda a ghlaoch air ar iarratas ón ngearánach nó ar thionscnamh an Ombudsman má cheapann an duine sin go bhfuil sé tábhachtach chun leasanna an ghearánaigh nó tríú páirtí a chosaint.

Na chéad chéimeanna eile

  • 1.

    Tar éis don chéad imscrúdú a bheith déanta, má cheapann an tOmbudsman go bhfuil gearán inghlactha ann agus go bhfuil údar fiosrúcháin ann, cuirtear an institiúid nó an comhlacht i dtrácht ar an eolas faoi agus iarrtar orthu tuairim a chur isteach laistigh de theorainn ama sonraithe (níos lú ná 3 mhí de ghnáth).

  • 2.

    Cuireann an tOmbudsman an tuairim sin ar aghaidh chuig an ngearánach, ar féidir leis/léi barúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama sonraithe (níos lú ná 1 mhí de ghnáth).

  • 3.

    Féadfaidh an tOmbudsman tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh. Agus na himscrúduithe déanta, dúnann an tOmbudsman an cás le cinneadh réasúnaithe ina bhfuil barúlacha criticiúla b’fhéidir, agus cuirtear an gearánach ar an eolas chomh maith leis an institiúid agus an comhlacht i dtrácht.

  • 4.

    Féadfaidh an tOmbudsman an cás a dhúnadh le tuarascáil ina bhfuil dréacht-mholtaí don institiúid nó comhlacht i dtrácht. Cuirtear ar aghaidh ansin é chuig an ngearánach agus chuig an institiúid agus an comhlacht i dtrácht. Ní mór don institiúid nó don chomhlacht i dtrácht tuairim mhionsonraithe a chuir chuig an Ombudsman laistigh de 3 mhí, ina bhféadfaí a liostáil, mar shampla, na bearta a úsáideadh chun na dréacht-mholtaí a chur i bhfeidhm.

  • 5.

    Féadfaidh an tOmbudsman cinneadh a dhéanamh chun tuarascáil speisialta a ullmhú do Pharlaimint na hEorpa mura bhfuil an tuairim mhionsonraithe sásúil. Féadfaidh moltaí a bheith sa tuarascáil speisialta sin. Cuirtear ar aghaidh freisin í chuig an ngearánach agus chuig an institiúid nó an comhlacht i dtrácht.

  • 6.

    Le linn an imscrúdaithe, más rud é gur thug an tOmbudsman ábhair dlí choiriúla faoi deara, ní mór dó/di iad seo a leanas a chur ar an eolas láithreach; na húdaráis náisiúnta, institiúid AE atá freagrach as calaois a chomhrac agus, más iomchuí, an institiúid nó an comhlacht AE ina bhfuil an státseirbhíseach nó an gníomhaire i dtrácht ag obair.

  • 7.

    Cuireann an tOmbudsman tuarascáil bhliantúil isteach freisin chuig Parlaimint na hEorpa, a bhfuil cur síos inti maidir lena g(h)níomhaíochtaí, torthaí na n-imscrúduithe san áireamh.

Rialacha cur chun feidhme

Glacadh le forálacha cur chun feidhme an chinnidh seo ag an Ombudsman an 8 Iúil 2002 agus leasaíodh iad go deireanach an 3 Nollaig 2008.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH?

Cuireadh an cinneadh i bhfeidhm an 4 Bealtaine 1994.

CÚLRA

Láithreán Gréasáin an Ombudsman Eorpaigh

GNÍOMH

Cinneadh 94/262/ECSC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta a rialaíonn comhlíonadh dhualgas an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994, lgh. 15-18)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh 94/262/ECSC, EC, Euratom. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lgh. 43-48)

Nuashonraithe 04.02.2016

Top