EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Pláta reachtúil an mhonaróra agus an uimhir aitheantais le haghaidh mótarfheithiclí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 maidir le ceanglais um chineál-cheadú plátaí reachtúla monaróirí agus maidir le huimhir aitheantais feithiclí agus a leantóirí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cineálacha feithiclí lena mbaineann

Tá feidhm ag an rialachán seo maidir le feithiclí catagóir M, N agus O, amhail:

  • mótarfheithiclí a dearadh agus a tógadh chun paisinéirí a iompar agus a bhfuil 4 roth ar a laghad orthu.
  • mótarfheithiclí a dearadh agus a tógadh chun earraí a iompar agus a bhfuil 4 roth ar a laghad orthu.
  • leantóirí (lena n–áirítear leath-leantóirí).

Ceanglais maidir le pláta reachtúil an mhonaróra

Ní mór pláta reachtúil a fheistiú ar gach feithicil nach foláir go mbeidh (ar lánrogha an mhonaróra) siad seo a leanas air:

  • leathán dronuilleogach miotail; nó
  • lipéad dronuilleogach féinghreamaitheach.

Ní mór míreanna áirithe faisnéise a bheith ar phláta reachtúil an mhonaróra, lena n–áirítear:

  • ainm cuideachta an mhonaróra;
  • uimhir chineálcheadaithe na feithicle;
  • an uimhir aitheantais feithicle;
  • na huasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil.

Le Rialachán (AE) Uimh. 249/2012 leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 lena dtugtar isteach an deis do mhonaróirí lipéid fhéinghreamaitheacha a úsáid chun na plátaí reachtúla a dhéanamh.

Ceanglais maidir leis an uimhir aitheantais feithicle

Ní mór don mhonaróir uimhir aitheantais feithicle a ghreamú ar gach feithicil agus a áirithiú gur féidir í a rianú ar feadh 30 bliain. Is éard atá san uimhir aitheantais feithicle:

  • an t–aitheantóra monaróra domhanda (WMI);
  • an tuairisceoir feithicle (VDS);
  • an mhír tuairisceora feithicle (VIS);

Ní mór é a ghreamú in áit inrochtana agus ní mór é a bheith le feiceáil. Ní mór é a stampáil chomh maith ionas nach n–imeoidh sé as radharc faoi ghnáthdhála úsáide na feithicle.

Forálacha i dtaca le cineálcheadú CE

Ní mór do mhonaróir na feithicle iarratas a chur isteach ar chineálcheadú AE chuig an údarás inniúil. Ní mór faisnéis ar leith a bheith san iarratas seo, go háirithe:

  • branda agus cineál na feithicle;
  • an áit a bhfuil pláta reachtach an mhonaróra greamaithe agus an dóigh ar greamaíodh é;
  • an áit a bhfuil an uimhir aitheantais feithicle.

Má mheasann an t–údarás inniúil go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais ar fad maidir le pláta reachtúil an mhonaróra agus an uimhir aitheantais feithicle, ní mór dó cineálcheadú AE a dheonú agus uimhir chineálcheadaithe a eisiúint i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Feabhra 2011.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Pláta reachtach an mhonaróra: pláta nó lipéad, a ghreamaíonn an monaróir ar fheithicil ar a soláthraítear na príomhghnéithe teicniúla is gá chun an fheithicil a aithint agus ar a soláthraítear an fhaisnéis ábhartha maidir le huasmhais ualaithe incheadaithe do na húdaráis inniúla.
Uimhir aitheantais feithicle: cód alfa-uimhriúil arna shannadh ag an monaróir d’fheithicil chun aitheantas cuí gach feithicle a áirithiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 19/2011 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2011 maidir le ceanglais um chineál-cheadú plátaí reachtúla monaróirí agus maidir le huimhir aitheantais feithiclí agus a leantóirí agus lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 8, 12.1.2011, lgh. 1-13)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 02.05.2019

Top