EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córais cuimilte agus nite gaothscátha carranna

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1008/2010 — ceanglais maidir le cineálcheadú le haghaidh córais cuimilte agus nite gaothscátha de chineálacha áirithe mótarfheithiclí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach ann rialacha i dtaobh córais cuimilte* agus nite* gaothscátha ar mhótarfheithiclí.
  • Is é is aidhm leis na ceanglais reatha a chur in oiriúint d’fhorbairtí san eolas eolaíoch agus teicniúil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaítear leis an rialachán ceanglais maidir le cineálcheadú le haghaidh córais cuimilte agus nite gaothscátha ar mhótarfheithiclí. Tá sé ina chuid de chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí.

Cineál feithicle lena mbaineann

Baineann an rialachán seo le feithiclí i gcatagóir M1, i.e. feithiclí arna ndearadh agus arna dtógáil chun paisinéirí a iompar, a bhfuil suíocháin iontu do 8 bpaisinéir ar a mhéid de bhreis ar an tiománaí.

Ceanglais i dtaobh córais cuimilte agus nite gaothscátha

Ní mór do mhonaróirí mótarfheithiclí a fheistiú leo seo a leanas:

  • cuimilteoirí gaothscátha ar géaga cuimilteora atá iontu. Ní mór 2 shocrú minicíochta scuabtha ar a laghad a bheith ar an gcóras cuimilte gaothscátha. Ní mór 98 % de réimse radhairc A agus 80 % de réimse radhairc B ar a laghad a chuimsiú leis an réimse cuimilteora gaothscátha (tá sainmhíniú ar na réimsí sin i mír 2.2 agus 2.4 faoi seach d’Iarscríbhinn 18 de Rialachán Uimh. 43 ó UNECE);
  • córas nite chun sreabhán a spraeáil ar spriocréimse an ghaothscátha gan aon sceitheadh, gan díscor aon fheadánra ná gan mífheidhm aon bhuinne. Ní mór don chóras sin sreabhán imleor a sheachadadh chun 60 % ar a laghad de réimse radhairc A a ghlanadh.

Bunaítear leis an rialachán freisin nósanna imeachta tástála chun comhlíontacht gléasanna a sheiceáil.

Iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú AE

Ní mór do mhonaróir na feithicle iarratas ar chineálcheadú a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. Tá 2 rogha ag an monaróir:

  • iarratas ar chineálcheadú a chur isteach le haghaidh gach cineáil feithicle i leith a córas cuimilte agus nite gaothscátha; nó
  • iarratas ar chineálcheadú, mar aonad teicniúil, a chur isteach le haghaidh cineál áirithe córas nite gaothscátha.

Is gá an fhaisnéis seo a leanas a bheith san iarratas chuig an AE:

  • déantús agus cineál na feithicle;
  • cur síos teicniúil mionsonraithe ar an gcóras cuimilte agus nite;
  • cur síos ar mhodh feidhme na gcóras cuimilte agus nite.

Má mheasann an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais ar fad maidir le córais cuimilte agus nite gaothscátha, ceadaíonn sé cineálcheadú AE agus eisíonn sé uimhir chineálcheadaithe de réir Threoir 2007/46/CE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 30 Samhain 2010.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Córas cuimilte gaothscátha: córas chun an aghaidh lasmuigh de ghaothscáth a chuimilt.

Córas nite gaothscátha: córas chun sreabhán a stóráil, a aistriú agus a dhíriú ar an aghaidh lasmuigh den ghaothscáth.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialacháin (AE) Uimh. 1008/2010 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 maidir le ceanglais um chineál-cheadú le haghaidh córais cuimilte agus nite gaothscátha ar mhótarfheithiclí áirithe agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 292, 10.11.2010, lgh. 2-20)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2010 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí agus maidir le ceadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leith a cheaptar le haghaidh feithiclí dá leithéid (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 27.10.2016

Top