EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Struchtúir chosanta i gcás iompaithe do tharracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí

Is leagan códaithe de Threoir 77/536/CE an treoir seo, agus is cuid í de chomhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí a cheadú chun an margadh inmheánach a chomhdhlúthú.

ACHT

Treoir 2009/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir chosanta i gcás iompaithe do tharracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE).

ACHOIMRE

Leagtar síos sa treoir seo na saintreoracha teicniúla a bhaineann le tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta de chineálacha áirithe a dhearadh agus a thógáil, i ndáil le struchtúir chosanta i gcás iompaithe, faoi nós imeachta cineálcheadaithe an Chomhphobail Eorpaigh (CE).

Cén saghas feithicle lena mbaineann an treoir?

Baineann an treoir seo le tarracóirí lena mbaineann na saintréithe seo a leanas:

  • glanspás de 1000 mm nó níos lú faoin chúlacastóir;
  • rianleithead seasta nó insocraithe acastóir tiomána de 1150 mm nó níos mó;
  • ar féidir gléas cúplála ilphointe a chur leo le haghaidh uirlisí inbhainte agus barra tharraingthe;
  • mais idir 1.5 agus 6 thonna.

Ní mór struchtúr cosanta i gcás iompaithe (cábán nó fráma sábhála) a bheith ag na tarracóirí go léir lena mbaineann. Áirítear leis na struchtúir seo struchtúir a ceapadh le rioscaí don tiománaí a sheachaint nó a theorannú a tharlaíonn nuair a iompaíonn tarracóir agus é in úsáid. Ní mór saorspás a bheith taobh istigh de na struchtúir, saorspás atá mór go leor chun an tiománaí a chosaint toisc nach féidir leis nó léi bogadh mórán sa suíochán.

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le cineálcheadú comhpháirte CE?

Bíonn ar mhonaróir an tarracóra nó an struchtúir chosanta iarratas a chur isteach ar chineálcheadú comhpháirte CE le húdarú a fháil chun an fheithicil a chur ar an mhargadh. Ní mór na nithe seo a leanas, ach go háirithe, a sheoladh isteach in éineacht le hiarratas ar cheadú: líníocht agus grianghraf den struchtúr cosanta, agus cur síos air.

A luaithe is a cheadaítear struchtúr cosanta, ní mór na comharthaí seo a leanas a chur air:

  • trádmharc nó ainm trádála;
  • comhartha chineálcheadú comhpháirte.

Ní ceadmhach do na Ballstáit cosc a chur ar fheithicil a chur ar an mhargadh, feithicil a bhfuil comhartha chineálcheadú comhpháirte ar a struchtúr cosanta, ach amháin sa chás nach gcloíonn an fheithicil leis na coinníollacha riachtanacha.

Aisghairtear Treoir 77/536/CEE le Treoir 2009/57/CE agus aisghairfear an treoir seo le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 le héifeachtacht ón 1 Eanáir 2016.

TAGAIRTÍ

Act

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2009/57/CE

23.10.2009

-

IO L 261, 3.10.2009, lch. 1-39

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2013/15/AE

1.7.2013

1.7.2013

IO L 158, 10.6.2013, lch. 172-183

Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014

Top