EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2017/1001 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis rialacha agus coinníollacha ar fud AE chun trádmharc de chuid AE a dheonú.

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 agus an iliomad leasuithe a rinneadh air a chódú leis agus cuirtear in ionad an Rialacháin sin é.

PRÍOMHPHOINTÍ

Trádmharc de chuid AE

Féadfaidh aon duine nó cuideachta, lena n–áirítear údaráis a bhunaítear faoin dlí poiblí, trádmharc de chuid AE a fháil trí chlárú.

D’fhéadfaí aon chomharthaí a chuimsiú ann, go háirithe focail (lena n–áirítear ainmneacha pearsanta), dearaí, litreacha, uimhreacha agus cruth earraí nó a bpacáistíocht, ar an gcoinníoll go mbeidh comharthaí den sórt sin in ann:

  • idirdhealú a dhéanamh idir earraí nó seirbhísí gnó amháin ó chinn a bhaineann le gnó eile; agus
  • a bheith cláraithe ar chlár na dtrádmharcanna ar dhóigh a bhfágfaidh go mbeidh a fhios ag an bpobal agus ag na húdaráis go beacht cén t–ábhar atá á chosaint.

Cearta úinéara

Deonaíonn sé cearta eisiacha ar an úinéir, lena gcuirtear cosc ar thríú páirtithe aon cheann díobh seo a leanas a úsáid chun críche tráchtála:

  • aon chomhartha arb ionann é agus trádmharc de chuid AE maidir le hearraí nó seirbhísí, arb ionann iad agus na hearraí agus seirbhísí a bhfuil trádmharc de chuid AE cláraithe leo;
  • aon chomhartha i gcás ina bhfuil dóchúlacht míthuisceana le trádmharc eile;
  • aon chomhartha atá comhionann le trádmharc de chuid AE, nó atá cosúil leis, maidir le hearraí agus seirbhísí nach bhfuil cosúil leo sin a bhfuil trádmharc de chuid AE cláraithe ina leith, i gcás ina mbaineann úsáid na comhartha sin leas as dea-cháil agus saincháilíocht an trádmhairc.

Mar sin féin, féadfaidh úinéir thrádmharc de chuid AE gan cosc a chur ar thríú páirtithe iad seo a leanas a úsáid chun críche tráchtála:

  • ainm agus seoladh a n–úinéara féin;
  • sonraí maidir le saintréithe earraí nó seirbhísí amhail cineál, cáilíocht nó cainníocht;
  • an trádmharc nuair atá sé riachtanach chun aidhm bheartaithe táirge nó seirbhíse a chur in iúl, amhail gabhálais nó páirteanna spártha.

Cur i bhfeidhm

Ní mór d’iarratasóirí iarratas a chomhdú ar thrádmharc de chuid AE le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO).

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith san iarratas:

  • iarratas ar chlárú thrádmharc de chuid AE,
  • faisnéis ina gcuirtear an t-iarratasóir in aithne,
  • liosta de na hearraí agus na seirbhísí a bhfuil an clárú iarrtha ina leith,
  • léiriú den trádmharc.

Ní mór d’iarratasóirí táille iarratais a íoc freisin. Ní mór an táille iarratais a íoc laistigh de 1 mhí amháin ón dáta comhdaithe — an dáta ar a comhdaíodh na doiciméid le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.

Clárú

  • Chomh luath is a bheidh an t–iarratas comhdaithe, déanfaidh EUIPO imscrúdú ar cibé an gcomhlíonann sé na coinníollacha go léir maidir le trádmharc de chuid AE a dheonú nó nach gcomhlíonann.
  • Ar fhoilsiú an iarratais beidh deis ag tríú páirtithe atá i gcoinne dheonú an trádmhairc sin a dhéanamh, bunaithe ar chearta níos túisce, in imeachtaí freasúra.
  • Má chomhlíonann an t–iarratas na critéir riachtanacha go léir agus nach gcuirtear aon fhreasúra isteach nó nach nglactar le haon fhreasúra, ansin foilsítear clárú an trádmhairc.

Fad agus athnuachan

  • Bíonn trádmharc de chuid AE cláraithe ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a chomhdaítear an t–iarratas.
  • Is féidir an clárú a athnuachan ar feadh tréimhse breise 10 mbliana. Ní mór an t–iarratas ar athnuachan a chomhdú 6 mhí roimh dheireadh bhailíocht an chlárúcháin.

Forghéilleadh, cúlghairm agus neamhbhailíocht

Féadfar trádmharc de chuid AE a fhorghéilleadh maidir le roinnt de na hearraí nó seirbhísí a bhfuil sé cláraithe ina leith nó iad ar fad. Féadfar cearta an úinéara a chúlghairm freisin sna cásanna seo a leanas:

  • ní raibh an trádmharc faoi réir fíorúsáide* in AE le 5 bliana anuas;
  • tá an trádmharc ina ainm coitianta ar tháirge nó ar sheirbhís anois;
  • d’fhéadfadh an trádmharc dallamullóg a chur ar an bpobal maidir le cineál, cáilíocht nó bunús tíreolaíoch na n–earraí nó na seirbhísí.

Bunaítear forais neamhbhailíóchta maidir leis an trádmharc chomh maith leis an rialachán. Áirítear leis na forais sin, mar shampla, cásanna inar ghníomhaigh an t–iarratasóir de mheon mímhacánta agus é nó í ag comhdú an iarratais ar thrádmharc.

Cómharcanna AE

Nuair a chomhdaítear iarratas ar chlárú, is féidir trádmharc AE a ainmniú mar chómharc. Tá údarás acu seo a leanas cómharcanna AE a chomhdú — comhlachais díobh seo:

  • monaróirí
  • táirgeoirí
  • soláthróirí seirbhísí
  • trádálaithe
  • daoine dlítheanacha arna rialú leis an dlí poiblí.

Marcanna deimhniúcháin AE

Is féidir freisin trádmharc AE a ainmniú mar mharc deimhniúcháin. Deimhníonn úinéir mairc den sórt sin ábhar, modh monaraithe earraí nó feidhmiú seirbhísí, cáilíocht, cruinneas nó saintréithe eile (gan tiosncnamh geografach a áireamh) na n–earraí agus na seirbhísí deimhnithe.

Caingean dlí

Tá feidhm le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 i gcás imeachtaí a bhaineann le trádmharcanna agus iarratais ar thrádmharcanna AE, mar aon le caingne comhuaineacha agus comhleantacha ar bhonn trádmharcanna AE agus trádmharcanna náisiúnta.

Ní mór do thíortha AE “cúirteanna trádmhairc AE” a ainmniú. Tá dlínse eisiach ag na cúirteanna sin i ngach díospóid a bhaineann le sárú agus bailíocht thrádmharcanna AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Deireadh Fómhair 2017.

CÚLRA

Tagann Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh in ionad na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach ón 23 Márta 2016 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2424 lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 agus cuireadh Rialachán (AE) 2017/1001 in ionad an dá rialachán sin.

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Fíorúsáid: má chláraíonn comhlacht trádmharc AE, má úsáideann sé é ar feadh tamaill agus ansin má stopann sé dá úsáid ar feadh tréimhse leanúnach 5 bliana, féadfar an trádmharc a chúlghairm. Is é is cúis leis sin nach bhfuil aon luach i gcosaint a thabhairt do thrádmharcanna mura bhfuiltear á n–úsáid, agus níl aon leas ann cosc a chur ar chomhlacht eile, a bhféadfaí fonn dlisteanach bheith air an marc a úsáid, ó sin a dhéanamh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lgh. 1-99)

Nuashonraithe 13.02.2018

Top