EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartais luacha saothair san earnáil seirbhísí airgeadais

 

ACHOIMRE AR:

Moladh 2009/384/CE — beartais luacha saothair san earnáil seirbhísí airgeadais

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

Leagtar amach ann na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le cleachtais luacha saothair san earnáil seirbhísí airgeadais a bhfuil sé mar aidhm leo tógáil rioscaí iomarcacha a sheachaint, go háirithe ag bainc agus gnóthais infheistíochta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an moladh seo maidir le:

  • cuideachtaí airgeadais a bhfuil a n-oifig chláraithe nó a gceannoifig acu i gcríoch thír AE;
  • luach saothair na gcatagóirí foirne sin a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na cuideachta.

Ní feidhm ag an moladh maidir le táillí agus coimisiúin a fhaigheann idirghabhálaithe agus soláthraithe seirbhíse seachtracha i gcás gníomhaíochtaí eisfhoinsithe.

Beartas luacha saothair

  • Ba cheart do bheartas luacha saothair a bheith i gcomhréir le straitéis ghnó, cuspóirí, luachanna agus leasanna fadtéarmacha na cuideachta airgeadais, amhail ionchais fáis inbhuanaithe nó cosaint cliant agus infheisteoirí le linn na seirbhísí a sholáthraítear.
  • Ba cheart don bheartas luacha saothair a bheith mar thoradh ar chothromaíocht idir comhpháirteanna seasta agus athraitheacha. Ba cheart don chomhpháirt sheasta a bheith ina chion sách ard d’iomlán an luacha saothair lena mbeidh an gnóthas ábalta beartas bónas lán-solúbtha a oibriú.
  • Ba cheart struchtúr an bheartais luacha saothair a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta ionas go mbeidh sé ag teacht le forbairt na cuideachta.
  • I gcás go mbaineann an luach saothair le feidhmíocht, ba cheart é a mheasúnú de réir na rioscaí atá ann anois nó na rioscaí a bheidh ann amach anseo gan cur san áireamh chostas an chaipitil a úsáidtear agus an leachtacht a theastaíonn a fhágáil ar lár.
  • Ba cheart do na nósanna imeachta a bheith soiléir, doiciméadaithe agus trédhearcach go hinmheánach.
  • Ba cheart don bhord maoirseachta prionsabail ghinearálta bheartas luacha saothair an ghnóthais airgeadais a bhunú agus a bheith freagrach as a chur chun feidhme.
  • Ba cheart d’fheidhmeanna rialaithe, ranna acmhainní daonna agus saineolaithe seachtracha a bheith bainteach le dearadh an bheartais luacha saothair chomh maith.
  • Ba cheart don bheartas luacha saothair, ar bhonn bliantúil ar a laghad, a bheith faoi réir athbhreithniú inmheánach láir agus neamhspleách ag feidhmeanna rialaithe le haghaidh comhlíonadh beartas agus nósanna imeachta arna sainiú ag an mbord maoirseachta.

Nochtadh

Ba cheart don ghnóthas faisnéis maidir leis an mbeartas luacha saothair a nochtadh i bhfoirm ráitis neamhspleách nó nochta thréimhsiúil agus ba cheart an méid seo a leanas a bheith liostaithe ann:

  • faisnéis maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta lena sainítear an beartas luacha saothair a roghnaíodh;
  • faisnéis faoin nasc idir pá agus feidhmíocht;
  • critéir maidir le tomhas feidhmíochta;
  • na critéir feidhmíochta ar a bhfuil an teidlíochtaí i leith scaireanna, roghanna nó comhpháirteanna athraitheacha an luacha saothair bunaithe;
  • na príomhpharaiméadair agus an réasúnaíocht le haghaidh scéim bónas bliantúil ar bith agus sochair neamh-airgid ar bith eile.

Maoirseacht

Ba cheart do na húdaráis inniúla gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanamh, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

  • méid na cuideachta;
  • cineál a gníomhaíochtaí;
  • castacht a gníomhaíochtaí.

Ina theannta sin, ba cheart do chuideachtaí airgeadais ráiteas a sheoladh chuig na húdaráis inniúla ina léirítear an leibhéal comhlíonta maidir leis na prionsabail atá luaite thuas maidir le beartas luacha saothair.

CÚLRA

De bharr cleachtais luacha saothair san earnáil airgeadais, go háirithe i mbainc agus i ngnólachtaí infheistíochta, tá rioscaí iomarcacha á dtógáil. Chuir na cleachtais sin, go pointe airithe, leis na caillteanais shuntasacha a tharla do ghnóthais mhóra airgeadais agus bhí siad freagrach i bpáirt as géarchéim airgeadais Dheireadh Fómhair 2008. Cuireadh plean i láthair sa teachtaireacht “Téarnamh na hEorpa a chur chun cinn”, a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach in earrach 2009, a raibh sé mar aidhm leis córas seasta agus iontaofa airgeadais a athbhunú agus a choimeád. Bhí an moladh seo maidir le beartais luacha saothair ina chuid den straitéis a moladh sa phlean.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh 2009/384/CE ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2009 maidir le beartais luacha saothair san earnáil airgeadais (IO L 120, 15.5.2009, lgh. 22-27)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí infheistíochta do ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 1-337)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338-436)

Féach an leagan comhdhlúite.

Teachtaireacht i gcomhair Chomhairle Eorpach an Earraigh — Téarnamh na hEorpa a chur chun cinn — Imleabhar 1 (COM(2009) 114 leagan deireanach, 4.3.2009)

Nuashonraithe 31.07.2018

Top