EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ríomhchláir — cosaint dhlíthiúil

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/24/CE — cosaint dhlíthiúil ríomhchlár

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi soiléireacht a dhéanamh ar chosaint dhlíthiúil ríomhchlár agus deireadh a chur leis na difríochtaí inti i dtíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh (AE) chun cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánacha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an gcosaint dá bhforáiltear sa treoir seo maidir le:

  • slonn ríomhchláir i bhfoirm ar bith, ach ní na smaointe agus na prionsabail is bonn le ríomhchlár nó le heilimintí ar bith de;
  • ríomhchlár arb é an bun-ríomhchlár é sa chiall gurb ionann é agus cruthú intleachtúil an údair féin;
  • ríomhchláir a chruthaíodh roimh an 1 Eanáir 1993, gan dochar do ghníomhartha ar bith a cuireadh i gcrích nó cearta ar bith a fuarthas roimh an dáta sin.

Údarthacht

  • Is é údar ríomhchláir an duine nó grúpa daoine a chruthaigh an clár nó, sa chás go gceadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta é, duine dlítheanach, i.e. cuideachta nó eintiteas dlítheanach eile.
  • Má bhíonn roinnt daoine páirteach i gclár a chruthú, beidh na cearta eisiacha sealbhaithe i gcomhpháirt ag na daoine sin.
  • Má cruthaíonn fostaí ríomhchlár le linn a chuid nó a cuid dualgas nó le linn leanúint le treoracha óna fhostóir nó óna fostóir, beidh na cearta eacnamaíocha a bhaineann leis an ríomhchlár ag an bhfostóir amháin.

Cearta eisiacha an tsealbhóra ceart

Féadfaidh an sealbhóir ceart ríomhchláir iad seo a leanas a dhéanamh, nó údarú a thabhairt do dhaoine eile iad seo a leanas a dhéanamh:

  • an clár, nó cuid de, a atáirgeadh ar bhonn buan nó ar bhonn sealadach;
  • an clár a aistriú, a oiriúnú, a eagrú agus athrú ar bith eile a dhéanamh air;
  • an clár a dháileadh.

Teorainneacha na gceart eisiach sin (níl gá ar bith le húdarú a fháil ón sealbhóir ceart roimh ré)

  • Féadfaidh faighteoir dleathach cláir an clár a atáirgeadh, a aistriú, a oiriúnú nó a athrú, nuair is gá d’fhonn an clár a úsáid i gcomhréir leis an gcuspóir dá bhfuil sé beartaithe.
  • Féadfaidh duine a bhfuil an ceart aige nó aici úsáid a bhaint as an ríomhchlár cóip chúltaca a dhéanamh a mhéid is gá sin don úsáid sin.
  • Féadfaidh an duine sin breathnú ar fheidhmiú an chláir, staidéar a dhéanamh air nó é a thástáil chun na smaointe agus na prionsabail is bonn le heilimint ar bith den chlár a oibriú amach.

Díthiomsú *

Ní theastaíonn údarú roimh ré ón sealbhóir ceart sa chás go bhfuil atáirgeadh an chóid agus aistriú a foirme riachtanach chun faisnéis a theastaíonn chun idir-inoibritheacht* ríomhchláir úir le cláir eile a bhaint amach.

Tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

  • is é an ceadúnaí nó duine eile ag a bhfuil ceart cóip de chlár a úsáid a dhéanann na gníomhartha sin;
  • ní raibh an fhaisnéis maidir le hidir-inoibritheacht ar fáil go héasca roimhe seo;
  • tá na gníomhartha sin teoranta do chodanna an bhunchláir is gá chun idir-inoibritheacht a bhaint amach.

Bearta speisialta um chosaint

Ní mór do thíortha AE bearta a dhéanamh i gcoinne daoine ar bith a dhéanann ceann ar bith díobh seo a leanas:

  • cóip sháraitheach de ríomhchlár a scaipeadh;
  • bheith i seilbh cóip sháraitheach cláir chun críche tráchtála;
  • modhanna ar bith a scaipeadh nó a bheith ina seilbh, arb é a t-aon aidhm gaireas cosanta teicniúil ar bith a bhaint nó a sheachaint gan údarú, chun críche tráchtála.

Féadfar cóip sháraitheach de ríomhchlár a ghabháil i gcomhréir le dlíthe náisiúnta thíortha AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2009. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1992, an dáta atá léirithe i dTreoir 91/250/CEE atá códaithe le Treoir 2009/24/CE.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Díthiomsú: cód cláir a thiontú ina theanga ríomhchlarúcháin ardleibhéil is féidir le duine a léamh.

Idir-inoibritheacht: cumas córais nó táirge oibriú le córais nó táirgí eile gan gá a bheith le gníomh ar bith eile ar thaobh an tomhaltóra.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dhlíthiúil ríomhchlár (Leagan códaithe) (IO L 111, 5.5.2009, lgh. 16-22)

Nuashonraithe 23.01.2017

Top