EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Féachtar leis gníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a rialú d’fhonn infheisteoirí agus margaí airgeadais na hEorpa a chosaint ar rioscaí an mhíchleachtais.
  • Is é an cuspóir atá leis neamhspleáchas agus sláine an phróisis rátála creidmheasa a ráthú agus cáilíocht na rátálacha arna n–eisiúint a fheabhsú.
  • Leagtar síos leis na coinníollacha chun rátálacha creidmheasa a eisiúint agus na rialacha a bhaineann le heagrú agus le hiompar gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, lena n–áirítear a bpáirtithe leasmhara agus a mbaill, chun na nithe seo a leanas a chur chun cinn:
    • neamhspleáchas na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa;
    • coinbhleachtaí leasa a sheachaint; agus
    • cosaint níos fearr do chustaiméirí agus d’infheisteoirí.
  • Ó leasaíodh an rialachán le Rialachán (AE) 2017/2402 (Urrúsú níos simplí, níos trédhearcaí agus níos caighdeánaithe) maidir le comhrialacha don urrúsú*, leagtar síos leis chomh maith oibleagáidí d’eisitheoirí agus do tríú páirtithe gaolmhara arna mbunú in AE, i leith ionstraimí um urrúsúchán. Úsáidtear na focail “ionstraimí um urrúsúchán” i Rialachán (AE) 2017/2402 in ionad na bhfocal “ionstraimí struchtúrtha” a bhí sa bhunrialachán.

PRÍOMHPHOINTÍ

Clárú, rialacha iompair agus maoirseachta

Le bheith cláraithe in AE, ní mór do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa::

  • coinbhleachtaí leasa a sheachaint: mar shampla, ní dhéanfaidh anailísithe rátála creidmheasa eagraíocht ina bhfuil sealúchas acu a rátáil;
  • cáilíocht a rátálacha agus a modhanna rátála a áirithiú;
  • leibhéal ard trédhearcachta a áirithiú: mar shampla, trí thuarascáil bhliantúil ar thrédhearcacht a fhoilsiú.

Ó Iúil 2011 i leith, is é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) atá freagrach as gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chlárú agus tá cumhachtaí maoirseachta eisiacha i ndáil le gníomhaireachtaí den sórt sin aige.

Róbhrath ar rátálacha creidmheasa

  • Leasaíodh an rialachán le Treoir 2013/14/AE faoina lena éileamh ar institiúidí airgeadais agus ar infheisteoirí a meastóireacht féin ar rioscaí creidmheasa a dhéanamh, agus gan a bheith ag brath go heisiach ná go huathoibríoch ar rátálacha seachtracha d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa eagraíochta nó ionstraime airgeadais.

Rátálacha maidir le fiachas ceannasach thíortha an Aontais Eorpaigh

  • Ní mór do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa sceideal a bhunú lena léireofar na dátaí ar a ndéanfaidh siad tíortha AE a rátáil; déanfar na tíortha sin a rátáil gach 6 mhí ar a laghad.
  • D’fhonn míshocraíocht sa mhargadh a sheachaint, ní fhéadfar rátálacha a fhoilsiú ach go dtí go ndúnfar stocmhalartáin AE, agus 1 uair an chloig ar a laghad roimh athoscailt na stocmhalartán.
  • Ní mór na fíricí agus na toimhdí a bhaineann le gach rátáil a chur in iúl d’infheisteoirí agus do thíortha AE.

Freagracht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa

  • Féadfar gníomhaireacht rátála creidmheasa a chur faoi dhliteanas má sháraíonn an ghníomhaireacht an rialachán, bíodh sin d’aon ghnó nó le mórfhaillí, rud a dhéanann díobháil d’infheisteoir nó d’eisitheoir.

Neamhspleáchas agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint

  • Le riail rothlúcháin, ceanglaítear ar eisitheoirí ionstraimí casta um urrúsúchán gníomhaireachtaí a mhalartú gach 4 bliana.
  • Ní mór do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa cásanna a nochtadh ina bhfuil 5% nó níos mó de chaipiteal nó de chearta vótála na gníomhaireachta ag scairshealbhóir mar aon le 5% nó níos mó d’eagraíocht atá á rátáil ag an ngníomhaireacht sin. I gcás ina bhfuil an dá shealúchas sin cothrom le 10% nó os a chionn, ní bheidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa sin incháilithe chun an t–eintiteas sin a rátáil.
  • Ní féidir 5% nó níos mó de chaipiteal nó de chearta vótála a shealbhú i mbreis agus gníomhaireacht rátála creidmheasa amháin, ach amháin sa chás ina mbaineann na gníomhaireachtaí sin leis an ngrúpa céanna.

Foilsíonn an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí na rátálacha uile atá ar fáil ar ardán rátála Eorpach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis ón 7 Nollaig 2009 seachas rialacha a bhaineann leis na rudaí seo a leanas:

  • tagairtí do rátáil chreidmheasa i réamheolairí (Airteagal 4(1)) a bhfuil feidhm leo ón 7 Nollaig 2010; agus
  • gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bunaíodh i dtíortha neamh-AE (Airteagal 4(3) pointe (f), (g) agus (h), a bhfuil feidhm leo ón 7 Meitheamh 2011.

CÚLRA

Tá rialachán AE maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar cheann de na tionscnaimh ar ghlac AE leo mar fhreagairt do na gealltanais a rinneadh ag Cruinniú Mullaigh G20 in Washington i Samhain 2008.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Urrúsú: idirbhearta lena gcuirtear ar chumas iasachtóra nó tionscnóra sócmhainní eile — mar shampla, institiúid creidmheasa — sraith iasachtaí/sócmhainní (e.g. morgáistí, léasanna ar charr, iasachtaí tomhaltóirí, cártaí creidmheasa) a athmhaoiniú trína dtiontú ina n–urrúis. Socraíonn an t–iasachtóir nó an tionscnóir punann dá iasachtaí agus iad roinnte i gcatagóir éagsúla de réir riachtanais riosca agus luaíochta na n–infheisteoirí. Gintear brabús do na hinfheisteoirí trí shreafaí airgid na mbuniasachtaí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lgh. 1-31)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le huirlisí malartacha ar rátálacha creidmheasa seachtracha, staid mhargadh na rátálacha creidmheasa, iomaíocht agus rialú in earnáil na rátálacha creidmheasa, staid mhargadh na n–ionstraimí airgeadais struchtúrtha agus maidir leis an bhféidearthacht a bhaineann le Gníomhaireacht Rátála Creidmheasa Eorpach a bhunú (COM(2016) 664 críochnaitheach, 19.10.2016)

Rialachán Tarmligthe (CE) 2015/1 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála don tuairisciú tréimhsiúil ar tháillí arna ngearradh ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar mhaithe le maoirseoireacht leanúnach ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (IO L 2, 6.1.2015, lgh. 1-23)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh chur i láthair na faisnéise a chuirfidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar fáil don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (IO L 2, 6.1.2015, lgh. 24-56)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir lena fhéideartha a bheidh líonra de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa níos lú (COM(2014), 248 críochnaitheach, 5.5.2014)

Treoir 2013/14/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 lena leasaítear Treoir 2003/41/CE maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor gairme, Treoir 2009/65/CE maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus Treoir 2011/61/AE maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha i ndáil le róbhrath ar rátálacha creidmheasa (IO L 145, 31.05.2013, lgh. 1-3)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 946/2012 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2012 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha nós imeachta i ndáil le fíneálacha arna ngearradh ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, lena n–áirítear rialacha maidir le cearta na cosanta agus le forálacha ama (IO L 282, 16.10.2012, lgh. 23-26)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 447/2012 ón gCoimisiún an 21 Márta 2012 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos chun comhlíonadh modheolaíochtaí rátála creidmheasa a mheas (IO L 140, 30.5.2012, lgh. 14-16)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 449/2012 ón gCoimisiún an 21 Márta 2012 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le faisnéis chun gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chlárú agus a dheimhniú (IO L 140, 30.5.2012, lgh. 32-52)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 272/2012 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2012 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na táillí arna ngearradh ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 90, 28.3.2012, lgh. 6-10)

Nuashonraithe 09.04.2019

Top