EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Eití a bhaint de shiorcanna

 

ACHOIMRE:

Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord árthaí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar chuspóir leis toirmeasc a chur ar theascadh eití siorc, cleachtas trína mbaintear eití siorca agus trína n–aischuirtear fuílleach an tsiorca san fharraige.
  • Leasaíodh an rialachán le Rialachán (AE) Uimh. 605/2013 chun díolúintí ón toirmeasc a bhaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le:

  • gach árthach iascaireachta a fheidhmíonn in uiscí AE;
  • árthaí AE a fheidhmíonn lasmuigh de na huiscí farraige sin atá faoi dhlínse thíortha AE.

Cuirtear toirmeasc leis ar na rudaí seo a leanas:

  • eití siorcanna* a bhaint ar bord árthaí agus iad a choinneáil ar bord, trasloingsiú* nó a thabhairt i dtír;
  • eití siorcanna a baineadh ar bord, a coinníodh ar bord, a trasloingsíodh nó a tugadh i dtír de shárú ar an rialachán, a cheannach nó a dhíol.

Tá feidhm ag an rialachán maidir leis an tacsón Elasmobranchii (lena n–áirítear siorcanna, sciataí, roic agus speicis chomhchosúla), ach amháin eití roc a bhaint.

Coinníollacha

D’fhonn stóráil ar bord a éascú, féadfar gearradh trí eití i bpáirt agus iad a filleadh i gcoinne an chonablaigh, ach níor chóir iad a bhaint ón gconablach sula dtabharfar i dtír iad.

Tuairisciú

Faoin rialachán seo, ní mór don tír a bhfuil dlínse aici ar na huiscí ina bhfuil an t–árthach ag iascaireacht, i gcomhréir le córas AE um rialú ar iascach, tuarascáil bhliantúil maidir le comhlíonadh an rialacháin a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach, agus ní mór na rudaí seo a leanas a chuimsiú sa tuarascáil:

  • líon na siorcanna a tugadh i dtír;
  • líon na n–iniúchtaí a rinneadh agus an dáta agus an áit ina ndearnadh iad;
  • líon agus cineál na gcásanna neamhchomhlíonta a braitheadh, lena n–áirítear aitheantas iomlán an árthaigh (nó na hárthaí) lena mbaineann agus an pionós a gearradh ar gach cás neamhchomhlíonta; agus
  • Líon iomlán na ngabhálacha de réir na speiceas (meáchan/líon) agus de réir an chalafoirt.

D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil maidir le feidhmiú an rialacháin in 2016, i ndiaidh na leasuithe a cuireadh i bhfeidhm air in 2013, agus maidir leis na forbairtí idirnáisiúnta sa réimse seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 2 Meán Fómhair 2003.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Eití siorcanna: aon eite siorca lena n–áirítear eití an eireabaill, ach ní áirítear eití brollaigh roc, atá ina gcomhchuid d’eití roc.
Trasloingsiú: aistriú gabhála ó bhád iascaireachta níos lú go ceann níos mó a chuireann isteach i mbaisc níos mó ansin é lena loingsiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1185/2003 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord árthaí (IO L 167, 4.7.2003, lgh. 1-3)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord árthaí, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 605/2013, agus maidir leis na forbairtí idirnáisiúnta sa réimse seo (COM(2016) 207 final, 15.4.2016)

Nuashonraithe 20.09.2019

Top