EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosantóirí Chearta an Duine — tacaíocht AE

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 2 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH AGUS LEIS NA TREOIRLÍNTE UM CHOSANTÓIRÍ CHEARTA AN DUINE?

  • Sonraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil AE fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reatha agus an mheasa ar chearta an duine.
  • Bunaítear leis na treoirlínte cur chuige AE maidir le tacaíocht a thabhairt do chosantóirí chearta an duine agus iad a chosaint* i dtíortha neamh-AE, d’fhonn cur ar a gcumas oibriú gan aon bhac.
  • I gcomhthéacs oibriúcháin, tá feidhm ag na treoirlínte sin laistigh de chomhthéacs an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES).

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas na gnéithe is tábhachtaí de na treoirlínte:

  • Taidhleoirí ag misin AE* tiocfaidh siad le chéile go rialta le cosantóirí chearta an duine, tabharfaidh siad cuairt ar ghníomhaithe faoi choinneáil, déanfaidh siad faireachán ar a dtrialacha agus tacóidh siad lena gcosaint.
  • an Mheitheal -um an Chomhairle maidir le Cearta an Duine (COHOM) chun cásanna a aithint ina n-iarrtar ar AE idirghabháil a dhéanamh ar bhonn na dtuarascálacha ó Chinn Mhisin AE (HoMs), na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.
  • Beidh cruinnithe ag Oifigigh Ardchéime AE (e.g. Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála) le cosantóirí chearta an duine mar chuid dá gcuairteanna ar thíortha neamh AE.
  • Áireofar cás chosantóirí chearta an duine san agallamh polaitiúil le tíortha neamh_AE agus le heagraíochtaí réigiúnacha.
  • Cuirfidh Cinn na Misean i gcuimhne do na húdaráis i dtíortha neamh AEan fhreagracht atá orthu cosantóirí chearta an duine atá i gcontúirt a chosaint.
  • Comhoibreoidh AE go dlúth le tíortha neamh-AE a bhfuil beartais acu freisinchun cosantóirí chearta an duine a chosaint, agus oibreoidh siad le sásraí chearta an duine de chuid eagraíochtaí réigiúnacha eile, amhail Aontais na hAfraice, Eagraíocht na Stát Aontaithe agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.
  • Déanfaidh AE neartú na sásraí réigiúnacha atá ann cheana a chur chun cinn chomh maith le cinn nua a chruthú chun cosantóirí chearta an duine a chosaint.
  • Tá tiomantas AE maidir le tacaíocht a thabhairt do chosantóirí chearta an duine comhlánaithe ag an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Cearta an Duine (EIDHR), ina soláthraítear cúnamh airgeadais d’eagraíochtaí a sholáthraíonn tacaíocht do ghníomhaithe chearta an duine.

CÚLRA

Tá ról tábhachtach ag cosantóirí chearta an duine maidir le:

  • foréigean a dhoiciméadú;
  • tacaíocht dhlíthiúil, shíceolaíoch, leighis agus tacaíocht eile a sholáthar d’íospartaigh ar sáraíodh a gcearta daonna;
  • dul i ngleic leo siúd gan baol pionóis atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine; agus
  • feasacht a spreagadh maidir le cearta an duine agus a gcosantóirí ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta.

Mar sin féin, déantar ionsaithe agus bagairtí go minic ar chosantóirí chearta an duine, agus is sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach a sábháilteacht agus a gcosaint a chinntiú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉAMAÍ

Cosantóirí chearta an duine: Daoine aonair, grúpaí nó eagraíochtaí a chuireann chun cinn agus a chosnaíonn cearta an duine atá aitheanta go huilechoiteann ar mhodh síochánta, is iad sin cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, lena n áirítear cearta daoine aonair ar dhaoine dúchasacha iad.
Misin AE: ambasáidí agus consalachtaí thíortha AE agus toscairí AE.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 2 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 17)

Cosaint a chinntiú – Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, Comhairle an Aontais Eorpaigh (Gnóthaí Eachtracha), 2008

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim airgeadais maidir leis an daonlathas agus ceart an duine ar fud an domhain (IO L 77, 15.3.2014, lgh. 85-94).

Nuashonraithe 28.07.2017

Top