Help Print this page 

Summaries of EU Legislation

Title and reference
An Chairt um Chearta Bunúsacha

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Multilingual display
Text

An Chairt um Chearta Bunúsacha

 

ACHOIMRE AR:

Cairt um Chearta Bunúsacha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCAIRT?

Déantar raon cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta shaoránaigh agus chónaitheoirí AE a chuimsiú i ndlí an Aontais Eorpaigh (AE) léi.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ábhar

Athdhaingnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), ag féachaint go cuí d’inniúlachtaí agus do chúraimí AE agus do phrionsabal na coimhdeachta, na cearta mar a leanann siad, go háirithe, as na traidisiúin bhunreachtúla agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta is coiteann do thíortha AE, as an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, as na Cairteacha Sóisialta arna nglacadh ag AE agus ag an gComhairle Eorpach agus as cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaigh um Chearta an Duine. Trí chearta bunúsacha a dhéanamh níos soiléire agus níos infheicthe, cruthaítear cinnteacht dhlíthiúil laistigh de AE.

Sa Chairt um Chearta Bunúsacha gheofar réamhrá agus 54 Airteagal, agus iad grúpáilte i seacht gcaibidil:

  • Caibidil I: dínit (dínit an duine, an ceart chun na beatha, an ceart chun sláine an duine, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar sclábhaíocht agus ar obair éigeantais);
  • Caibidil II: saoirsí (an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, an ceart chun pósadh agus teaghlach a bhunú, saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, saoirse cainte agus saoirse faisnéise, saoirse comhthionóil agus comhlachais, saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí, an ceart chun oideachais, saor-rogha gairme agus an ceart chun gabháil i mbun oibre, saoirse chun gnó a dhéanamh, an ceart chun maoine, an ceart chun tearmainn, cosaint i gcás aistriú, ionnarbadh nó eiseachadadh);
  • Caibidil III: comhionannas (comhionannas faoin dlí, neamh-idirdhealú, éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teangacha, comhionannas idir fir agus mná, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, imeascadh daoine faoi mhíchumas);
  • Caibidil IV: dlúthpháirtíocht (ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle laistigh den ghnóthas, ceart chun cómhargála agus chun caingne, ceart rochtana ar sheirbhísí socrúcháin, cosaint i gcás dífhostú gan údar maith, dálaí oibre cothrom agus cóir, cosc ar fhostú páistí agus cosaint do dhaoine óga ag an obair, saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil, slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta, cúram sláinte, rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, caomhnú an chomhshaoil, cosaint tomhaltóirí);
  • Caibidil V: cearta saoránach (an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin chuig Parlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin chathracha, an ceart chun dea-riaracháin, ceart rochtana ar dhoiciméid, an tOmbudsman Eorpach, ceart achainí, saoirse gluaiseachta agus cónaithe, cosaint taidhleoireachta agus chonsalach);
  • Caibidil VI: ceartas (an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosanta, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionós, an ceart gan a bheith curtha ar triail ná pionósaithe faoi dhó in imeachtaí coiriúla as an gcion coiriúil céanna);
  • Caibidil VII: forálacha ginearálta.

Raon

Baineann an chairt leis na hinstitiúidí Eorpacha, faoi réir phrionsabal na coimhdeachta, agus ní ceadmhach dóibh i gcúinsí ar bith na cumhachtaí agus na tascanna a bhronn na conarthaí orthu a leathnú. Baineann an chairt le tíortha an AE chomh maith nuair a chuireann siad dlí AE chun feidhme.

Má tá aon cheann de na cearta ar comhréir le cearta arna ráthú ag an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine 1950, beidh brí agus raon na gceart sin díreach mar a sainítear iad ag an gcoinbhinsiún, cé gur féidir le dlí AE foráil a dhéanamh le haghaidh cosaint níos leithne. Ní mór ceart ar bith a thagann de chomhthraidisiúin bhunreachtúla thíortha an AE a léirmhíniú de réir na dtraidisiún sin.

Tuarascálacha bliantúla

Gach bliain ó 2010 i leith, foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil bhliantúil. Déantar monatóireacht leis sin ar chur chun feidhme na cairte.

CÚLRA

  • I 1999, chinn an Chomhairle Eorpach gur cheart na cearta bunúsacha is infheidhme ar leibhéal AE a chomhdhlúthú i gcairt chun iad a dhéanamh níos infheicthe.
  • Rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an Chairt a fhógairt go foirmiúil i Nice i mí na Nollag 2000.
  • Thug AE ceangailteacht dhlíthiúil don Chairt nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, i mí na Nollag 2009 agus tá an stádas dlíthiúil céanna léi anois agus atá le conarthaí AE.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 389-405)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tuarascáil 2015 maidir le Cur chun Feidhme Chairt um Chearta Bunúsacha AE (COM(2016) 265 final, 18.5.2016)

Nuashonraithe 17.10.2016

Top