EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha AE maidir le cionta sceimhlitheoireachta agus pionóis ghaolmhara

Ceanglaítear sa chinneadh réime (2002/475/JHA) agus sa chinneadh leasaitheach (2008/919/JHA) ar thíortha AE a reachtaíocht a ailíniú agus pionóis íosta a thabhairt isteach maidir le cionta sceimhlitheoireachta. Tugtar sainmhíniú sna cinntí ar chionta sceimhlitheoireachta, agus ar chionta a bhaineann le grúpaí nó cionta sceimhlitheoireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, agus leagtar síos rialacha iontu lena dtrasuí i dtíortha AE.

GNÍOMH

Cinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

ACHOIMRE

Ceanglaítear sa chinneadh réime (2002/475/JHA) agus sa chinneadh leasaitheach (2008/919/JHA) ar thíortha AE a reachtaíocht a ailíniú agus pionóis íosta a thabhairt isteach maidir le cionta sceimhlitheoireachta. Tugtar sainmhíniú sna cinntí ar chionta sceimhlitheoireachta, agus ar chionta a bhaineann le grúpaí nó cionta sceimhlitheoireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, agus leagtar síos rialacha iontu lena dtrasuí i dtíortha AE.

CAD A DHÉANTAR SNA CINNTÍ RÉIME SEO?

Tugtar sainmhíniú sna cinntí ar:

coincheap cion sceimhlitheoireachta mar mheascán de:

gnéithe oibiachtúla (marú, gortuithe coirp, gabháil giall, sracadh, ionsaithe a dhéanamh, bagairt a dhéanamh ceann ar bith den mhéid thuas a dhéanamh, srl.);

gnéithe suibiachtúla (gníomhartha a dhéantar chun imeagla tromchúiseach a chur ar dhaonra, struchtúir thíre nó eagraíocht idirnáisiúnta a dhíchobhsú nó a scriosadh, nó ag tabhairt ar rialtas staonadh ó ghníomhartha a fheidhmiú);

grúpa sceimhlitheoireachta mar ghrúpa struchtúrtha beirt nó níos mó, a bhunaítear thar thréimhse ama agus a ghníomhaíonn as lámha a chéile chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

Ceanglaítear iontu chomh maith ar gach tír AE:

coir a dhéanamh de ghníomhartha ullmhúcháin mar chionta atá nasctha le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta. Áirítear ar shamplaí gríosú poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, earcaíocht agus oiliúint do sceimhlitheoireacht, agus goid, sracadh nó brionnú chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh;

coir a dhéanamh de ghríosú nó de chabhrú agus neartú, chomh maith le hiarraidh a thabhairt cineálacha éagsúla ciona a dhéanamh;

dliteanas coiriúil a bhunú do dhaoine dlíthiúla agus rialacha agus tairseacha a leagan síos maidir le pionóis agus smachtbhannaí;

dlínse a bhunú maidir le cionta sceimhlitheoireachta sa chás go ndéantar an cion ar a críoch nó ar bord árthaigh nó aerárthaigh ar a bhfuil a bratach ar foluain;

dlínse a bhunú, más duine dá náisiúnach nó dá cónaithe atá sa chiontóir, má dhéantar an cion chun tairbhe aonáin dhlíthiúil a bunaíodh ina críoch, má dhéantar an cion in éadan mhuintir nó institiúidí thír AE, nó in éadan institiúid AE atá bunaithe sa tír sin;

dlínse a bhunú i gcásanna go ndiúltaíonn sí duine atá faoi amhras cion sceimhlitheoireachta nó a rinne cion sceimhlitheoireachta a thabhairt ar láimh nó a eiseachadadh;

comhar le tíortha AE eile agus cibé tír a ghlacfaidh dlínse nuair atá iltíortha bainteach i gcás faoi leith a chinneadh;

bearta a ghlacadh chun cúnamh cuí a chinntiú do theaghlaigh íobartach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ina thuarascáil de Mheán Fómhair 2014 maidir le cur i bhfeidhm chinneadh réime 2008, sonraíonn an Coimisiún Eorpach gur ghlac formhór thíortha AE (seachas Éire agus an Ghréig) bearta chun coir a dhéanamh de chionta úra a tugadh isteach maidir le gríosú poiblí, earcaíocht agus oiliúint sa sceimhlitheoireacht.

Tá roinnt ceisteanna oscailte ann fós maidir leis an dóigh a rachaidh cur i bhfeidhm an Chinnidh Réime seo i ndlíthe náisiúnta thíortha AE i gcion ar “ghríosú neamhdhíreach” agus ar choir a dhéanamh de ghníomhartha a dhéanann “gníomhaithe aonair”* mar a deirtear leo**. Thug an Coimisiún Eorpach cuireadh do thíortha AE, áfach, chun ceisteanna a shoiléiriú, rud a chuirfidh ar a chumas a mheasúnú a chur i gcrích.

Cuireadh béim sa tuarascáil ar an ngá le cur chuige níos cuimsithí maidir le forfheidhmiú an dlí chun díriú ar chosc a chur ar radacú agus earcaíocht don sceimhlitheoireacht.

Spreagtar tíortha AE sa tuarascáil chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beart um dlí coiriúil maidir leis an sceimhlitheoireacht, ag cur cosaint ceart bunúsach san áireamh go cuí.

Tá forbhreathnú níos mionsonraithe maidir leis na bearta trasuí i dtíortha AE i ndoiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin, a eisíodh le gabháil leis an tuarascáil.

In 2015, tá an Coimisiún le measúnú tionchair a dhéanamh d’fhonn Cinneadh Réime 2008/919/JHA a thabhairt cothrom le dáta in 2016. Dhéanfaí é sin ag féachaint le comhleanúnachas a chinntiú ar fud AE maidir le dlíthe in éadan na gcionta a bhaineann le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta.

Tá an Chomhairle ag breathnú ar Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sceimhlitheoireacht a Chosc (CETS Uimh. 196) agus an Prótacal Breise atá leis a shíniú thar ceann AE. Tugtar aghaidh sa Phrótacal Breise ar an bhfeiniméan um throdaithe eachtracha sceimhlitheoireachta ag tabhairt aird ag an am céanna ar an Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 2178(2014) an 24 Meán Fómhair 2014.

CÚLRA

Ar aon dul le conclúidí Chomhairle na hEorpa in Tampere i 1999 inar sainaithníodh sceimhlitheoireacht mar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar shaoirsí bunúsacha, ar chearta daonna agus ar na prionsabail agus i ndiaidh an phlean gníomhaíochta arna fhormhuiniú ag an gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 21 Meán Fómhair 2001, glacadh Cinneadh Réime 2002/475/JHA chun dul i ngleic níos éifeachtúla leis an sceimhlitheoireacht.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Gríosú neamhdhíreach: urlabhra ina ngríosaítear gníomhartha sceimhlitheoireachta nó rioscaí lena ngríosaítear gníomhartha sceimhlitheoireachta go neamhdhíreach amháin, e.g. sa chás go dtuigfeadh tacadóirí ráitis a rinne sceimhlitheoir roimhe mar achainí chun leanúint le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta.

** Gníomhaithe aonair: sceimhlitheoirí a gníomhaíonn astu féin.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh Réime 2002/475/JHA

22.6.2002

31.12.2002

IO L 164, 22.6.2002, lgh. 3-7

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh Réime 2008/919/JHA

9.12.2008

9.12.2010

IO L 330, 9.12.2008, lgh. 21-23

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 11 den Chinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (COM(2007) 681 final an 6.11.2007).

Tuarascáil ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 11 den Chinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (COM(2004) 409 final an 8.6.2004).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh Réime 2008/919/JHA ón gComhairle an 28 Samhain lena leasaítear Cinneadh Réime 2002/475/JHA maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (COM(2014) 554 final an 5 Meán Fómhair 2014).

Doiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin a ghabhann leis an “Tuarascáil doiciméid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh Réime 2008/919/JHA ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Réime 2002/475/JHA maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac” (SWD(2014) 270 final an 5 Meán Fómhair 2014).

Nuashonrú is déanaí: 02.06.2015

Top