Coiste AE chun an cosc calaoise a chomhordú
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 94/140/CE lena mbunaítear coiste comhairliúcháin chun an cosc calaoise a chomhordú in AE
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
Bunaítear leis an gCoiste Comhairliúcháin chun an Cosc Calaoise a Chomhordú (Cocolaf), a bhfuil sé d’aidhm leis comhar a fhorbairt idir tíortha AE agus an Coimisiún Eorpach chun calaois a chosc agus ionchúiseamh calaoise a áirithiú*.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Déanann ionadaí den Choimisiún cathaoirleacht ar Cocolaf, ina bhfuil beirt ionadaí ó gach tír AE a bhféadfadh beirt ionadaí ó na húdaráis náisiúnta inniúla cúnamh a thabhairt dóibh.
-
Chun dlúthchomhar agus comhar rialta idir údaráis inniúla thíortha AE chun calaois a chomhrac a eagrú ar mhodh níos éifeachtaí, de réir Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le Cocolaf maidir le cúrsaí ar bith a bhaineann le:
-
cosc agus ionchúiseamh calaoise agus gach gníomhaíocht neamhdhleathach eile a d’fhéadfadh dul chun dochair do leasanna airgeadais AE;
-
comhar idir tíortha AE nó idir tíortha AE agus an Coimisiún chun leasanna airgeadais AE a chosaint.
-
Tugann Cocolaf tacaíocht d’obair na hOifige Frith-Chalaoise Eorpaí (OLAF), a dhéanann imscrúdú ar éillitheacht agus ar mhí-iompar laistigh d’institiúidí AE, agus ar chalaois i gcoinne bhuiséad AE chomh maith. Comhlánaíonn Cocolaf clár Hercule III, faoina maoinítear tionscadail lena méadaítear, i measc nithe eile, comhar frithchalaoise idir tíortha AE, an Coimisiún agus OLAF.
-
Féadfaidh Cocolaf, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, páirtithe oibre a bhunú a théann i ngleic le ceisteanna sainiúla. Maidir leis sin, bunaíodh na ceithre fhoghrúpa seo a leanas:
-
An Grúpa um Chosc Calaoise: spreagann sé comhar i measc údaráis náisiúnta ábhartha thíortha AE agus an Coimisiún trí thaithí agus dea-chleachtais a mhalartú sa réimse um chosc calaoise (e.g.
-
taithí le measúnuithe riosca calaoise;
-
cleachtais chalaoiseacha a bhraitear a mhalartú;
-
taithí ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme straitéisí nó beartais nó bearta náisiúnta nó earnála frithchalaoise, etc.)
-
An Grúpa chun Neamhrialtachtaí Calaoiseacha agus Eile a Thuairisciú agus a Anailísiú: díríonn sé ar anailís staitistiúil de chásanna tuairiscithe a thabhairt isteach agus a phlé agus breithníonn sé ceisteanna eile a bhaineann le tuarascáil Airteagal 325 a ullmhú.
-
AFCOS (an Grúpa um Sheirbhís Comhordúcháin Frith-Chalaoise): déanann sé taithí agus dea-chleachtais ar chomhar imscrúdaitheach a mhalartú idir OLAF agus údaráis náisiúnta, ar aon dul leis an rialachán lena rialaítear imscrúduithe OLAF (Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013).
-
Líonra Cumarsáideoirí Frith-Chalaoise OLAF (OAFCN): tugann sé le chéile urlabhraithe agus oifigigh caidrimh phoiblí ó údaráis náisiúnta ábhartha agus OLAF chun straitéisí na meán a chomhroinnt agus cumarsáid maidir le cosc agus díspreagadh calaoise a chur chun cinn.
-
Eagraíonn an Coimisiún cruinnithe agus cuireann sé seirbhísí rúnaíochta ar fáil do Cocolaf.
CÚLRA
Ceanglaítear in Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar thíortha AE calaois a chomhrac ar leibhéal AE ar an dóigh chéanna is a chomhraicfidís calaois a dhéanfadh difear dá leasanna airgeadais féin. Idir an dá linn, tá an Coimisiún freagrach as cur chun feidhme cuí bhuiséad AE. Ar na cúiseanna sin, cinneadh coiste a bhunú a chumhdaíonn an réimse iomlán calaoise i gcoinne bhuiséad AE.
* PRÍOMHTHÉARMA
Calaois: meabhlaireacht éagórach atá beartaithe chun críche gnóthachain airgeadais nó gnóthachain choiriúil.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh 94/140/CE ón gCoimisiún an 23 Feabhra 1994 lena mbunaítear coiste comhairliúcháin chun an cosc calaoise a chomhordú (IO L 61, 4.3.1994, lgh. 27-28)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 94/140/CE a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 25.07.2016
Top