EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint an euro ar ghóchumadh

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2001/887/CGB maidir le cosaint an euro ar ghóchumadh

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Tá sé mar aidhm ag an gcinneadh a áirithiú, nuair a bhíonn imscrúduithe á ndéanamh maidir le góchumadh an euro, go ndéanfaí anailísí comhtháite agus éifeachtúla ar an airgeadra a bhfuil amhras go bhfuil góchumadh á dhéanamh air agus go gcomhroinnfí faisnéis idir tíortha AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

D’fhonn an euro a thabhairt isteach an 1 Eanáir 2002, bhí an cinneadh seo anuas ar roinnt rialacha reatha maidir le cosaint an euro ar ghóchumadh, eadhon:

I rith imscrúduithe maidir le góchumadh ar an euro, ní mór do thíortha AE a áirithiú go ndéanann lárionaid náisiúnta um anailísiú (LNAanna) na hanailísí saineolaíochta is gá ar ghóchumadh amhrasach ar nótaí euro, agus ní mór do lárionaid náisiúnta um anailísiú monaí (LNAManna) na hanailísí sin a dhéanamh ar bhoinn a bhfuil amhras ann go bhfuil góchumadh á dhéanamh orthu. Ní mór do thíortha AE torthaí na n-anailísí saineolaíochta sin a chur ar aghaidh chuig Europol (An Oifig Eorpach Póilíní).

Ní mór d’oifigí ceannais náisiúnta thíortha AE atá freagrach as imscrúduithe ar ghóchumadh an euro agus cionta gaolmhara faisnéis láraithe maidir lena gcuid imscrúduithe a sheoladh, lena n-áirítear faisnéis a fuarthas ó thíortha nach bhfuil in AE, chuig Europol. Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a sheoladh:

  • sonraí maidir leis na daoine lena mbaineann;
  • tuairisc ar na cionta;
  • na dálaí ina bhfuarthas amach faoi na cionta;
  • comhthéacs na hurghabhála;
  • aon naisc le cásanna eile.

D’fhonn comhoibriú a dhéanamh ar a gcuid imscrúduithe maidir le góchumadh agus cionta a bhaineann le góchumadh an euro, ní mór d’údaráis inniúla na dtíortha AE leas a bhaint as saoráidí Eurojust.

Bunaíodh an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch le Cinneadh 2005/37/CE ón gCoimisiún a bhfuil sé mar ról aige boinn euro a chosaint i gcoinne góchumtha. D’fhonn é sin a dhéanamh, déanann sé anailís agus aicmiú ar bhoinn euro góchumtha agus cuidíonn sé le húdaráis náisiúnta.

CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Tá feidhm leis ón 14 Nollaig 2001.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2001/887/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir le cosaint an euro ar ghóchumadh (IO L 329, 14.12.2001, lgh. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 ina leagtar síos bearta is gá chun an euro a chosaint i gcoinne góchumtha (IO L 181, 4.7.2001, lgh. 6-10)

Ionchorpraíodh na leasuithe leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 sa bhundoiciméad. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh doiciméadúcháin amháin.

Cinneadh 2005/37/CE ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch (LETE) agus lena bhforáiltear do chomhordú ar ghníomhaíochtaí teicniúla chun boinn euro a chosaint i gcoinne góchumtha (IO L 19, 21.1.2005, lgh. 73-74)

Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an euro agus airgeadraí eile a chosaint ar ghóchumadh leis an dlí coiriúil, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB (IO L 151, 21.5.2014, lgh. 1-8)

Nuashonraithe 03.04.2017

Top