EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Pionóis airgeadais ar iompróirí paisinéirí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2001/51/CE lena bhforlíontar Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Féachtar leis an treoir seo inimirce neamhdhlíthiúil a chomhrac trí na pionóis airgeadais a fhorchuireann tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) ar iompróirí paisinéirí a iompraíonn náisiúnaigh neamh–AE nach bhfuil doiciméadaithe mar is ceart a chomhchuibhiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Forlíontar leis Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen lena gceanglaítear ar an iompróir freagracht a ghlacadh as na náisiúnaigh neamh–AE a thugann sé chuig an teorainn sheachtrach d’aer, ar muir nó ar talamh. I gcomhréir le hAirteagal 26 den Choinbhinsiún, ní mór don iompróir na bearta riachtanacha go léir a dhéanamh lena n–áiritheofar go mbeidh na doiciméid taistil a theastaíonn chun dul isteach i dtíortha Schengen ag náisiúnaigh neamh–AE a iompraítear d’aer, ar muir nó ar talamh.

I gcomhréir leis an treoir, beidh iompróir nach féidir leis náisiúnach neamh–AE a chur ar ais freagrach as an mbealach dá iompar nó dá hiompar ar aghaidh a aimsiú. Mura féidir an t–iompar sin a chur i gcrích láithreach, ní mór don iompróir freagracht a ghlacadh as costais fhanacht agus chur ar ais an náisiúnaigh neamh–AE.

Ceanglaítear leis an treoir ar thíortha AE chomh maith pionóis airgeadais a bheidh athchomhairleach, éifeachtach agus comhréireach a fhorchur ar na hiompróirí a sháróidh a n–oibleagáidí lena áirithiú go mbeidh na doiciméid a theastaíonn le haghaidh iontrála ag na daoine a bheidh ag taisteal chun limistéar Schengen. Leagtar amach leis an treoir:

  • nach lú ná €5,000 suim uasta na bpionós in aghaidh an duine; nó
  • nach lú ná €3,000 suim íosta na bpionós in aghaidh an duine; nó
  • ná lú ná €500,000 suim uasta an phionóis a fhorchuirfear mar chapshuim maidir le gach sárú, beag beann ar líon na ndaoine.

Níl feidhm ag na pionóis airgeadais sin maidir le cásanna ina bhfuil an náisiúnach neamh–AE ag lorg cosaint idirnáisiúnta.

Lena chois sin, féadfaidh tíortha AE cineálacha éagsúla pionós a ghlacadh, amhail an fheithicil a urghabháil nó an ceadúnas oibríochta a aistarraingt.

Tá an ceart chun cosanta agus chun achomhairc ag iompróirí a dtionscnaíodh imeachtaí ina gcoinne mar gheall ar mhainneachtain a n–oibleagáidí a chomhlíonadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 9 Lúnasa 2001.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2001/51/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena bhforlíontar forálacha Airteagal 26 den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 (IO L 187, 10.7.2001, lgh. 45-46)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO L 261, 6.8.2004, lgh. 24-27)

Nuashonraithe 23.04.2020

Top