EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Gréasán Breithiúnach Eorpach — cúrsaí sibhialta agus tráchtála

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2001/470/CE lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála (EJN-sibhialta)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis an Gréasán Breithiúnach Eorpach chun comhar dlíthiúil a fheabhsú i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála* idir tíortha AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is struchtúr neamhfhoirmiúil, solúbtha é an EJN-sibhialta, a bhfuil sé mar aidhm leis comhar breithiúnach a shimpliú agus a neartú idir tíortha AE. Éascaíonn sé teagmhálacha idir cúirteanna náisiúnta éagsúla trí ghréasán pointí náisiúnta teagmhála.

Is iad seo a leanas na príomh-chúraimí atá ar an EJN-sibhialta:

  • comhar breithiúnach a éascú i gcásanna trasteorann e.g. cúnamh a thabhairt nuair a bhítear ag seirbheáil doiciméad nó ag glacadh fianaise;
  • saoránaigh AE a chur ar an eolas maidir le rochtain trasteorann ar chearta, go príomha trí bhileoga eolais agus treoracha saoránach maidir le dlí sonracha AE, atá foilsithe ar an tairseach don r-Cheartas;
  • taithí a mheas agus a chomhroinnt maidir le feidhmiú dhlí AE d’fhonn laigí a shainaithint agus bealaí a iniúchadh chun dlí AE a neartú.

Sa EJN-sibhialta tá pointí teagmhála agus comhlachtaí iomchuí atá speisialaithe i ndlí sibhialta agus tráchtála AE ó na tíortha AE, e.g.:

  • comhlachtaí breithiúnacha nó riaracháin i dtíortha AE atá freagrach as comhar breithiúnach;
  • comhlachais ghairmiúla dlíodóirí a bhfuil baint dhíreach acu le feidhmiú dlí sibhialta agus tráchtála AE.

Níl an Danmhairg rannpháirteach sa EJN-sibhialta.

Maidir le heagraíochtaí, déanann an EJN-sibhialta a cuid gníomhaíochtaí trí chruinnithe rialta na bpointí teagmhála, sa Bhruiséil den chuid is mó. Tá rúnaíocht an EJN-sibhialta á bainistiú ag an gCoimisiún Eorpach a bhíonn i mbun oibre leis na pointí teagmhála maidir le hobair agus tosaíochtaí an ghréasáin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Nollaig 2002.

CÚLRA

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Dlí sibhialta agus tráchtála: dlíthe a mbíonn tionchar acu ar shaoránaigh agus ar ghnó, gan dlí coiriúil san áireamh, dlí teaghlaigh, dlí féimheachta agus oidhreachta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2001/470/CE an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lgh. 25-31)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2001/470/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is le haghaidh tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

Nuashonraithe 02.08.2016

Top