EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Athaontú teaghlaigh

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2003/86/CE maidir leis an gceart ar athaontú teaghlaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR

Is é an aidhm atá leis rialacha coiteanna an dlí a leagan amach a bhaineann leis an gceart ar athaontú teaghlaigh. Is é an rún baill teaghlaigh náisiúnach neamh-AE atá ina gcónaí go dleathach ar chríoch an AE a chumasú bheith leo sa tír AE ina bhfuil siad ina gcónaí. Is é an cuspóir aonad an teaghlaigh a chosaint agus imeascadh náisiúnach tíortha neamh-AE a éascú.

Níl feidhm aici maidir le hÉirinn, an Danmhairg ná an Ríocht Aontaithe (1). Sa bhreis air sin, ní chuirtear cosc léi ar aon choinníollacha níos fabhraí arna n–aithint i reachtaíocht náisiúnta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Coinníollacha

Is féidir le náisiúnaigh neamh-AE a bhfuil cead cónaithe bailí acu le haghaidh bliain amháin ar a laghad i gceann amháin de thíortha AE agus a bhfuil an rogha dhlíthiúil de chónaí fadtéarma acu iarratas a dhéanamh ar athaontú teaghlaigh.

Níl an treoir seo infheidhme, áfach, maidir le baill teaghlaigh shaoránach an AE, nó maidir le náisiúnaigh neamh-AE a dhéanann iarratas ar aitheantas do stádas dídeanaí nach bhfuil cinneadh deiridh déanta mar thoradh ar a n–iarratas nó atá faoi chineál sealadach cosanta.

Tá na daoine a leanas incháilithe maidir le hathaontú teaghlaigh:

  • céile an urraitheora;
  • leanaí mionaoiseacha na lánúine (i.e. leanaí neamhphósta faoi lán–aois dhlíthiúil sa tír AE atá i gceist), nó de chuid bhall amháin na lánúine, nuair atá coimeád na leanaí aige/aici agus tá na leanaí i gcleithiúnas air/uirthi, agus leanaí uchtaithe san áireamh.

Tá tíortha AE saor fós chun athaontú teaghlaigh a údarú, faoi choinníollacha áirithe, maidir leis na daoine a leanas:

  • sinsir den chéad chéim sa líne dhíreach (athair agus máthair an náisiúnaigh eachtraigh);
  • leanaí neamhphósta os cionn na lán–aoise;
  • páirtithe neamhphósta.

Ní aithnítear polagamas; ní féidir ach le céile amháin tairbhe a bhaint as an gceart ar athaontú. Mar an gcéanna, eisiaitear leanaí na gcéilí neamh-incháilithe ón gceart ar athaontú mura bhfuil bonn cirt leis de réir a leasa (de réir Coinbhinsiún um Chearta Leanaí 1989).

Ceadaítear tíortha AE chun a éileamh freisin go mbíonn an náisiúnach neamh-AE agus a c(h)éile d’aois íosta (faoi réir ag aois uasta 21 bhliain), sula mbeidh siad in ann leas a bhaint as an gceart ar athaontú teaghlaigh.

Nós imeachta

  • Is iad na tíortha AE a chinneann cibé acu an é an náisiúnach eachtrach, nó na baill teaghlaigh ar mian leo bheith léis/léi, a chuirfidh an t–iarratas isteach ar athaontú teaghlaigh. Seachas i gcásanna speisialta, ní mór do na baill teaghlaigh ar mian leo bheith athaontaithe fanacht lasmuigh den AE le linn an nós imeachta. Ní foláir nó go mbíonn fianaise dhoiciméadach ar an ngaol teaghlaigh agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha arna leagan síos ag gabháil leis an iarratas. Ní mór an t–iarratas a scrúdú laistigh de 9 mí tar éis dó a bheith curtha isteach.
  • D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach don duine atá i gceist cóiríocht a bheith aige/aici lena gcomhlíontar caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ghinearálta, mar aon le hárachas breoiteachta agus acmhainní cobhsaí atá imleor chun é/í féin agus baill a t(h)eaghlaigh a chothabháil. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach dó/di seasamh le bearta imeasctha faoin dlí náisiúnta, agus chun cónaí a bheith acu sa tír AE atá i gceist le haghaidh tréimhse ama áirithe (2 bhliain mar uasmhéid) sular féidir baill teaghlaigh a bheith leis/léi.
  • D’fhéadfaí iontráil nó cónaí a dhiúltú do bhall teaghlaigh ar fhorais beartais phoiblí, slándála inmheánaí nó sláinte poiblí. Tá sé sin infheidhme freisin i gcás calaoise (falsú doiciméad, pósadh áisiúlachta, srl). Ar na forais chéanna, d’fhéadfadh bonn cirt a bheith ann le haghaidh cead a aistarraingt nó gan é a athnuachan a deonaíodh cheana féin.
  • Ní foláir nó go mbíonn an ceart ag daoine a ndearnadh a gcead a dhiúltú nó a aistarraingt nó nach ndearnadh a gcead a athnuachan agóid dhlíthiúil a dhéanamh.
  • Maidir le hathaontú teaghlaigh i dtaca le dídeanaithe, ní féidir le tíortha AE coinníollacha a fhorchur maidir le cónaí íosta sa chríoch sular féidir le baill teaghlaigh bheith leo. Ina theannta sin, tá siad díolmhaithe ó na coinníollacha thuas a chomhlíonadh maidir le cóiríocht, árachas breoiteachta agus acmhainní má chuirtear an t–iarratas ar athaontú teaghlaigh isteach laistigh de 3 mhí tar éis don stádas dídeanaí a bheith dáfa.

Cearta bhaill an teaghlaigh

  • Tá baill teaghlaigh an náisiúnaigh eachtraigh i dteideal cead cónaithe den fhad céanna agus atá ag an duine a ndeachaigh siad leis agus tá siad i dteideal, ar na téarmaí céanna atá ag an duine sin, rochtana ar oideachais, ar fhostaíocht agus ar ghairmoiliúint.
  • Tar éis 5 bliana de chónaí (agus tráth nach mó ná sin), tá an céile nó páirtí neamhphósta agus aon leanaí a bhfuil lán–aois bainte amach acu i dteideal cead cónaithe neamhspleách.
  • Déantar na coinníollacha a bhaineann le deonú agus fad an cheada cónaithe neamhspleách bunaithe ag an dlí náisiúnta. Ní féidir le tíortha AE teorainn a chur ar dheonú an cheada cónaithe neamhspleách do chéilí nó lánúineacha neamhphósta ach amháin i gcásanna nuair a bhriseann an gaol teaghlaigh síos.

Treoir maidir le feidhmiú na treorach

In 2014, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoir do thíortha AE maidir le cur i bhfeidhm na treorach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 3 Deireadh Fómhair 2003 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 3 Deireadh Fómhair 2005.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart ar athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lgh. 12-18)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le treoir le haghaidh Treoir 2003/86/AE maidir leis an gceart ar athaontú teaghlaigh a chur i bhfeidhm (COM(2014) 210 críochnaitheach, 3.4.2014)

An Páipéar Glas maidir le ceart ar athaontú teaghlaigh i dtaca le náisiúnaigh tríú tíortha atá ina gcónaí san Aontas Eorpach (Treoir 2003/86/CE) (COM(2011) 735 críochnaitheach, 15.11.2011)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le cur i bhfeidhm Threoir 2003/86/CE maidir leis an gceart ar athaontú teaghlaigh (COM(2008) 610 críochnaitheach, 8.10.2008)

Nuashonraithe 05.06.2018



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top