Córas AE chun tairbhithe áirithe oibriúcháin atá maoinithe ag Roinn Ráthaíochta CETRT a aithint
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1469/95 — bearta atá le glacadh i ndáil le tairbhithe áirithe oibriúcháin atá maoinithe ag Roinn Ráthaíochta de chuid an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT)
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Féachtar leis córas ar fud AE a bhunú chun oibritheoirí (i.e. feirmeoirí) a mbaineann baol neamh-iontaofachta leo a aithint agus fógra a thabhairt fúthu do na húdaráis inniúla i dtíortha AE agus don Choimisiún Eorpach.
- Cumhdaítear ann nósanna imeachta tairisceana, aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin agus díolacháin táirgí idirghabhála ar phraghsanna laghdaithe, atá maoinithe ag Roinn Ráthaíochta CETRT.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Ní mór na nósanna imeachta agus an fógra um aithint a chur chun feidhme ar thionscnamh thír AE ina aithnítear baol neamh-iontaofachta an oibreora. I gcás ina mainníonn tír AE an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ní mór don Choimisiún a áirithiú go gcuirfidh sé an córas um aithint agus um fhógra sin chun feidhme.
- Féadfaidh tíortha AE roinnt beart a ghlacadh chun dul i ngleic le hoibritheoirí. Áirítear go sonrach ar na bearta sin:
- seiceáil athneartaithe ar gach oibríocht a fheidhmigh an t–oibritheoir;
- íocaíocht suimeanna a bhaineann leis na hoibríochtaí reatha atá le deimhniú a chur ar fionraí, go dtí go ndeimhnítear má tá mírialtacht ann, agus, más cuí, an t–urrús a ghabhann leo a chur ar fionraí;
- iad a eisiamh ar feadh tréimhse ama ó oibríochtaí atá le deimhniú.
- Ní mór do na bearta sin na prionsabail seo a leanas a chomhlíonadh, de réir an dlí naisiúnta sa tír AE:
- éisteacht roimh ré agus ceart athchomhairc ag an oibritheoir lena mbaineann;
- comhréireacht idir an mhírialtacht a taifeadadh nó an mhírialtacht amhrasta agus na bearta a chuirfear i bhfeidhm;
- neamh-idirdhealú idir oibritheoirí.
- Ní mór do thíortha AE agus don Choimisiún na réamhchúraim is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcoinneofar an fhaisnéis a mhalartóidh siad de réir an rialacháin seo faoi rún.
- Comhlánaítear leis an rialachán na rialacha sonracha faoin gcomhbheartas talmhaíochta.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm léi ón 6 Iúil 1996.
CÚLRA
Chun tuileadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1469/95 ón gComhairle an 22 Meitheamh 1995 maidir leis na bearta atá le glacadh i ndáil le tairbhithe áirithe oibriúcháin atá maoinithe ag Roinn Ráthaíochta CETRT (IO L 145, 29.6.1995, lgh 1-3)
DOICIMÉAD GAOLMHAR
Rialachán (CE) Uimh. 745/96 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 1996 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1469/95 ón gComhairle maidir le bearta atá le glacadh i ndáil le tairbhithe áirithe oibriúcháin atá maoinithe ag Roinn Ráthaíochta CETRT (IO L 102, 25.4.1996, lgh. 15-18)
Nuashonraithe 24.05.2019
Top