Seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair ar áitreabh faighteoirí maoinithe AE
ACHOIMRE AR:
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 — seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanann an Coimisiún ar mhaithe le leasanna airgeadais AE a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach ann na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún Eorpach chun dul i ngleic le calaois agus neamhrialtachtaí eile, go háirithe má tá amhras ann go bhfuil neamhrialtachtaí* ann déanta ag oibreoirí eacnamaíocha* a bhfuil tacaíocht airgeadais á fáil acu ó bhuiséad AE.
Tá feidhm ag an rialachán maidir le gach réimsí de chuid gníomhaíochtaí AE. Níl tionchar aige ar chumhachtaí thíortha AE maidir le sáruithe coiriúla a ionchúiseamh faoin dlí náisiúnta.
PRÍOMHPHOINTÍ
Seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh
Déanann an Coimisiún seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair in áitribh oibreoirí eacnamaíocha:
- chun imscrúdú a dhéanamh ar neamhrialtachtaí tromchúiseacha nó trasteorann féideartha nó neamhrialtachtaí féideartha a bhaineann le hoibreoirí eacnamaíocha atá ag gníomhú i roinnt tíortha AE;
- chun seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i dtír AE a athneartú d’fhon leasanna airgeadais AE a chosaint ar bhealach níos éifeachtúla agus leibhéal cothrom cosanta a chinntiú laistigh den Aontas Eorpach;
- ar iarratas ó thír AE.
Coinníollacha
- Sula ndéantar seiceálacha agus cigireachtaí den sórt sin, ní mór don Choimisiún é a chur in iúl don tír AE (do na tíortha AE) lena mbaineann in am agus i dtráth chun an cuidiú ar fad a theastóidh a fháil.
- Ullmhaíonn agus déanann an Coimisiún na seiceálacha agus na cigireachtaí sin i ndlúth-chomhoibriú le húdaráis inniúla na tíre AE lena mbaineann.
- Déantar iad faoi údarás agus faoi fhreagracht chigirí de chuid an Choimisiúin, i.e. státseirbhísigh nó foireann eile atá cuí-údaraithe, nach mór dóibh cloí le rialacha nós imeachta na tíre AE lena mbaineann.
- Ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha rochtain a thabhairt do na cigirí ar a n-áitreabh, ar a dtalamh, a modhanna iompair nó ar láithreacha eile, a úsáidtear chun críocha gnó.
- Má dhiúltaíonn oibreoir eacnamaíoch seiceáil nó cigireacht ar an láthair, soláthróidh an tír AE lena mbaineann cúnamh do chigirí ionas go mbeidh siad ábalta a ndualgas a dhéanamh.
- Cuireann an Coimisiún san áireamh cigireachtaí atá á ndéanamh ag an tír AE lena mbaineann nó a rinne an tír AE lena mbaineann faoin dlí náisiúnta.
Rochtain ar fhaisnéis agus ar dhoiciméadúchán faoin dlí náisiúnta
- Ní mór rochtain a thabhairt do chigirí an Choimisiúin, faoi na coinníollacha céanna atá ag cigirí náisiúnta riaracháin agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar an bhfaisnéis ar fad a theastaíonn lena chinntiú go ndéantar na seiceálacha agus na cigireachtaí mar is ceart.
- Féadfaidh na cigirí na saoráidí cigireachta céanna is a úsáideann cigirí náisiúnta riaracháin a úsáid agus go háirithe doiciméid ábhartha a chóipeáil.
Raon feidhme
D’fhéadfadh sé go mbainfeadh seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair leis an méid seo a leanas, go háirithe:
- leabhair agus doiciméid ghnó amhail sonraisc, liostaí téarmaí agus coinníollacha, duillíní pá, ráitis faoi na hábhair a úsáideadh agus an obair a rinneadh, agus ráitis bhainc;
- sonraí ríomhaireachta;
- córais agus modhanna táirgthe, pacáistithe agus seachadta;
- seiceálacha fisiceacha maidir le cineál agus méid na n-earraí nó oibríochtaí críochnaithe;
- glacadh agus seiceáil samplaí;
- dul chun cinn oibreacha agus infheistíochtaí ar cuireadh maoiniú ar fáil ina leith, agus an úsáid a baineadh as infheistíochtaí críochnaithe;
- doiciméid um buiséadú agus um chuntasaíocht;
- cur i bhfeidhm airgeadais agus teicniúil na dtionscadal fóirdheontais.
Fianaise
- D’fhéadfadh sé go mbeadh ar thíortha AE, ar iarratas ón gCoimisiún, bearta réamhchúraim faoin dlí náisiúnta a dhéanamh, go háirithe chun fianaise a chosaint.
- Tá faisnéis a fhaightear i dtaca le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair cumhdaithe faoi rúndacht ghairmiúil agus faoi rialacha AE maidir le cosaint sonraí.
- Is ionann tuarascálacha chigirí an Choimisiúin agus fianaise inghlactha in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha na tíre AE ina bhfaightear go bhfuil gá lena húsáid.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 1997.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach ar:
PRÍOMHTHÉAMAÍ
Mírialtachtaí: Sárú ar bith ar dhlí AE de thoradh ar ghníomh nó neamhghníomh ag oibreoir eacnamaíoch, a rinne, nó a dhéanfadh dochar mar thoradh air do bhuiséad ginearálta AE.
Oibreoirí eacnamaíocha: Duine aonair, gnó nó comhlacht eile atá gníomhach ó thaobh an gheilleagair de agus a bhfuil stádas dlíthiúil aige faoin dlí náisiúnta
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún ar mhaithe le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lgh. 2-5)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach (IO L 312, 23.12.1995, lgh. 1-4)
Ceartúchán
Nuashonraithe 20.10.2017