Help Print this page 
Title and reference
Cánachas ar ioncam ó choigilteas

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Multilingual display
Text

Cánachas ar ioncam ó choigilteas

Tá de rún ag an Aontas Eorpach (AE) maidir le hús ó choigilteas a fhaigheann duine nádúrtha i dtír AE amháin ach é ina chónaí i dtír AE eile ó thaobh cánach de, go ngearrtar cáin air de réir forálacha reachtacha an dara tír seo.

ACHT

Council Directive 2003/48/EC of 3 June 2003 on taxation of savings income in the form of interest payments (Treoir 2003/48/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm úis).

ACHOIMRE

Mar chuid den phacáiste cánach a bhfuil sé mar aidhm leis dul i ngleic le hiomaíochas díobhálach cánach a chomhrac, ghlac an AE le Treoir in 2003 chun saobhadh reatha ar an gcáin éifeachtach a ghearrtar ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm íocaíochtaí úis a laghdú.

Tá an Treoir ag iarraidh maidir leis an ús sin a íoctar i dtír AE amháin le cónaitheoirí aonair chun críche cánach i dtír eile (úinéirí tairbhiúla), a bheith faoi réir cánachais éifeachtach de réir dhlíthe na tíre.

Raon feidhme

Ní bhaineann an Treoir seo ach le cánachas ar ioncam ó choigilteas i bhfoirm úis a íoctar as fiacha dlite, agus ní bhaineann sí le cánachas pinsean nó le sochar árachais. Ó thaobh limistéir de, baineann an Treoir le hús a íocann gníomhaire íocaíochta, i.e. oibreoir eacnamaíoch (mar shampla, foras airgeadais, banc nó ciste infheistíochta) a íocann ús nó a chuireann íocaíocht faoi urrús d’úinéirí tairbhiúla, atá bunaithe i gcríoch an AE.Aonán ar bith den sórt sin atá bunaithe i dtír AE lena bhfuil ús íoctha nó curtha faoi urrús an úinéara tairbhiúla meastar gur gníomhaire íocaíochta é nó í de réir bhrí na Treorach. Ar an mbealach sin is é an gníomhaire íocaíochta an nasc deiridh sa slabhra idirghabhálacha a íocann ús díreach leis an úinéir tairbhiúil.

AN CÓRAS GINEARÁLTA: MALARTÚ FAISNÉISE

Tugann an gníomhaire íocaíochta faisnéis

Má tá úinéir tairbhiúil an úis ina chónaí i dtír AE seachas an ceann a bhfuil an gníomhaire íocaíochta ann, tugann an Treoir ar an ngníomhaire íocaíochta faisnéis íosta a chur chuig údarás thír an AE a bhfuil sé bunaithe ann, mar shampla ainm agus seoladh an úinéara thairbhiúil, ainm agus seoladh an ghníomhaire íocaíochta, uimhir chuntais an úinéara thairbhiúil nó, murar féidir, aitheantas na bhfiacha dlite a ghin an t-ús, agus faisnéis faoi íocaíocht an úis.

San fhaisnéis íosta atá le cur isteach ag an ngníomhaire íocaíochta, ní mór don ghníomhaire íocaíochta idirdhealú de réir na gcineálacha úis a léirítear sa Treoir. Mar sin féin, féadann na tíortha AE an fhaisnéis íosta seo a chúngú, mar shampla, go hiomlán an úis nó an ioncaim.

Uathmhalartú faisnéise

Tugann an Treoir ar an údarás ábhartha i dtír AE an ghníomhaire íocaíochta cumarsáid a chur chuig údarás ábhartha thír an AE a bhfuil an t-úinéir tairbhiúil ina chónaí ann, uair amháin sa bhliain ar a laghad.Ní mór é sin a chur in iúl taobh istigh de shé mhí tar éis dheireadh bhliain chánach thír AE an ghníomhaire íocaíochta.

NA RIALACHA NUA INFHEIDHME ÓN 1.1.2016

Is cosúil nach raibh ionstraimí airgeadais áirithe coibhéiseach le hurrúis úsmhara agus bealaí indíreacha áirithe chun na hurrúis sin a choimeád cumhdaithe ag an Treoir 2003/48/CE. Dá bharr sin, glacadh le Treoir nua, an Treoir 2014/48/AE a chaithfear a thrasuí i dtíortha an AE faoin 1.1.2016 d’fhonn an scéal sin a leigheas.

Is é aidhm na Treorach:

  • na rialacha reatha maidir le malartú faisnéise ar ioncam ó choigilteas a neartú ar mhaithe le cur ar chumas tíortha AE troid níos fearr i gcoinne calaoise agus imghabháil cánach;
  • cur chuige trédhearcach a chur chun cinn bunaithe ar an dualgas i leith ’dícheall cuí don chustaiméir’ a chuireann cosc ar dhaoine aonair dul timpeall ar an Treoir trí aonán dlíthiúil idirchurtha a úsáid (mar shampla, foras) nó socrú (mar shampla, iontaobhas) atá lonnaithe i dtír lasmuigh den AEnach gcinntíonn cánachas éifeachtach an aonáin dlíthiúil/tsocraithe seo ar a ioncam ar fad ó tháirgí airgeadais atá cumhdaithe ag an Treoir;
  • feabhas a chur ar na rialacha a bhfuil sé mar aidhm acu cosc a chur ar dhaoine aonair ó dhul timpeall ar an Treoir trí aonán dlíthiúil idirchurtha a úsáid (foras) nó socrú (iontaobhas) atá lonnaithe i dtír AE. Tugann na rialacha seo fógra le fios ón aonán nó an socrú dlíthiúil seo;
  • chun raon feidhme na Treorach a shíneadh chun táirgí airgeadais a áireamh ina gcuirtear saintréithe i láthair atá cosúil le hinfháltais (mar shampla, urrúis lena ngabhann ráta sochair seasta/ráthaithe agus táirgí árachais saoil áirithe), ach nach aicmithe mar sin de réir dlí;
  • gach ioncam ó chistí infheistíochta a fhaightear laistigh agus lasmuigh den AE a chur san áireamh mar aon le hioncam ó ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe údaraithe de réir na Treorach 85/611/CEE (UCITS) atá le fáil sa Treoir reatha.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2003/48/CE

16.7.2003

31.12.2003

IO L 157 an 26.6.2003, l. 38-48

Acht(anna) leasaithe

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2014/48/AE

15.4.2014

1.1.2016

IO L 111 an 15.04.2014, l. 50-78

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar an Treoir 2003/48/CE. Is chun críche tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonrú is déanaí: 25.01.2015

Top