EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cáin bhreisluacha agus dleachtanna máil — díolúintí do thaistealaithe ó lasmuigh den Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2007/74/CE — díolúine ó cháin bhreisluacha agus ó dhleacht mháil i gcás earraí a allmhairítear ag daoine agus iad ag taisteal ó thíortha neamh-AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Sainítear inti liúntais saor ó cháin AE i ndáil le taisteal idirnáisiúnta.
  • Leagtar síos inti rialacha maidir leis an díolúine ó cháin bhreisluacha (CBL) agus ó dhleacht chustaim ar earraí arna n-allmhairiú isteach i mbagáiste pearsanta taistealaithe ó:
    • tír neamh-AE nó
    • críoch nach bhfuil feidhm ag dlíthe AE ar CBL agus/nó ar dhleacht mháil inti, e.g, Oileán Mhanann.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leagtar síos sa treoir tairseach luacha EUR 430 i leith díolúintí ó dhleachtanna máil i gcás aerthaistealaithe agus taistealaithe ar muir agus EUR 300 ina gcás siúd atá ag taisteal ar tír (lena n-áirítear ar uiscebhealaí intíre).
  • Féadfaidh tíortha AE an tairseach luacha a laghdú i gcás taistealaithe atá faoi bhun 15 bliana d'aois, beag beann ar a modh iompair, ach ní fhéadfaidh an tairseach sin a bheith níos lú ná EUR 150.
  • Féadfaidh tíortha AE na tairseacha luacha agus na teorainneacha cainníochtúla a ísliú i leith:
    • taistealaithe a bhfuil cónaí orthu i limistéar teorann;
    • oibrithe trasteorann; agus
    • criúnna na modhanna iompair a úsáidtear sa taisteal idirnáisiúnta.
  • Leagtar síos leis an treoir na teorainneacha cainníochtúla uasta agus íosta seo a leanas i dtaobh allmhairí tobac:
    • 200 toitín nó 40 toitín; nó
    • 100 todóigín nó 20 todóigín; nó
    • 50 todóg nó 10 dtodóg; nó
    • 250 g tobac lena chaitheamh nó 50 g tobac lena chaitheamh; nó
    • teaglaim de na táirgí tobac atá liostaithe thuas, ar an gcoinníoll nach sáraítear 100% den teorainn atá ceadaithe leis an méid iomlán.
  • Féadfaidh tíortha AE, dá rogha féin, idirdhealú a dhéanamh idir aerthaistealaithe agus taistealaithe eile trí na teorainneacha cainníochtúla ísle a chur i bhfeidhm i leith na dtaistealaithe eile.
  • Socraítear an teorainn a leanas leis an treoir maidir le cainníochtaí allmhairí alcóil seachas fíon agus beoir:
    • 1 lítear amháin san iomlán ag a bhfuil neart alcóil níos mó ná 22% de réir toirte nó alcól eitile neamh-dhínádúraithe* 80% de réir toirte nó os a chionn; nó
    • 2 lítear alcóil san iomlán ag a bhfuil neart alcóil nach mó ná 22% de réir toirte; nó
    • teaglaim de na táirgí alcóil atá liostaithe thuas, ar an gcoinníoll nach sáraítear 100% den teorainn atá ceadaithe leis an méid sin.
  • Socraítear an teorainn a leanas sa treoir maidir le cainníochtaí allmhairí d'fhíon neamhdhrithleach agus de bheoir:
    • 4 lítear ar an iomlán d'fhíon neamhdhrithleach; agus
    • 16 lítear in iomlán de bheoir.
  • I gcás díolúintí i gcomhair alcóil agus tobac níl feidhm acu i gcás taistealaithe faoi bhun 17 mbliana d’aois.
  • Tá umair chaighdeánacha ina bhfuil breosla mótar-iompair de chineál ar bith díolmhaithe ó dhleachtanna máil a íoc ar an mbreosla sin; ní gá dóibh dleachtanna máil a íoc ar suas le 10 lítear de bhreosla atá á choinneáil i gcoimeádán iniompartha ach an oiread.
  • Gach 4 bliana, cuireann an Coimisiún Eorpach tuarascáil faoi bhráid na Comhairle maidir le cur chun feidhme na treorach. Sa tuarascáil is déanaí, a foilsíodh in 2013, sonraítear go bhfuil formhór thíortha AE sásta leis an treoir agus nach measann siad gur gá athbhreithniú a dhéanamh uirthi.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 1 Nollaig 2008 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin dáta céanna.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Alcól eitile neamh-dhínádúraithe: alcól nach bhfuil aon rud curtha leis lena fhágáil nach féidir é a ól.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2007/74/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 maidir leis an díolúine ó cháin bhreisluacha agus ó dhleacht mháil i gcás earraí a allmhairítear ag daoine agus iad ag taisteal ó thríú tíortha (IO L 346, 29.12.2007, lgh. 6-12)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2007/74/CE ón gComhairle maidir leis an díolúine ó cháin bhreisluacha agus ó dhleacht mháil i gcás earraí a allmhairítear ag daoine agus iad ag taisteal ó thríú tíortha (COM(2013) 849 final, 3.12.2013)

Nuashonraithe 05.11.2018

Top