EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Díolúine ó dhleachtanna custaim agus ó mhuirir eile: Coinbhinsiún maidir le Cead Isteach Sealadach

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 93/329/CEE maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Iostanbúl maidir le Cead Isteach Sealadach agus maidir le glacadh lena iarscríbhinní

Coinbhinsiún a bhaineann le cead isteach sealadach (Coinbhinsiún Iostanbúl)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

Formheastar leis an gcinneadh, thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (AE anois) an Coinbhinsiún maidir le Cead Isteach Sealadach* a comhaontaíodh ag Iostanbúl an 26 Meitheamh 1990 agus a iarscríbhinní, faoi réir coinníollacha áirithe.

Is é is aidhm leis an gcoinbhinsiún cead isteach sealadach a éascú trí nósanna imeachta a shimpliú agus a chomhchuibhiú trí pháipéir shamplacha chaighdeánaithe a ghlacadh amhail doiciméid custaim idirnáisiúnta lena ngabhann slándáil idirnáisiúnta, agus cuirtear, ar an gcaoi sin, le forbairt na trádála idirnáisiúnta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an ceart ag gach páirtí conarthach sa choinbhinsiún chun cead isteach sealadach earraí a chur faoi réir doiciméad custaim a sholáthar, faoi nós imeachta simplithe, más cuí, agus íocaíocht urrúis atá comhionann le suim nach mó ná suim na ndleachtanna ó allmhairí agus suim na gcánacha óna bhfuil na hearraí díolmhaithe.

Féadfar cead isteach sealadach a fhoirceannadh sna cásanna seo a leanas:

  • trí ath-onnmhairiú na n–earraí;
  • trí iad a chur faoi nós imeachta custaim eile amhail imréiteach le haghaidh úsáid bhaile;
  • trí na hearraí a scriosadh go hiomlán.

Leis an gcinneadh féadfar coiste riaracháin a bhunú chun cur chun feidhme agus léirmhíniú an choinbhinsiúin a bhreithniú.

Cuirtear síos go mion ann ar na rialacha is infheidhme maidir le:

  • páipéir cead isteach sealadach (carnet ATA* agus carnet CPD*);
  • earraí lena dtaispeáint nó lena n–úsáid ag taispeántais, iontaí, cruinnithe nó imeachtaí comhchosúla;
  • trealamh gairmiúil;
  • coimeádáin, pailléid, pacálacha, samplaí agus earraí eile a allmhairítear i ndáil le hoibríocht tráchtála;
  • earraí a allmhairítear i ndáil le hoibríocht déantúsaíochta;
  • earraí a allmhairítear chun críocha oideachais, eolaíochta nó cúltúrtha;
  • maoin phearsanta taistealaithe agus earraí a allmhairítear chun críocha spóirt;
  • ábhar poiblíochta turasóireachta;
  • earraí a allmhairítear mar thrácht teorann;
  • earraí a allmhairítear chun críocha daonnúla;
  • modh iompair;
  • ainmhithe;
  • earraí a allmhairítear le faoiseamh páirteach ó dhleachtanna custaim agus ó chánacha.

Glacann AE leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an gcoinbhinsiún, faoi réir forcoimeádas áirithe.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 18 Meán Fómhair 1997.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cead Isteach Sealadach: is éard is cead isteach sealadach ann an nós imeachta custaim faoinar féidir earraí a thabhairt isteach i gcrích thír AE le haghaidh cuspóir sonrach le faoiseamh iomlán nó páirteach ó dhleachtanna ar allmhairí agus ó chánacha i gcás go bhfuil sé beartaithe na hearraí a ath-onnmhairiú laistigh de thréimhse shonrach agus nach ndearnadh athrú ar bith orthu.
Carnet ATA: doiciméad custaim idirnáisiúnta lena ndearbhaítear trí chóras ráthaíochta idirnáisiúnta go n–íocfar dleachtanna agus cánacha i gcásanna mí–úsáide. Ciallaíonn ATA comhcheangal de Admission Temporaire/Temporary Admission.
Carnet CPD: doiciméad custaim idirnáisiúnta ina gcumhdaítear cead isteach sealadach mótarfheithiclí (mótarfheithiclí bóthair príobháideacha agus tráchtála) i dtíortha nuair is gá. Tá Carnet de Passages en Douanes cosúil le pas le haghaidh feithicle chun dul isteach i lear tíortha le haghaidh allmhairiú sealadach gan gá a bheith leis an dleacht agus na cánacha a íoc. Úsáidtear é mar dhearbhú custaim lena sainaithnítear an fheithicil atá le hallmhairiú agus tá sé ina ráthaíocht idirnáisiúnta chomh maith do na húdaráis Chustaim maidir le híocaíocht aon dleachtanna custaim nó aon chánacha ar allmhairí is inmhuirir mura ndéanfar na feithiclí a ath-onnmhairiú.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 93/329/CEE ón gComhairle an 15 Márta 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le Cead Isteach Sealadach agus maidir le glacadh lena iarscríbhinní (IO L 130, 27.5.1993, lgh. 1-3)

Coinbhinsiún a bhaineann le cead isteach sealadach (Coinbhinsiún Iostanbúl) (IO L 130, 27.5.1993, lgh. 4-75)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Faisnéis i ndáil le teacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin maidir le Cead Isteach Sealadach agus maidir le glacadh lena iarscríbhinní (IO L 329, 29.11.1997, lch. 69)

Nuashonraithe 05.11.2018

Top