Help Print this page 

Summaries of EU Legislation

Title and reference
Rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Languages and formats available
Multilingual display
Text

Rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil

ACHOIMRE AR:

Threoir 2003/4/CE maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Faoin treoir seo, déantar dlíthe náisiúnta a oiriúnú go hiomlán do Choinbhinsiún Aarhus 1998 maidir le rochtain ar fhaisnéis.

  • Ráthaítear leis an treoir gur féidir leis an bpobal rochtain a dhéanamh ar fhaisnéis chomhshaoil* atá i seilbh ag údaráis phoiblí* nó a choimeádtar i seilbh ar a son, ar iarratas agus trí scaipeadh gníomhach araon.
  • Leagtar amach sa treoir na téarmaí, na coinníollacha agus na socruithe praiticiúla bunúsacha faoinar féidir rochtain ar iarratas a chur ar fáil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rochtain ar iarratas

  • Ní mór d’údaráis phoiblí aon fhaisnéis chomhshaoil atá acu a chur ar fáil d’iarratasóir gan a bheith ar an duine sin cúis a shonrú.
  • Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil mí amháin nó níos lú ón iarratas a ghlacadh. D’fhéadfaí síneadh ama dhá mhí a chur leis an tréimhse sin i gcás iarratas toirtiúil coimpléascach.
  • Ní mór d’údaráis phoiblí gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir an fhaisnéis atá acu a atáirgeadh go réidh agus a rochtain go leictreonach.
  • Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil san fhoirm a shonraigh an t-iarratasóir ach amháin sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin curtha ar fáil go poiblí cheana féin i bhformáid eile.
  • Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a chinntiú go gcabhróidh státseirbhísigh le baill den phobal a bhfuil faisnéis á lorg acu agus go mbeidh liosta acu de na húdaráis phoiblí inrochtana.
  • Is iad seo a leanas cuid de na socruithe praiticiúla chun déileáil le hiarratais:
    • oifigí faisnéise a cheapadh;
    • saoráidí chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis; agus
    • cláir nó liostaí den fhaisnéis atá i seilbh ag an húdaráis agus sonraí faoi phointí faisnéise.
  • D’fhéadfaí diúltú d’iarratais más rud é:
    • gur léir gur iarratais mhíréasúnta iad;
    • go bhfuil siad róghinearálta;
    • go mbaineann siad le hábhair neamhchríochnaithe; nó
    • go mbaineann siad le cumarsáid inmheánach.
  • D’fhéadfaí diúltú dóibh freisin, go hiomlán nó go páirteach, sa chás go bhféadfaí dochar a dhéanamh de bharr nochta do cheann de na cúiseanna uileghabhálacha atá beartaithe, mar shampla:
    • caidreamh idirnáisiúnta;
    • cúrsa na córa;
    • cearta maoine intleachtúla; nó
    • rúndacht thráchtála nó thionsclaíoch.
  • Ní ceart a bheith ar an bpobal íoc as cláir nó as liostaí poiblí a rochtain. D’fhéadfadh údaráis phoiblí muirir a ghearradh as an bhfaisnéis chomhshaoil a chuireann siad ar fáil, ach ba cheart táille réasúnta a bheith i gceist.
  • Na hiarratasóirí a cheapann go ndearnadh neamhaird den iarratas acu nó gur diúltaíodh dó go héagórach, féadfaidh rochtain a bheith acu ar réitigh, cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách eile san áireamh.

Scaipeadh gníomhach

  • Ní mór do na sonraí seo a leanas, ar a laghad, a bheith san fhaisnéis chomhshaoil a chuirtear ar fáil go leictreonach:
    • téacsanna conarthaí, coinbhinsiún nó comhaontuithe idirnáisiúnta agus téacsanna beartas, pleananna agus clár;
    • tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis na rudaí thuas a chur i bhfeidhm;
    • tuarascáil ar staid an chomhshaoil;
    • sonraí monatóireachta ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an gcomhshaol;
    • údaruithe a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm go mór ar an gcomhshaol;
    • staidéir thionchair agus measúnuithe riosca.
  • I gcás míreanna eile seachas na míreanna thuas, d’fhéadfaí iad a scaipeadh go gníomhach de réir a chéile agus na hacmhainní riachtanacha daonna, airgeadais agus teicniúla á gcur san áireamh.
  • Ní mór do thíortha AE a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a chuireann siad le chéile, nó a chuirtear le chéile ar a son, cothrom le dáta, cruinn agus inchomparáide.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 14 Feabhra 2003. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina dlí náisiúnta faoin 14 Feabhra 2005.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Faisnéis chomhshaoil: aon fhaisnéis scríofa, aon amharcfhaisnéis, aon fhaisnéis ó chluas, aon fhaisnéis leictreonach nó aon chineál faisnéise eile faoi cheisteanna atá leagtha amach in Airteagal 2(1) den Treoir 2003/4/CE.

* Údarás poiblí: go háirithe riarachán rialtais nó riarachán náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil eile, comhlachtaí comhairleacha poiblí agus daoine aonair nach bhfuil cumhdaithe ag an reachtaíocht san áireamh. D’fhéadfadh rialtais AE cinneadh a dhéanamh gan comhlachtaí a chur san áireamh sa sainmhíniú seo ag gníomhú dóibh i gcáil bhreithiúnach nó reachtach.

CÚLRA

Coinbhinsiún Aarhus

GNÍOMH

Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE (IO L 41, 14.2.2003, lgh. 26-32)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lgh. 43-48)

Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, le Rannpháirteachas an Phobail sa Phróiseas Cinnteoireachta agus le Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lgh. 13-19)

Nuashonraithe 03.02.2016

Top