EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún Heilsincí maidir leis an Muir Bhailt a Chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 94/156/CE maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (Coinbhinsiún Heilsincí 1974)

Cinneadh 94/157/CE maidir le conclúid, thart cheann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (Coinbhinsiún Heilsincí arna leasú i 1992)

Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt, 1992 (Coinbhinsiún Heilsincí arna leasú i 1992)

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

  • Leis na cinntí, cuireadh ar chumas an Chomhphobail Eorpaigh (an tAontas Eorpach - AE anois) aontú don Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (Coinbhinsiún Heilsincí)
  • Tá sé mar aidhm leis an gcoinbhinsiún, a shínigh na stáit ar fad a roinneann teorainn leis an Muir Bhailt i Márta 1974 (an Danmhairg, an Ghearmáin, an tSualainn, an Eastóin, an Fhionlainn, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn agus an Rúis), laghdú a dhéanamh ar an truailliú i limistéar Mhuir Bhailt a tharlaíonn i ngeall ar scaoileadh trí aibhneacha, inbhir, sruthanna éalaithe agus píblínte, oibríocht dumpála agus loingseoireachta chomh maith le trí thruailleáin aeriompartha.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Bhunaigh an Coinbhinsiún Coimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint (HELCOM) chun
    • monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an choinbhinsiúin,
    • moltaí a dhéanamh chun an mhuirthimpeallacht a chosaint,
    • an buiséad a chinneadh agus
    • feidhmeanna eile dá leithéid a ghlacadh de réir mar is iomchuí faoi théarmaí an choinbhinsiúin.
  • Lena chois sin, tionóltar cruinnithe ar leibhéal airí gach cúpla bliain.
  • Tagann Coimisiún Heilsincí le chéile gach bliain, agus déanann na Cinn Toscaireachta ionadaíocht ar son na bpáirtithe conarthacha.
  • Ghlac Coimisiún Heilsincí Plean Gníomhaíochta don Mhuir Bhailt (BSAP) in 2007, ar clár é chun dea-stádas comhshaoil mhuirthimpeallacht Mhuir Bhailt a thabhairt ar ais faoi 2021. Tugadh an BSAP cothrom le dáta in 2013, le linn Chruinniú Airí HELCOM 2013.
  • Is é an BSAP an bunús d’obair HELCOM agus dírítear ann ar na tosaíochtaí seo a leanas:
    • eotrófú (nuair a bhíonn barraíocht cothaitheach san uisce lena gcothaítear fás algaí),
    • substaintí guaiseacha,
    • caomhnú na bithéagsúlachta agus an dúlra, agus
    • gníomhaíochtaí muirí.
  • Tá roinnt gníomhaíochtaí agus beart le gach tosaíocht.
  • Ceann de na príomhuirlisí atá forbartha ag HELCOM is ea Scéim um Laghdú Cóthaitheach. Cur chuige réigiúnach atá ann maidir leis an ualach um laghdú cothaitheach* a roinnt chun an sprioc arna haontú ag tíortha Mhuir Bhailt go mbeidh an Mhuir Bhailt slán ó eotrófú a bhaint amach. Tugadh an Scéim isteach agus comhaontaíodh í ar dtús in 2007, i bPlean Gníomhaíochta Mhuir Bhailt HELCOM. Ag an am sin, chomhaontaigh na tíortha ar spriocanna sealadacha um laghdú cothaitheach. Ghlac HELCOM an scéim leasaithe um laghdú cothaitheach in 2013.
  • Tá gníomhaíochtaí eile á ndéanamh ag HELCOM chomh maith i gcomhthéacs an BSAP:
    • truailliú ó thalmhaíocht a chosc,
    • inbhuanaitheacht éiceolaíoch iascach Mhuir Bhailt a chinntiú faoi 2021,
    • dul i ngleic le foinsí truaillithe lonnaithe ar talamh (fuíolluisce, cógaisíochtaí, scaoileadh tionsclaíoch, bruscar muirí, etc.),
    • próisis um Pleanáil Spásúil Mhuirí sa Mhuir Bhailt a bheidh comhtháite ar bhonn réigiúnach a chinntiú,
    • monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar an muirthimpeallacht,
    • comhoibriú ar ullmhacht agus ar fhreagairt maidir le truailliú,
    • bithéagsúlacht Mhuir Bhailt a chosaint (liostaí dearga de speicis agus de ghnáthóga, limistéir faoi chosaint mhuirí, táscairí a fhorbairt), agus
    • cur le cur chun feidhme réigiúnach rialacháin na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (EMI) maidir le loingseoireacht.
  • In 2016, chuir HELCOM le hainmniú Mhuir Bhailt, faoin EMI, mar Limistéar Rialaithe Astaíochtaí Ocsaídí Nítrigine (NOx ECA).
  • Ar deireadh, baintear leas as HELCOM chomh maith mar an struchtúr um chomhar réigiúnach le haghaidh chur chun feidhme Threoir 2008/56/CE lenar bunaíodh cur chuige le haghaidh gníomhaíocht AE sa réimse maidir le beartas muirthimpeallachta, do bhallstáit Mhuir Bhailt.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCINNTÍ AGUS AN CHOINBHINSIÚIN?

  • Tá na cinntí i bhfeidhm ón 21 Feabhra 1994.
  • Tháinig an coinbhinsiún bunaidh i bhfeidhm i 1980 agus leasaíodh é i 1992. Tháinig leasú 1992 i bhfeidhm an 17 Eanáir 2000, i ndiaidh do na páirtithe conarthacha na hionstraimí daighniúcháin a thaisceadh.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Laghdú cothaitheach: i gcás Mhuir Bhailt, leibhéil na gcomhdhúile nítrigine agus fosfair aeriompartha agus uisce-iompartha a thagann as comhcheangal ard-dlúis daonra, talmhaíochta, fuinnimh agus iompair.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 94/156/CE ón gComhairle an 21 Feabhra 1994 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt 1974 (Coinbhinsiún Heilsincí) (IO L 73, 16.3.1994, lch. 1)

Cinneadh 94/157/CE ón gComhairle an 21 Feabhra 1994 maidir le conclúid, thar cheann an Chomhphobail, an Choinbhinsiúin maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (Coinbhinsiún Heilsincí arna leasú i 1992) (IO L 73, 16.3.1994, lch. 19)

Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt, 1992 (IO L 73, 16.3.1994, lgh. 20-45)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail sa réimse a bhaineann le beartas muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lgh. 19-40)

Treoir (CE) 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat i gcomhair pleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 135-145).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – I dtreo Beartas Muirí don Aontas (COIM(2006) 275 leagan deireanach, 7.6.2006)

Nuashonraithe 23.02.2017

Top