EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Clár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (AIDCP)

Cinneadh 1999/337/CE maidir le síniú an Chomhaontaithe maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna

Cinneadh 2005/938/CE maidir le faomhadh an Chomhaontaithe maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Féachtar leis an gComhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna le básmhaireacht deilfeanna le linn iascaireacht tuinníní a laghdú.
  • Le Cinneadh 1999/337/CE cuirtear ar chumas an Chomhphobail Eorpaigh (an tAontas Eorpach — AE inniu) an Clár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna a shíniú agus le Cinneadh 2005/938/CE cuirtear ar a chumas é a fhaomhadh.
  • Le Cinneadh 1999/337/CE réitíodh an bealach freisin don Aontas Eorpach dul isteach sa Choimisiún Idir–Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) atá freagrach as caomhnú agus bainistíocht tuinníní agus acmhainní eile muirí in oirthear an Aigéin Chiúin, agus dá réir sin féadfaidh AE ról gníomhach a bheith aige i mbainistíocht an chomhaontaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an gcomhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna dírítear ar theorainn a chur le básmhaireacht deilfeanna le linn iascaireacht tuinníní in oirthear an Aigéin Chiúin.

Tá sé mar aidhm leis, go sonrach:

  • básmhaireacht theagmhasach deilfeanna de réir a chéile sa pheaslín saighne* tuinníní in Oirthear an Aigéin Chiúin chuig leibhéil de bheagnach nialas, trí theorainneacha bliantúla a shocrú;
  • taighde a chur chun cinn d’fhonn bealaí atá fónta ón taobh éiceolaíoch a lorg chun tuinníní móra buí a ghabháil, gan iad a ghabháil i dteannta deilfeanna;
  • inbhuanaitheacht fhadtéarmach na stoc tuinníní a áirithiú tríd an bhfoghabháil* a sheachaint agus trí thuinníní óga a chaitheamh thar bord.

Bearta

Tá sé de dhualgas ar na páirtithe sa chomhaontú teorainn a chur le básmhaireacht theagmhasach deilfeanna le iascaireacht tuinníní go dtí nach mó ná 5,000 in aghaidh na bliana (in 2015, b’ionann an bhásmhaireacht iarbhír agus 533 deilf). D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, tá sé aontaithe acu:

  • córas a bhunú lena dtugtar dreasachtaí do chaptaein árthaí básmhaireacht theagmhasach deilfeanna a laghdú, mar aon le córas chun oiliúint theicniúil a chur ar chaptaein agus deimhniú a bhronnadh orthu;
  • taighde a chur chun cinn ar mhaithe le trealamh iascaireachta, trealamh agus teicnící iascaireachta a fheabhsú;
  • córas cóir a bhunú chun teorainneacha básmhaireachta deilfeanna a shannadh, i gcomhréir le rialacha an chomhaontaithe;
  • ceanglais oibriúcháin áirithe a fhorchur (maidir le trealamh agus fearas sábháilteachta deilfeanna, agus scaoileadh deilfeanna, etc.) ar árthaí;
  • córas a fhorbairt chun marú tuinníní inar bhásaigh nó nár bhásaigh deilfeanna lena linn nó inar gortaíodh go tromchúiseach iad a rianú agus a fhíorú;
  • sonraí taighde eolaíoch a mhalartú.

Inbhuanaitheacht fhadtéarmach

D’fhonn inbhuanaitheacht bheathra na mara a áirithiú, ní mór do na páirtithe conarthachta:

  • cláir a dhréachtú trínar féidir foghabháil tuinníní óga agus speiceas nach spriocspeicis iad a mheas, a íoslaghdú agus monatóireacht a dhéanamh orthu;
  • trealamh agus teicnící iascaireachta roghnaíocha a fhorbairt agus a cheangal go n–úsáidfear iad;
  • A cheangal go scaoilfidh árthaí le turtair mhara beo agus le speicis faoi bhagairt.

Anuas ar na hoibleagáidí sonracha seo, ní mór do na páirtithe sínithe na hoibleagáidí seo a leanas a chomhlíonadh freisin d’fhonn inbhuanaitheacht fhadtéarmach stoc tuinníní agus stoc eile i mbeathra na mara a áirithiú:

  • bearta caomhnaithe agus bainistíochta a ghlacadh;
  • measúnú ar an ngabháil agus ar fhoghabháil tuinníní óga buí agus ar stoic eile d’acmhainní muirí beo a bhaineann le hiascaireacht tuinníní.

Clár breathnóireachta

Ní mór do na páirtithe go léir clár breathnóireachta ar bord a thabhairt isteach le haghaidh long a bhfuil toilleadh iompair níos mó ná 363 tonna méadrach acu. Ní mór do bhreathnóirí ar bord dul faoi shainoiliúint agus an fhaisnéis ábhartha go léir a bhailiú maidir le hoibríochtaí iascaireachta an árthaigh dá bhfuil siad sannta.

Ní mór do na páirtithe cloí leis na ceanglais seo agus leis na ceanglais oibriúcháin trí bhíthin:

  • clár deimhnithe agus cigireachta bliantúil le haghaidh árthaí;
  • smachtbhannaí is infheidhme i gcás sáruithe;
  • dreasachtaí.

Athbhreithniú agus measúnú

  • Bunóidh gach páirtí Coiste Comhairleach Eolaíoch Náisiúnta chun athbhreithnithe agus measúnuithe eolaíocha a dhéanamh, moltaí a dhéanamh dá rialtas féin agus a áirithiú go ndéanfar sonraí a mhalartú go rialta i measc na bpáirtithe. I ngníomh, ghlac Foireann Eolaíoch IATTC agus Coiste Comhairleach Eolaíoch IATTC an ról sin ar láimh.
  • Cuireadh Painéal Athbhreithnithe Idirnáisiúnta ar bun ar a bhfuil ionadaithe de cuid na bpáirtithe sínithe, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus an tionscail tuinníní. Cuireann an Coimisiún seo taisc mhaoirseachta agus anailíse i gcrích. Molann sé bearta ábhartha do chruinniú na bpáirtithe ar mhaithe le cuspóirí an chomhaontaithe a bhaint amach.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an 22 Nollaig 2005.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Peaslíon saighne: cineál eangaí a úsáidtear chun iasc a ghabháil ag dromchla an uisce nó gar dó. Chomh luath is a aimsítear báire éisc, caitear an eangach isteach san uisce agus tarraingítear í timpeall ar an iasc. Nuair a bhíonn an eangach timpeall orthu, fáisctear rópa timpeall ar an iasc, déantar peaschruth, agus tarraingítear ar bord an árthaigh iascaireachta é.
Foghabháil: speicis éisc nó speicis mhuir eile a mharaítear de thaisme nuair a bhítear ag iarraidh spriocspeicis áirithe a ghabháil.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú lena mbunaítear an Clár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (IO L 348, 30.12.2005, lgh. 28-53)

Cinneadh 1999/337/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le síniú an Chomhphobail Eorpaigh ar an gComhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (IO L 132, 27.5.1999, lgh. 1-27)

Cinneadh 2005/938/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2005 maidir le faomhadh, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (IO L 348, 30.12.2005, lgh. 26-27)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta rialaithe is infheidhme maidir le stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha a iascach (IO L 263, 3.10.2001, lgh. 1-8)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 1999/386/CE ón gComhairle an 7 Meitheamh 1999 maidir le síniú an Chomhphobail Eorpaigh ar an gComhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (IO L 147, 12.6.1999, lch. 23)

Nuashonraithe 10.07.2020

Top