Help Print this page 
Title and reference
An Conradh Comhphobail Fuinnimh

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Multilingual display
Text

An Conradh Comhphobail Fuinnimh

Leis an gConradh Comhphobail Fuinnimh, cruthaítear margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha, lena dtugtar le chéile 28 Bhallstát an Aontais Eorpaigh (AE) agus 6 chinn de stáit agus chríocha Eorpacha sna Balcáin.

ACHT

Council Decision 2006/500/EC of 29 May 2006 on the conclusion by the European Community of the Energy Community Treaty [Treoir 2006/500/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2006 maidir leis an gConradh Comhphobail Fuinnimh a bheith á thabhairt chun críche ag an gComhphobal Eorpach].

ACHOIMRE

Foráiltear leis an gConradh Comhphobail Fuinnimh do mhargadh fuinnimh comhtháite (leictreachas agus gás) a chruthú idir an AE agus na páirtithe conarthacha.

Is iad baill an Chomhphobail Fuinnimh an AE, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus Riarachán Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Chosaiv de bhun Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (dá ngairtear an Chosaiv ina dhiaidh seo). Ina theannta sin, féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó de chuid an AE páirt a ghlacadh sa Chomhphobal Fuinnimh ar iarratas ó Chomhairle na nAirí. Féadfar glacadh le tríú tíortha mar bhreathnóirí.

Tá feidhm ag an gConradh maidir le críocha na dtíortha agus maidir leis an gCosaiv.

Tháinig an Conradh i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2006. Tá sé curtha i gcrích ar feadh téarma deich mbliana. Cuireadh síneadh ar a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse nua deich mbliana trí chinneadh d'aon toil ag Comhairle na nAirí dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2013.

Ról an Chomhphobail Fuinnimh

Is iad seo a leanas cuspóirí an Chomhphobail Fuinnimh:

  • creat cobhsaí dlíthiúil agus margaidh a chruthú trínar féidir infheistiú a mhealladh d'fhonn a chinntiú go mbeidh fáil ar sholáthar fuinnimh cobhsaí agus leanúnach;
  • spás rialála aonair a chruthú don trádáil san fhuinneamh líonra;
  • cur le slándáil an tsoláthair sa spás sin agus caidreamh trasteorann a fhorbairt;
  • feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar chúrsaí comhshaoil a bhaineann le fuinneamh líonra, agus foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt;
  • iomaíochas a fhorbairt sa mhargadh fuinnimh líonra.

Gníomhaíochtaí an Chomhphobail Fuinnimh

Baineann cuid thábhachtach de ghníomhaíochtaí an Chomhphobail Fuinnimh le cur chun feidhme cuid de reachtaíocht an Chomhphobail, nó an 'acquis communautaire', i ngach ceann de na Stáit atá páirteach sa Chonradh, maidir le fuinneamh, comhshaol, iomaíochas agus fuinneamh in-athnuaite, chomh maith le caighdeáin ghinearálta Eorpacha áirithe a chomhlíonadh a bhaineann le córais theicniúla, mar shampla, maidir le hiompar trasteorann nó naisc thrasteorann.

Ina theannta sin, bunaítear faoin gConradh meicníocht i ndáil le hoibriú margaí fuinnimh réigiúnacha, lena gclúdaítear críocha na bpáirtithe sa Chonradh agus na mBallstát de chuid an AE atá páirteach ann. Soláthraítear sa chóras sin creat beart a bhaineann le hiompar fadraoin fuinnimh líonra, slándáil an tsoláthair, soláthar fuinnimh do shaoránaigh, comhchuibhiú, cur chun cinn foinsí fuinnimh in-athnuaite agus na héifeachtúlachta fuinnimh, chomh maith le bearta a bhaineann le cásanna géarchéime tobainne a d'fhéadfadh a theacht chun cinn ar an líonra margadh fuinnimh i gcríoch bhaill den Chomhphobal Fuinnimh.

Thairis sin, cruthaíonn an Conradh margadh fuinnimh gan teorainneacha inmheánacha idir na páirtithe, ina bhfuil toirmeasc ar dhleachtanna custaim agus ar shrianta cainníochtúla maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú fuinnimh, agus ar aon bhearta comhéifeachta idir na páirtithe, mura mbeidh cúinsí eisceachtúla i gceist (a bhainfidh le hord poiblí, sábháilteacht phoiblí, cosaint shláinte an duine agus sláinte ainmhithe, caomhnú plandaí, maoin tionscail agus tráchtála a chosaint). Áirítear sa Chonradh freisin forálacha maidir leis an gcaidreamh le tríú tíortha agus cúnamh frithpháirteach i gcás suaite.

Feidhmíonn an Coimisiún mar chomhordaitheoir ar na gníomhaíochtaí sin.

Institiúidí agus an chinnteoireacht

Soláthraíonn Comhairle na nAirí, atá comhdhéanta d'ionadaí amháin thar ceann gach páirtí sa Chonradh, treoirlínte ginearálta beartais, glacann sí bearta chun freastal ar chuspóirí an Chonartha, agus glacann sí gníomhartha nós imeachta amhail leithdháileadh cúraimí, cumhachtaí nó oibleagáidí. Bíonn an uachtaránacht ag gach páirtí, ar a uain, ar feadh téarma sé mhí, agus faigheann sí cúnamh ó ionadaí amháin de chuid an AE agus ionadaí amháin de chuid na huachtaránachta nuacheaptha. Cuireann an Chomhairle tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus pharlaimintí na bpáirtithe conarthacha.

Is é príomh-mhisean an Ghrúpa Ardleibhéil Bhuain obair Chomhairle na nAirí a ullmhú. Tá sé comhdhéanta d'ionadaí amháin thar ceann gach páirtí sa Chonradh.

Is é príomhról an Bhoird Rialála comhairle a chur ar na hinstitiúidí eile agus moltaí a eisiúint i gcás díospóidí trasteorann. Tá sé comhdhéanta d'ionadaí amháin thar ceann an rialálaí fuinnimh de chuid gach páirtí sa Chonradh, agus is é an Coimisiún Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar an AE, le cúnamh ó rialálaí amháin de chuid gach Ballstáit atá páirteach, agus ionadaí amháin ó Ghrúpa Rialálaithe na hEorpa um Leictreachas agus um Ghás (ERGEG).

Thairis sin, faigheann an Comhphobal Fuinnimh comhairle ó dhá fhóram atá comhdhéanta d'ionadaithe na bpáirtithe leasmhara ar fad.

Soláthraíonn an Rúnaíocht bhuan, atá lonnaithe sa Vín, i measc seirbhísí eile, tacaíocht riaracháin d'institiúidí eile an Chomhphobail Fuinnimh agus déanann sí athbhreithniú ar chomhlíonadh cuí ag na páirtithe ar a gcuid oibleagáidí.

Déanann an Comhphobal Fuinnimh cinntí (atá ceangailteach) agus moltaí (nach bhfuil ceangailteach). Glactar na céimeanna sin, mar is cuí, ar thogra ón gCoimisiún Eorpach (cur i bhfeidhm an acquis communautaire), nó ar thogra ó pháirtí sa Chonradh (gníomhaíochtaí eile), agus déantar iad a ghlacadh trí thromlach simplí (cur i bhfeidhm an acquis communautaire), nó trí thromlach dhá thrian (meicníocht maidir le feidhmiú na margaí), nó d'aon toil (an margadh inmheánach fuinnimh).

Sa chás ina ndéanann páirtí sárú leanúnach tromchúiseach ar a chuid oibleagáidí, féadfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d'aon toil, cearta áirithe arna ndeonú don pháirtí sin faoin gConradh a fhionraí.

Is féidir eolas breise a fháil ar an láithreán tagartha thíos:

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2006/500/CE ón gComhairle

29.5.2006

-

IO L 198, 20.7.2006

Nuashonrú is déanaí: 22.09.2014

Top