EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún ar Shábháilteacht Núicléach

 

ACHOIMRE AR:

Coinbhinsiún ar shábháilteacht núicléach — Dearbhú ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach de réir fhorálacha Airteagal 30(4)(iii) den Choinbhinsiún ar Shábháilteacht Núicléach

Cinneadh 1999/819/ Euratom — aontachas leis an gCoinbhinsiún ar Shábháilteacht Núicléach ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Is coinbhinsiúin idirnáisiúnta é an Coinbhinsiún ar Shábháilteacht Núicléach arb é is aidhm leis go gcuirfear feabhas ar shábháilteacht núicléach ar fud an domhain. Tá na tíortha AE uile ina bpáirtí sa choinbhinsiún. Roinneann an Comhphobal atá bunaithe ag Conradh an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) dlínse le tíortha AE sna réimsí atá faoi rialú an choinbhinsiúin.
  • Faomhtar leis an gcinneadh aontachas an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA) leis an gCoinbhinsiún. Leasaíodh é in 2004 chun aontachas ballstáit nua leis an AE a chur san áireamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Freagrachtaí Euratom

Cuspóirí

  • Féachtar leis an gcoinbhinsiún leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • ardleibhéal de shábháilteacht núicléach a bhaint amach agus a chothabháil trí bhearta náisiúnta agus comhoibriú teicniúil a fheabhsú;
    • cosaintí éifeachtacha i gcoinne guaiseacha raideolaíocha a bhunú agus a chothabháil i saoráidí núicléacha chun daoine agus an comhshaol, etc. a chosaint;
    • cosc a chur ar thimpistí núicléacha agus a n–iarmhairtí a theorannú.
  • Ní leagtar amach sa choinbhinsiún caighdeáin sábháilteachta go sonrach ach léirítear tiomantas do phrionsabail sábháilteachta bhunúsacha do shaoráidí núicléacha a chur i bhfeidhm.

Raon

Baineann an coinbhinsiún le sábháilteacht gléasraí cumhachta núicléiche sibhialta seasta lena n-áirítear saoráidí stóráil, láimhsiú agus cóireáil ábhar radaighníomhach atá ar an suíomh céanna agus a bhaineann go díreach le feidhmiú an ghléasra cumhachta núicléiche.

Cur chun feidhme

  • Tá na páirtithe sa choinbhinsiúin tiomanta do chreat reachtach agus rialála agus riaracháin a bhunú chun sábháilteacht saoráidí núicléacha a áirithiú, ina ndéantar foráil le haghaidh:
    • ceanglais agus rialacháin sábháilteachta náisiúnta dhóthanacha a bhunú;
    • córas chun saoráidí núicléacha a cheadúnú agus toirmeasc a chur ar fheidhmiú gan cheadúnas;
    • córas iniúchta agus measúnaithe. Déanfar measúnuithe cuimsitheacha agus sistéamacha sula ndéanfar suiteáil a thógáil agus a choimisiúnú agus ar feadh a saolré;
    • bearta chun na rialacháin agus na téarmaí ceadúnaithe (ceadúnais a chur ar fionraí nó a chúlghairm, etc.) a fhorghníomhú.
  • Caithfidh na páirtithe comhlacht neamhspleách rialála a chur ar bhun chun ceadúnais a dheonú agus chun a áirithiú go gcuirfear na rialacháin i bhfeidhm i gceart. Caithfear dualgais an chomhlachta sin a bheith scartha go héifeachtúil ó dhualgais aon eagraíochta eile a bhfuil de chúram orthu fuinneamh núicléach a chur chun cinn nó a úsáid.
  • Ní mór do shealbhóirí ceadúnais beartais lena dtugtar tús áite do shábháilteacht a bhunú agus ní mór clár dearbhaithe cáilíochta a dhréachtú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais. Caithfear bearta éigeandála a chur i bhfeidhm chomh maith, ina mionsonraítear na beartais chun na húdaráis iomchuí a chur ar an eolas, amhail ospidéil.
  • Ní mór do gach páirtí sa choinbhinsiún tuarascáil a chur faoi bhráid na bpáirtithe eile maidir leis na bearta atá déanta acu chun a n-oibleagáid a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún. Déantar athbhreithniú ar na tuarascálacha le linn cruinnithe rialta na bpáirtithe conarthacha.

Sábháilteacht saoráidí

  • Tá an comhlacht rialála i gceannas ar cheadúnais oibríochta a dheonú do shaoráidí núicléacha. Sonraítear sa choinbhinsiún na critéir mheasúnaithe le haghaidh gach céime i saolré saoráide: suíomh, dearadh agus tógáil, agus oibríocht.
  • Agus an suíomh á roghnú, ní mór aird a thabhairt ar, i measc nithe eile, a éifeacht ar shábháilteacht na saoráide agus éifeachtaí na saoráide ar dhaoine aonair agus ar an gcomhshaol. Caithfear dul i gcomhairle chomh maith le páirtithe conarthacha eile i gcomharsanacht an tsuímh más dócha go mbeadh iarmhairtí ag an tsaoráid orthu.
  • Maidir le dearadh agus tógáil, caithfear bearta sábháilteachta a chur i bhfeidhm i gcoinne scaoileadh ábhar radaighníomhach agus caithfear na teicnící agus trealamh a úsáidtear a chruthú trí thaithí nó trí thástáil.
  • údarú chun saoráid núicléach a oibriú bunaithe ar anailís sábháilteachta agus clár coimisiúnaithe. Ní mór do bhainistiú na saoráide cloí leis na rialacháin atá bunaithe ag na húdaráis náisiúnta. Caithfear cláir a thabhairt isteach chomh maith chun eolas a bhailiú agus anailís a dhéanamh air.
  • Caithfidh pleananna éigeandála ar an láthair agus lasmuigh den láthair bheith ag baint le gach saoráid chomh maith chun oibreoirí, an pobal i gcoitinne, an comhshaol, etc. a chosaint i gcás éigeandáil raideolaíoch.

Socruithe eagraíochtúla

Tagann na páirtithe le chéile uair amháin gach 3 bliana ar a laghad. Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht ar son Euratom ag na cruinnithe sin nuair a thuairiscíonn na páirtithe ar na bearta atá glactha acu chun oibleagáidí an chonartha a chomhlíonadh. Cuireann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) rúnaíocht ar fáil don choinbhinsiún.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 1996.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Coinbhinsiún ar shábháilteacht núicléach — Dearbhú ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach de réir fhorálacha Airteagal 30(4)(iii) den Choinbhinsiún ar Shábháilteacht Núicléach (IO L 318, 11.12.1999, lgh. 21-30)

Cinneadh 1999/819/Euratom ón gCoimisiún an 16 Samhain 1999 maidir le haontachas an Chomhphobal Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach leis an gCoinbhinsiún ar Shábháilteacht Núicléach 1994 (Euratom)(IO L 318, 11.12.1999, lch. 20)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 1999/819/CEFA a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach saoráidí núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lgh. 18-22)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 12.05.2020

Top