EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartas iomaíochta an Aontais Eorpaigh: comhar idir an Coimisiún Eorpach agus na cúirteanna náisiúnta

 

ACHOIMRE AR:

Fógra ón gCoimisiún maidir leis an gcomhar idir an Coimisiún agus cúirteanna náisiúnta thíortha an Aontais maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 81 agus 82 CE

CAD IS AIDHM LEIS AN BHFÓGRA?

  • Leagtar amach ann conas a chomhoibríonn an Coimisiún Eorpach agus na cúirteanna náisiúnta nuair a chuireann na cúirteanna náisiúnta Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfeidhm (Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach roimhe sin):
    • Le hAirteagal 101 cuirtear cosc ar chairtéil agus ar iompar frithiomaíoch;
    • Le hAirteagal 102 cuirtear cosc ar aon mhí-úsáid as post ceannasach.
  • Tá sé mar aidhm leis an bhfógra cabhrú le cúirteanna náisiúnta agus rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh á gcur i bhfeidhm acu. Ní chuirtear ceangal orthu leis, ná ní dhéantar difear leis do chearta agus d’oibleagáidí rialtais an Aontais Eorpaigh nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha.
  • Cumhdaítear i bhfógra ar leithligh ón gCoimisiún comhar laistigh de líonra na n–údarás inniúil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le cúirteanna náisiúnta thíortha an Aontais Eorpaigh:

  • féadfaidh siad Airteagal 101 agus Airteagal 102 a chur i bhfeidhm in imeachtaí riaracháin, sibhialta nó coiriúla;
  • ní gá dóibh dlí iomaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhthráth;
  • ní mór dóibh rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar aon chleachtais chomhbheartaithe a láimhseáiltear faoin dlí náisiúnta dá bhféadfaidís sin dul i bhfeidhm ar thrádáil trasteorann;
  • ní mór dóibh prionsabal ardcheannas dhlí an Aontais Eorpaigh a urramú agus ní cheadaítear dóibh breithiúnas a eisiúint a bheadh contrártha le rialacha AE;
  • déanann siad cinntí nó rialacháin an Choimisiúin maidir le catagóirí áirithe comhaontuithe, cinntí nó cleachtais chomhbheartaithe a fhorfheidhmiú;
  • tá siad faoi cheangal ag cásdlí bheartas iomaíochta an Aontais Eorpaigh agus rialacháin an Choimisiúin;
  • mura bhfuil aon fhorálacha dlí ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh ann, cuirfidh siad dlí agus smachtbhannaí náisiúnta nós imeachta i bhfeidhm agus áiritheoidh siad go bhfuil siad comhoiriúnach le prionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

Tá feidhm ag rialacha sonracha má tá cúirt náisiúnta agus an Coimisiún bainteach leis an gcás iomaíochta AE céanna. Ní fhéadfaidh an chúirt náisiúnta cinneadh a ghlacadh sna cásanna a leanas:

  • cinneadh a d’fhéadfadh teacht salach ar chinneadh ina dhiaidh sin nár eisigh an Coimisiún go fóill. Féadfaidh an chúirt náisiúnta ceisteanna a chur ar an gCoimisiún faoi dhul chun cinn na n–imeachtaí agus an dóchúlacht go ndéanfar cinneadh sa chás. Féadfaidh an chúirt náisiúnta fanacht go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún;
  • cinneadh a thiocfadh salach ar chinneadh a rinne an Coimisiún cheana féin. Má tá sí ag smaoineamh ar sin a dhéanamh agus má tá amhras uirthi faoi dhlíthiúlacht chinneadh an Choimisiúin, áfach, féadfaidh an chúirt náisiúnta ceist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh rialaithe.

Tá dualgas frithpháirteach ar an gCoimisiún agus ar na cúirteanna náisiúnta comhoibriú go dílis, ar bhealach ina gcuidíonn an Coimisiún leis na cúirteanna náisiúnta nuair a chuireann siad dlí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm agus cuidíonn na cúirteanna náisiúnta leis an gCoimisiún a chúraimí a chomhlíonadh.

Ní mór don Choimisiún:

  • meas a bheith acu ar neamhspleáchas na gcúirteanna náisiúnta;
  • bheith neodrach agus oibiachtúil agus cúnamh á thabhairt aige;
  • gan freastal ar leasanna príobháideacha páirtí a bhfuil baint aige leis an gcás.

Le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (féach achoimre) foráiltear do na modhanna is coitianta maidir le comhar. Is féidir leis an gCoimisiún:

  • doiciméid atá ina sheilbh a tharchur nó faisnéis nós imeachta a sholáthar, agus rúndacht ghairmiúil á hurramú;
  • a thuairim a thabhairt ar iarratais chúirte náisiúnta faoi chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta AE agus ar ábhair eacnamaíocha, fhíorasacha agus dhlíthiúla;
  • tuairimí a chur isteach faoi chur i bhfeidhm Airteagal 101 agus Airteagal 102 chuig na cúirteanna náisiúnta. Féadfaidh an Coimisiún agus údaráis iomaíochta náisiúnta tuairimí i scríbhinn a chur isteach ar a dtionscnamh féin nó tuairimí ó bhéal a dhéanamh le cead na cúirte náisiúnta.

Ní mór do na cúirteanna náisiúnta:

  • cóip a sholáthar don Choimisiún d’aon doiciméad a mheasann siad bheith riachtanach chun cás a mheas sula gcuirfidh siad a dtuairimí isteach;
  • cóip de na breithiúnais náisiúnta scríofa go léir a chuireann Airteagal 101 agus Airteagal 102 i bhfeidhm a sheoladh chuig an gCoimisiún;
  • an t–údarú riachtanach a thabhairt don Choimisiún, má iarrtar é, chun cigireachtaí ar iompar gnó a dhéanamh.

Foilsíonn an Coimisiún sonraí faoina chomhar le cúirteanna náisiúnta ina thuarascáil bhliantúil um beartas iomaíochta.

Tháinig an fógra in ionad fhógra 1993 maidir le comhar idir cúirteanna náisiúnta agus an Coimisiún agus Airteagal 85 agus Airteagal 86 de Chonradh CEE á gcur i bhfeidhm aige.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN FHÓGRA?

Eisíodh an fógra d’fhonn cabhrú le cúirteanna náisiúnta Airteagail an Chonartha a bhaineann le bheith in aghaidh trustaí a chur i bhfeidhm. Níl na cúirteanna náisiúnta ina gceangal leis, ná ní dhéantar difear leis do chearta agus oibleagáidí thíortha an Aontais Eorpaigh agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha faoi dhlí an Aontais Eorpaigh.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Fógra ón gCoimisiún maidir leis an gcomhar idir an Coimisiún agus cúirteanna Bhallstáit an Aontais Eorpaigh maidir le hAirteagal 81 agus Airteagal 82 CE a chur i bhfeidhm (IO C 101, 27.4.2004, lgh. 54-64)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an bhfógra a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Ceartúchán ar an bhFógra ón gCoimisiún maidir leis an gcomhar idir an Coimisiún agus cúirteanna Bhallstáit an Aontais Eorpaigh maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 81 agus Airteagal 82 CE (IO C 230, 15.7.2017, lch. 56)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 102 (iar-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hinstitiúidí — Roinn 5 — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh — Airteagal 267 (sean-Airteagal 234 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 164)

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Leasuithe ar an bhFógra ón gCoimisiún maidir leis an gcomhoibriú idir an Coimisiún agus cúirteanna Bhallstáit an Aontais i gcur i bhfeidhm Airteagail 81 agus 82 CE (IO C 256, 5.8.2015, lch. 5)

Fógra ón gCoimisiún maidir leis an gcomhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta (IO C 101, 27.4.2004, lgh. 43-53)

Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le seoladh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 81 agus Airteagal 82 de Chonradh CE (IO L 123, 27.4.2004, lgh. 18-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.05.2020

Top