EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Iomaíocht: díolúintí le haghaidh comhaontuithe áirithe idir gnóthais iomaíocha

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 maidir le cur i bhfeidhm Chonradh AE ar chineálacha comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

  • Féadfaidh an Coimisiún Eorpach díolúintí aonair a thabhairt le haghaidh comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe áirithe a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 81(3) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh (CE) (anois Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)).
  • Féadfaidh sé blocdhíolúine a thabhairt chomh maith trí bhíthin rialacháin.
  • Leis an rialachán seo cuirtear ar chumas an Choimisiúin comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe áirithe a dhíolmhú trí bhíthin blocdhíolúine.

Raon feidhme

Leis an rialachán seo cuirtear ar chumas an Choimisiúin, trí bhíthin rialacháin, Airteagal 101(3) CFAE a chur i bhfeidhm maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe áirithe a bhfuil sé de chuspóir leo:

  • taighde agus forbairt a dhéanamh ar tháirgí nó ar phróisis agus na torthaí a shaothrú, lena n-áirítear forálacha i ndáil le cearta maoine tionsclaíche agus eolas teicniúil faoi rún;
  • speisialtóireacht, lena n-áirítear comhaontuithe is gá chun í a bhaint amach.

Coinníollacha maidir leis na rialacháin díolúine

Ní mór do na rialacháin díolúine arna leagan síos ag an gCoimisiún roinnt coinníollacha a chomhlíonadh. Ní mór díobh:

  • sainiú a bheith iontu ar na cineálacha comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe lena mbaineann siad agus srianta, clásail nó coinníollacha ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo a shonrú;
  • a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta, cé go bhféadfaí iad a leasú nó a aisghairm;
  • a bheith i bhfeidhm le héifeacht chúlghabhálach maidir le comhaontuithe, a d’fhéadfadh, ag tráth a n-iontrála i bhfeidhm, tairbhe a bhaint as cinneadh a eisíodh le héifeacht chúlghabhálach faoi Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 17 (CEE) ar cuireadh Rialacháin (CE) Uimh. 1/2003 ina ionad.

Ní mór do na rialacháin lena mbaineann cloí leis an nós imeachta faofa seo a leanas:

  • ní mór dréacht a fhoilsiú ionas go mbeidh gach duine agus gach eagraíocht lena mbaineann ábalta a dtuairimí a chur isteach chuig an gCoimisiún;
  • ní mór don Choimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Srianta agus Monaplachtaí sula bhfoilsíonn sé dréacht nó sula nglacann sé rialachán;
  • sa chás go gcinneann an Coimisiún, as a chonlán féin nó ar iarratas ó thír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) nó ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, go bhfuil éifeachtaí áirithe, mar sin féin, i gcás faoi leith ar bith, ag comhaontuithe, cinntí nó cleachtais chomhbheartaithe lena mbaineann rialachán díolúine atá comhoiriúnach leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 101 (3), féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh lena n-aistarraingítear tairbhe an rialacháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 18 Eanáir 1972. Sna tíortha is iarrthóirí, tagann an rialachán seo i bhfeidhm ar an dáta ar a dtéann an tír isteach in AE.

GNÍOMH

Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh ar chineálacha comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 285, 29.12.1971, lgh. 46–48)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1–25). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 04.01.2016

Top