EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte maidir le comhaontuithe um chomhar cothrománach

 

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe um chomhar cothrománach

CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIRLÍNTE?

Ceapadh na treoirlínte seo chun cuidiú le cuideachtaí cinneadh a dhéanamh de réir an cháis faoi cé acu atá a gcomhaontuithe um chomhar comhoiriúnach leis na rialacha iomaíochta nó nach bhfuil trí chreat um measúnú a sholáthar faoi Airteagail 101 (1) agus (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (féach an achoimre).

PRÍOMHPHOINTÍ

Bíonn comhar “cothrománach” ann má dhéantar comhaontú nó cleachtas comhbheartaithe idir iomaitheoirí iarbhír nó ionchasacha. Clúdaítear freisin sna treoirlínte sin comhaontú um chomhar cothrománach idir neamh–iomaitheoirí, mar shampla idir dhá chuideachta atá gníomhach sna margaí táirgí céanna ach i margaí geografacha éagsúla gan bheith ina n–iomaitheoirí ionchasacha.

Go minic, d’fhéadfadh tairbhí eacnamaíocha suntasacha a bheith mar thoradh ar chomhar cothrománach i gcás gur acmhainn é chun riosca a chomhroinnt, airgead a shábháil ar chostais, infheistíochtaí a mhéadú, saineolas a thiomsú, cáilíocht agus éagsúlacht táirgí a threisiú agus nuálaíocht a sheoladh go gasta. D’fhéadfadh comhar cothrománach a bheith ina chúis le fadhbanna iomaíochta, áfach, i gcás go dtarlaíonn éifeachtaí diúltacha margaidh i ndáil le praghsanna, aschur, nuálaíocht nó éagsúlacht agus cáilíocht táirgí.

Leis na treoirlínte seo soláthraítear creat anailíseach le haghaidh na gcineálacha comhaontuithe um chomhar cothrománach is coitianta chun a n–oiriúnacht le hAirteagal 101 CFAE a shocrú.

Níl feidhm acu ach maidir leis na cineálacha comhair is coitianta:

  • comhaontuithe maidir le taighde agus forbairt (T&F),
  • comhaontuithe maidir le táirgeacht,
  • comhaontuithe ceannaigh,
  • comhaontuithe maidir le tráchtálú,
  • comhaontuithe maidir le caighdeánú, agus
  • malartú faisnéise.

Déileáiltear le comhaontuithe a dhéantar idir cuideachtaí ar leibhéal éagsúil den slabhra táirgeachta nó dáileacháin (comhaontuithe ingearacha), i bprionsabal, i Rialachán (AE) Uimh. 330/2010, sa “rialachán blocdhíolúine” maidir le srianta ingearacha (féach an achoimre), agus sna treoirlínte maidir le srianta ingearacha (féach an achoimre). A mhéid a thugtar comhaontuithe ingearacha i gcrích idir iomaitheoirí, áfach, ní mór iad a mheasúnú de réir na bprionsabal is infheidhme maidir le comhaontuithe cothrománacha. I gcás go mbeidh comhchruinniú mar thoradh ar chomhaontuithe cothrománacha, beidh Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, an “rialachán um chumaisc”, i bhfeidhm (féach an achoimre).

Leagtar amach leis na treoirlínte na critéir chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta faoi Airteagal 101 CFAE:

  • Baintear leas as Airteagal 101(1) CFAE lena mheas cé acu atá cuspóir frithiomaíochtaéifeachtaí sriantacha iarbhír nó ionchasacha ar iomaíocht ag baint le comhaontú atá ábalta dul i gcion ar thrádáil idir tíortha an Aontais Eorpaigh nó nach bhfuil.
  • Mura gcuirtear srian ar iomaíocht le comhaontú, socraítear le hAirteagal 101(3) CFAE cé acu an mó na tairbhí i bhfabhar na hiomaíochta ná na héifeachtaí sriantacha ar iomaíocht nó nach mó.

Critéir um measúnú faoi Airteagal 101(1) CFAE

Le hAirteagal 101(1) CFAE cuirtear toirmeasc ar chomhaontuithe a bhfuil sé mar chuspóir nó mar éifeacht leo iomaíocht a shrianadh. Chun críocha na dtreoirlínte seo, áirítear le “srianadh iomaíochta” cosc agus saobhadh ar iomaíocht. Más é an cuspóir le comhaontú iomaíocht a shrianadh, is é sin le rá, go bhfuil an acmhainn leis de bharr a chineáil féin iomaíocht a shrianadh faoi Airteagal 101(1) CFAE, mar sin ní bheidh gá le scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír nó ionchasacha an chomhaontaithe.

Mura gcuirtear srian ar iomaíocht trí chuspóir le comhaontú um chomhar cothrománach, áfach, ní mór anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí iarbhír agus ionchasacha lena chinneadh an bhfuil éifeachtaí sriantacha suntasacha ar iomaíocht i gceist nó nach bhfuil.

Chun go mbeidh éifeachtaí sriantacha ar iomaíocht faoi Airteagal 101(1) CFAE, ní foláir nó go mbeidh, nó gur dócha go mbeidh, tionchar díobhálach suntasach ag an gcomhaontú ar cheann amháin ar a laghad de na paraiméadair iomaíochta ar an margadh, amhail praghas, aschur, cáilíocht agus éagsúlacht táirgí, nó nuálaíocht. Ní mór measúnú dá leithéid ar éifeachtaí sriantacha a dhéanamh de réir an chomhthéacs dhlíthiúil agus eacnamaíoch iarbhír ina dtarlódh iomaíocht ceal an chomhaontaithe.

Baineann cineál comhaontaithe le tosca amhail réimse agus cuspóir an chomhair, an caidreamh iomaíochta idir na páirtithe agus a mhéid a chuireann siad a ngníomhaíochtaí le chéile. Leis na tosca sin socraítear na cineálacha imní iomaíochta a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

D’fhéadfaí iomaíocht a theorannú ar roinnt bealaí le comhaontuithe um chomhar cothrománacha. Mar shampla, d’fhéadfaí teorannú díreach ar iomaíocht teacht chun cinn le comhaontuithe maidir le táirgeacht, i gcás go laghdódh na páirtithe an t–aschur. Is é socrú praghsanna an príomhábhar is imní iomaíochta a bhaineann le comhaontuithe maidir le tráchtálú.

Is éard is cumhacht mhargaidh ann ná an cumas praghsanna a choinneáil ar bhonn brabúsach os cionn na leibhéal iomaíochta le haghaidh tréimhse ama nó aschur a choinneáil ar bhonn brabúsach i gcomhthéacs cainníocht, cáilíocht agus éagsúlacht táirgí, nó nuálaíochta faoi bhun na leibhéal iomaíochta ar feadh tréimhse ama. D’fhéadfadh cumhacht mhargaidh a bheith mar thoradh ar iomaíocht laghdaithe idir páirtithe uaireanta.

Is é an pointe tosaithe don anailís ar an gcumhacht mhargaidh staid na bpáirtithe sna margaí a mbaineann an comhar leo. Chun an anailís sin a dhéanamh, ní mór an margadh/na margaí ábhartha a shainiú, ag baint leas as an bhfógra ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar an margadh ábhartha (féach an achoimre), agus ní mór sciar comhcheangailte na bpáirtithe den mhargadh a ríomh. Má bhíonn an sciar comhcheangailte den mhargadh íseal, ní dóigh go mbeidh éifeachtaí sriantacha mar thoradh ar chomhar cothrománach. Agus cineálacha éagsúla na gcomhaontuithe um chomhar agus na héifeachtaí éagsúla a bhféadfaí a bheith mar thoradh orthu i gcásanna éagsúla margaidh á gcur san áireamh, ní fhéadfar tairseach ghinearálta um sciar den mhargadh a chur in iúl a bhféadfaí glacadh leis má théitear os a ceann go mbeadh cumhacht mhargaidh leordhóthanach ann le bheith ina cúis le héifeachtaí sriantacha.

Ag brath ar staid mhargaidh na bpáirtithe agus ar an gcomhchruinniú sa mhargadh, ba cheart tosca eile a chur san áireamh, amhail:

  • cobhsaíocht na sciartha den mhargadh le himeacht ama;
  • bacainní ar iontráil;
  • dochúlacht na hiontrála sa mhargadh;
  • cumhacht frithchúitimh ceannaitheoirí/soláthraithe.

Critéir um measúnú faoi Airteagal 101(3) CFAE

I gcás go ndearnadh srianadh ar iomaíocht faoi Airteagal 101(1) a chruthú, féadfar Airteagal 101(3) a ghairm mar chosaint. Le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (féach an achoimre) cuirtear ualach an chruthúnais ar an ngnóthas a bhfuil tairbhe na forála sin á gairm aige. Tá ceithre choinníoll charnacha ann a chaithfear a chomhlíonadh chun comhaontuithe um chomhar a dhíolmhú:

  • caithfidh tairbhí eacnamaíocha a bheith mar thoradh ar an gcomhaontú sriantach, amhail feabhsuithe ar tháirgeacht nó ar dháileadh táirgí nó dul chun cinn teicniúil agus eacnamaíoch a chur chun cinn, i.e. gnóthachain éifeachtúlachta;
  • caithfidh na srianta a bheith riachtanach chun na gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach.
  • ní mór go bhfaighidh tomhaltóirí sciar cothrom de na gnóthachain éifeachtúlachta a bhainfear amach trí na srianta riachtanacha;
  • leis an gcomhaontú ní mór nach dtabharfar aon deis do na páirtithe iomaíocht a dhíchur maidir le cuid shuntasach de na táirgí lena mbaineann.

I gcás go gcomhlíontar na ceithre chritéar sin, d’fhéadfaí na gnóthachain éifeachtúlachta arna gcruthú le comhaontú a bhreithniú chun na srianta iomaíochta arna gcruthú leis a chúiteamh.

Malartú faisnéise

Soláthraítear leis na treoirlínte prionsabail ghinearálta maidir leis an measúnú iomaíoch ar mhalartú faisnéise, lena n–áirítear an measúnú faoi Airteagail 101(1) agus 101(3) CFAE, a bhaineann le gach cineál comhaontuithe um chomhar cothrománach ina gcuimsítear malartú faisnéise.

Tá foirmeacha éagsúla malartaithe faisnéise ann, amhail sonraí a chomhroinntear go díreach idir iomaitheoirí, sonraí a chomhroinntear go hindíreach trí ghníomhaireacht choiteann nó tríú páirtí, nó sonraí a chomhroinntear trí sholáthraithe nó miondíoltóirí na gcuideachtaí. D’fhéadfadh malartú faisnéise a bheith tairbhiúil do chuideachtaí, mar shampla trí chuidiú a thabhairt do chuideachtaí costais a shábháil trína bhfardail a laghdú, agus go díreach do thomhaltóirí, mar shampla, trína gcostais chuardaigh a laghdú agus feabhas a chur ar roghanna. I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfaí srianta iomaíochta a bheith mar thoradh air i gcás go gcuirtear ar chumas cuideachtaí a bheith ar an eolas faoi straitéisí margaidh a n–iomaitheoirí. D’fhéadfadh cumarsáid faisnéise i measc iomaitheoirí bheith ina comhaontú, ina cleachtas comhbheartaithe nó ina cinneadh chun críocha praghsanna nó cainníochtaí a shocrú. Déanfar na cineálacha sin malartaithe faisnéise a mheas mar chairtéil agus gearrfar fíneáil orthu mar chairtéil.

Lasmuigh de réimse na gcairtéal, ní mheastar go gcuirfear srian ar iomaíocht trí chuspóir le malartú faisnéise ach i gcás go ndéanfaidh iomaitheoirí faisnéis aonair a mhalartú i ndáil le praghsanna nó cainníochtaí atá beartaithe don todhchaí. Ní dhéileálfar le malartuithe gach cineáil eile faisnéise, lena n–áirítear praghsanna reatha, mar shrianta trí chuspóir agus déanfar iad a mheasúnú de réir a n–éifeachtaí sriantacha ar iomaíocht.

Cineálacha comhaontuithe um chomhar

Sainítear leis na treoirlínte chomh maith saintréithe cineálacha áirithe comhaontuithe um chomhar agus cuirtear an creat um measúnú faoi Airteagail 101(1) agus 101(3) CFAE dá dtuairiscítear thuas i bhfeidhm leis ar na cineálacha comhaontuithe seo a leanas:

  • comhaontuithe T & F,
  • comhaontuithe maidir le táirgeacht,
  • comhaontuithe ceannaigh,
  • comhaontuithe maidir le tráchtálú,
  • comhaontuithe maidir le caighdeánú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREOIRLÍNTE?

Tá feidhm leo ón 14 Eanáir 2011.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe um chomhar cothrománach (IO C 11, 14.1.2011, lgh. 1-72)

Ceartúchán ar an Theachtaireacht ón gCoimisiún, Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe um chomhar cothrománach (IO C 33, 2.2.2011, lch. 20)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Comhrialacha maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú reachtaíochta — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Roinn 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (sean-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Fógra ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Srianta Ingearacha (SEC(2010) 411 final, 10.5.2010)

Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lgh. 1-7)

Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán CE um Chumaisc) (IO L 24, 29.1.2004, lgh. 1-22)

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha ar iomaíocht arna leagan síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Fógra ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar an margadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail (IO C 372, 9.12.1997, lgh. 5-13)

Nuashonraithe 03.12.2020

Top