EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cumhachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón gComhairle maidir leis na cumhachtaí atá ag an mBanc Ceannais Eorpach smachtbhannaí a fhorchur

Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le cumhachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (BCE/1999/4)

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

  • Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 agus i Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4) an creat ar ar a bhonn a fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) smachtbhannaí* a fhorchur a fhorchur i bhfoirm fíneálacha*íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla* ar ghnóthas* ar bith nach gcomhlíonann na hoibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha dlíthiúla de chuid BCE agus an Aontais Eorpaigh (AE) i réimsí leathana inniúlachta BCE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Teorainneacha le haghaidh fíneálacha/íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhéadfaidh BCE a fhorchur mar thoradh ar shárú*

  • Is í an uasteorainn d’fhíneálacha ar ghnóthais €500,000, nó, i gcás smachtbhannaí a fhorchuirtear maidir le tascanna maoirseachta BCE, dhá oiread na mbrabach a fhaightear nó na gcaillteanas a sheachnaítear mar thoradh ar an sárú, nó 10% de láimhdeachas bliantúil iomlán an ghnóthais.
  • Is é €10,000 in aghaidh an lae den sárú an uasteorainn le haghaidh íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nó, i gcás smachtbhannaí arna bhforchur i ndáil le cúraimí maoirseachta BCE, 5 % den mheánláimhdeachas laethúil in aghaidh an lae den sárú. Is féidir íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh ar feadh uastréimhse 6 mhí ón lá a dtugtar fógra faoin gcinneadh lenar forchuireadh na pionóis sin.

Foilsiú

  • Foilsíonn BCE aon chinneadh faoina fhorchuirtear smachtbhannaí ar a shuíomh gréasáin i ndiaidh fógra a thabhairt. Déantar foilsiú an chinnidh a anaithnidiú más dócha go ndéanfaidh sé an méid seo a leanas:
    • cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá ar siúl a chur i mbaol;
    • damáiste díréireach a dhéanamh don ghnóthas lena mbaineann;
    • go bhfoilseofaí faisnéis rúnda a chuirfeadh leasanna dlisteanacha an phobail sa tslándáil i mbaol, amhail slándáil agus cosaint shláine nótaí bainc euro nó bainistiú slán cibear-rioscaí nó rioscaí oibríochtúla do chórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo* (féach an achoimre).
  • I gcás inar dócha go dtiocfaidh deireadh leis na cúinsí thuas laistigh de thréimhse réasúnta ama, féadfar an foilsiú a chur siar ar feadh na tréimhse ama sin. Mar sin féin, i gcás faisnéis rúnda a fhoilsiú lena gcuirfí leasanna poiblí dlisteanacha slándála i mbaol, féadfaidh BCE a roghnú gan cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna a fhoilsiú i gcás ina measann sé nach bhféadfar an riosca do leasanna dlisteanacha an phobail i réimse na slándála a mhaolú trí na cinntí ábhartha a fhoilsiú ar bhonn anaithnid nó trína bhfoilsiú a chur siar.
  • Má tá achomharc chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndáil le cinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna ar feitheamh, foilsíonn BCE, gan mhoill neamhriachtanach, faisnéis ar stádas an achomhairc atá i gceist agus ar thoradh an achomhairc sin ar a shuíomh gréasáin oifigiúil.
  • Fanann an fhaisnéis a fhoilsítear ar fáil ar feadh 5 bliana ar a laghad.

Critéir a chuirtear san áireamh

Agus smachtbhanna á mheas aige, is é prionsabal na comhréireachta a threoraíonn BCE agus cuireann sé an méid seo a leanas san áireamh:

  • meon macánta agus oscailteacht an ghnóthais lena mbaineann agus a dhícheall agus a chomhar, nó, os a choinne sin, a mheabhlaireacht thoiliúil;
  • tromchúis thionchar an tsáraithe;
  • atarlú, minicíocht nó fad an tsáraithe;
  • na brabaigh a fuair an gnóthas ón sárú;
  • méid eacnamaíoch an ghnóthais;
  • smachtbhannaí ar bith a tarchuireadh ar an ngnóthas roimhe sin as an sárú céanna ag údaráis inniúla eile.

Nós imeachta um shárú

  • Ní mór do BCE cinneadh a dhéanamh an ndéanfar nó nach ndéanfar nós imeachta sáraithe a thionscnamh, agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn tairisceana chuige sin ar thug banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit AE inar tharla an sárú a líomhnaítear ina dhlínse an tairiscint sin dó.
  • Is féidir an cinneadh céanna a dhéanamh, agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn tairisceana chuige sin ar thug BCE, banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit AE inar tharla an sárú a líomhnaítear ina dhlínse an tairiscint sin dó.
  • Ní mór tréimhse nach lú ná 30 lá a thabhairt don ghnóthas lena mbaineann a chosaint a chur i láthair.
  • Glacann an Bord Feidhmiúcháin cinneadh réasúnaithe i dtaobh smachtbhannaí a tharchur ar an ngnóthas.
  • Laistigh de 30 lá ón gcinneadh réasúnaithe a fháil, féadfaidh an gnóthas a iarraidh go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú ar an gcinneadh. Mura ndéantar aon chinneadh laistigh de 2 mhí, déanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh sin.
  • Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a iarraidh ar an ngnóthas i dtrácht, ar an mBord Feidhmiúcháin nó ar an mbanc ceannais náisiúnta inniúil faisnéis bhreise a sholáthar d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an Bhoird Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh an Bhoird Feidhmiúcháin a leasú agus méid an smachtbhanna a bheidh le forchur, na forais is cúis le sárú agus cibé acu a fhoilseofar agus cá mhéad a fhoilseofar an smachtbhanna a mhodhnú.
  • Tugtar fógra don ghnóthas lena mbaineann maidir leis an gconclúid agus lena cheart chun athbhreithniú breithiúnaigh a fháil.
  • Ní mór tús a chur leis an nós imeachta um shárú laistigh de 1 bhliain amháin ón tráth a dtagann BCE nó banc ceannais náisiúnta na dlínse inar tharla sé ar an eolas faoin sárú agus, in aon chás, laistigh de 5 bliana ón uair a tharla an sárú. Thairis sin, téann an ceart chun cinneadh a dhéanamh smachtbhanna a fhorchur i ndáil le sárú in éag 1 bhliain tar éis an chinnidh tús a chur leis an nós imeachta.
  • Tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le smachtbhannaí a fhorchuirtear i bhfeidhmiú chúraimí maoirseachta BCE. Ar imscrúdú a chríochnú, tugann BCE fógra don ghnóthas lena mbaineann, socróidh sé teorainn ama réasúnach le haghaidh aighneachtaí agus féadfaidh sé cuireadh a thabhairt dó teacht chuig éisteacht ó bhéal. Molann Bord Maoirseachta BCE dréachtchinneadh don Chomhairle Rialaithe. Tar éis a ghlactha, féadfaidh an Bord Riaracháin Athbhreithniúcháin an cinneadh a athbhreithniú.
  • Is é 5 bliana an teorainn ama le haghaidh smachtbhannaí arna bhforchur ag BCE i bhfeidhmiú a chúraimí maoirseachta. Is féidir é a bhriseadh agus a leathnú trí ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag BCE chun críocha na n-imeachtaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón 1 Eanáir 1999, cé is moite d’Airteagal 6(2) ann, a bhfuil feidhm aige ón 27 Samhain 1998.
  • Le hAirteagal 6(2) ceadaíodh BCE rialacháin a ghlacadh chun na socruithe faoinar féidir smachtbhannaí a fhorchur a shonrú a thuilleadh, in éineacht le treoirlínte chun na nósanna imeachta a bhaineann leis an nós imeachta sáraithe a chomhordú agus a chomhchuibhiú.
  • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4) ón 23 Meán Fómhair 1999 i leith.

CÚLRA

Ar bhonn Airteagal 34.3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna nglacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, tá BCE i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar ghnóthais mar gheall ar mhainneachtain oibleagáidí faoina rialacháin agus faoina chinntí a chomhlíonadh. Is é is aidhm do na rialacháin cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú i leith smachtbhannaí a fhorchur i réimsí éagsúla inniúlachta BCE agus na prionsabail agus na nósanna imeachta a bhaineann le forchur smachtbhannaí den sórt sin a leagan síos.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Smachtbhannaí. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla.
Fíneáil. Méid aonair airgid nach mór do ghnóthas a íoc mar smachtbhanna.
Íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla. Méideanna airgid, i gcás sarú leanúnach, nach mór do ghnóthas íoc mar phionós, nó d’fhonn na daoine lena mbaineann a chur faoi iallach rialacháin agus cinntí maoirseachta BCE a chomhlíonadh.
Gnóthais. Daoine nádúrtha nó dlíthiúla, príobháideacha nó poiblí, cé is moite de dhaoine poiblí i bhfeidhmiú a gcumhachtaí poiblí, atá ina n-ábhar d’oibleagáidí a eascraíonn as rialacháin agus cinntí BCE.
Sárú. Aon mhainneachtain ag gnóthas oibleagáid a chomhlíonadh a eascraíonn as rialacháin nó cinntí BCE.
Córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo. Mórchórais íocaíochta amhail TARGET2, córas íocaíochta a chuireann ar chumas bhainc an Aontais airgead a aistriú idir a chéile i bhfíor-am (féach achoimre).

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cumhachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (IO L 318, 27.11.1998, lgh. 4–7).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 ón mBanc Ceannais Eorpach an 23 Meán Fómhair 1999 maidir le cumhachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (BCE/1999/4) (IO L 264, 12.10.1999, lgh 21–26).

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2021/1815 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an modheolaíocht chun smachtbhannaí a ríomh i leith sáruithe ar na ceanglais chun cúlchistí íosta a shealbhú agus ceanglais lena ghabhann maidir leis an íoslíon cúlchistí (BCE/2021/45) (IO L 367, 15.10.2021, lgh. 4–8).

Cinneadh (AE) 2017/2097 ón mBanc Ceannais Eorpach an 3 Samhain 2017 maidir leis an modheolaíocht chun smachtbhannaí a ríomh i leith sáruithe ar na ceanglais um maoirseacht le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (BCE/2017/35) (IO L 299, 16.11.2017, lgh. 31–33).

Rialachán (AE) 795/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 3 Iúil 2014 maidir le ceanglais um maoirseacht le aghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (BCE/2014/28) (IO L 217, 23.7.2014, lgh. 16–30).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat comhair laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis náisiúnta inniúla agus le húdaráis ainmnithe náisiúnta (Rialachán Réime SAM) (BCE/2014/17) (IO L 141, 14.5.2014, lgh. 1–50).

Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lgh. 63–89).

Nuashonraithe 06.10.2023

Top