EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éifeachtaí reachtaíochta eachtracha ar leasanna airgeadais AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 lena gcosnaítear i gcoinne na héifeachtaí a bhíonn ag cur i bhfeidhm seach‑chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tír neamh-AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm leis leasanna eacnamaíocha agus/nó airgeadais daoine aonair nó eintiteas dlíthiúil a chosaint i gcoinne na n-éifeachtaí a bhíonn ag cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna nglacadh ag tíortha neamh-AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na dlíthe atá clúdaithe leis an rialachán sonraithe ina iarscríbhinn. Baineann an chosaint le:

  • trádáil idirnáisiúnta; agus/nó
  • gluaiseacht caipitil; agus
  • gníomhaíochtaí tráchtála gaolmhara idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE.

Tá feidhm ag an rialachán maidir le:

  • aon duine aonair a bhfuil cónaí air nó uirthi in AE agus ar náisiúnach de thír AE é nó í;
  • aon eintiteas dlíthiúil atá ionchorpraithe laistigh de AE;
  • náisiúnaigh thíortha AE atá bunaithe lasmuigh de AE agus cuideachtaí loingseoireachta atá bunaithe lasmuigh de AE agus arna rialú ag náisiúnaigh thír AE (mar shampla Francach atá ag obair i gcuideachta loingseoireachta faoi úinéireacht na hÍsiltíre i dtír neamh-AE), má tá a soithí cláraithe sa tír sin de réir a reachtaíochta;
  • daoine aonair a bhfuil cónaí orthu in AE, mura bhfuil an duine sin sa tír ina bhfuil sé nó sí ina náisiúnach;
  • aon duine aonair eile laistigh de AE, lena n-áirítear a uiscí teorann agus aerspás agus in aon aerárthach nó ar aon soitheach faoi dhlínse nó rialú thír AE, ag gníomhú di i gcáil ghairmiúil.

Ní mór do dhuine ar bith a ndéanann reachtaíocht eachtrach difear dá leasanna eacnamaíocha agus airgeadais an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas laistigh de 30 lá. Ritheann an tréimhse 30 lá ón dáta a fuair an duine an fhaisnéis sin.

Más rud é go ndearna cúirt nó binse nó údarás riaracháin atá suite lasmuigh de AE cinneadh a thugann éifeacht, go díreach nó go hindíreach, do na dlíthe atá sonraithe san iarscríbhinn (amhail Acht um Smachtbhannaí na “hIaráine 1996” de chuid na Stát Aontaithe), ní bheadh an cinneadh seo aitheanta nó infhorghníomhaithe ar aon tslí. Ní chomhlíonfaidh na daoine dá dtagraítear sa rialachán seo aon cheanglas nó toirmeasc atá bunaithe ar na dlíthe atá sonraithe san iarscríbhinn. Mar sin féin, féadfar a údarú do dhuine na ceanglais nó na toirmisc sin a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach a mhéid go ndéanfadh neamhchomhlíonadh damáiste dáiríre dá leasanna nó do leasanna AE. Deonaíonn an Coimisiún an t-údarú sin, dá dtugann coiste ar a bhfuil ionadaithe ó thíortha AE cúnamh.

Cinnfidh tíortha AE na smachtbhannaí a fhorchuirfear i gcás sárú ar aon fhorálacha ábhartha den rialachán seo.

Leasuithe ar an rialachán

Le Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Luaitear ann freisin go gceanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 coinníollacha aonfhoirmeacha le critéir a bhunú chun daoine a údarú chun aon cheanglas nó toirmeasc a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear iarratais ó chúirteanna eachtracha, i gcásanna go ndéanfadh neamhchomhlíonadh dochar dá leasanna nó do leasanna AE. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (Ról coistí i gcumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin Eorpaigh).

Leasaítear an iarscríbhinn le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1100 lena chur san áireamh gur fhógair na Stáit Aontaithe i mí na Bealtaine 2018 nach ndéanfaidh siad a mbearta sriantacha náisiúnta a bhaineann leis an Iaráin a tharscaoileadh a thuilleadh. Tá éifeacht sheach-chríochach ag cuid de na bearta sin agus d’fhéadfadh go mbeadh éifeachtaí díobhálacha le haghaidh leasanna AE agus le haghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha leis an Iaráin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 29 Samhain 1996.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne na héifeachtaí a bhíonn ag cur i bhfeidhm seach‑chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as (IO L 309, 29.11.1996, lgh.1-6)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID CHOMHGHAOLMHA

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh (IO L 18, 21.1.2014, lgh. 1-51)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí lenar féidir le Ballstáit feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú (IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13-18)

Nuashonraithe 27.09.2018

Top