EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Slándáil long agus saoráidí calafoirt

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN SEO?

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do thíortha AE uile an SOLAS leasaithe agus an Cód Idirnáisiúnta um Shlándáil Long agus Saoráid Chalafoirt a chur i bhfeidhm ar loingseoireacht idirnáisiúnta faoin 1 Iúil 2004. Is é an 1 Iúil 2005 an spriocdháta maidir leis na príomhlonga paisinéirí intíre.
  • Faoin 1 Iúil 2007, ní mór do thíortha AE ar fad, i ndiaidh dóibh measúnú riosca slándála éigeantach a dhéanamh, an méid a chuirfidh siad na bearta i bhfeidhm ar chatagóirí eile loingseoireachta intíre a chinneadh.
  • Cuireann gach tír AE an IMO, an Coimisiún Eorpach agus tíortha AE eile ar an eolas faoi na bearta atá déanta aici. Áirítear orthu sin sonraí maidir le pointí fócais teagmhála do shlándáil mhuirí arna n-ainmniú ag gach tír AE.
  • Ní mór do longa atá cumhdaithe faoi na bearta speisialta agus a bhfuil sé beartaithe acu dul isteach i gcalafort AE faisnéis slándála a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta ábhartha:
    • 24 uair an cloig ar a laghad roimh ré; nó
    • ar a dhéanaí nuair a fhágann sé a chalafort roimhe sin má tá fad an turais níos lú ná 24 uair an chloig; nó
    • a luaithe is a bheidh an calafort cuarda ar eolas, mura raibh sé sin ar eolas nuair a d’fhág sé.
  • D’fhéadfadh seirbhísí loingseoireachta beartaithe a bheidh ag seoladh idir calafoirt ar a gcríoch féin nó idir dhá thír AE a bheith díolmhaithe ó fhaisnéis réamh-theachta a sholáthar, fad is a dhéanfaidh siad é sin má iarrann na húdaráis é.
  • Coinníonn údaráis náisiúnta liosta de na cuideachtaí agus na longa a bhaineann tairbhe as an díolúine agus tugann siad cothrom le dáta go rialta é.
  • Faoin 1 Iúil 2004, bhí ar thíortha AE pointe fócais do shlándáil mhuirí a ainmniú.

Iarmhairtí mar thoradh ar phaindéim COVID-19

  • Mar gheall go bhfuil deacrachtaí ag údaráis náisiúnta thíortha AE maidir le cigireachtaí agus suirbhéanna slándála a dhéanamh d’fhonn doiciméid ar leith a athnuachan i réimse na slándála muirí mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte poiblí leanúnach, sínítear an teorainn ama chun measúnuithe slándála agus pleananna slándála le haghaidh saoráidí calafoirt agus calafort le Rialachán (AE) 2020/698 chun tíortha AE agus tionscal na loingseoireachta a éascú le cur chuige solúbtha agus pragmatach a ghlacadh, na slabhraí soláthair a choinneáil oscailte, fad is nach gcuirtear isteach ar an tslándáil.
  • Tugtar roinnt solúbthachta le Rialachán (AE) 2020/698 le haghaidh druileanna agus ceachtanna slándála muirí, a chaithfear a dhéanamh laistigh de thréimhsí ama áirithe de réir ghníomhartha dlíthiúla AE i réimse na slándála muirí, amhail Treoir 2005/65/CE (feic an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Iúil 2004.

CÚLRA

Le haghaidh faisnéise breise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Slándáil mhuirí: teaglaim beart coisctheach chun loingseoireacht agus saoráidí calafoirt a chosaint i gcoinne bagairtí gníomhartha neamhdhleathacha intinneacha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lgh. 6-91)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 a ionchorprú i sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 10-24)

Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (IO L 310, 25.11.2005, lgh. 28-39)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 08.07.2020

Top