EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Tuairiscí ar shaoránacht an Aontais: Dul chun cinn AE maidir le constaicí d'fheidhmiú cearta a dhíothú
Molann an Tuairisc um Shaoránacht Aontais Eorpaigh (AE) gníomhachtaí nithiúla chun fáil réidh le constaicí atá fanta do shaoránaigh chun iad a bheith in ann tairbhe a bhaint as a gcearta AE ina saolta laethúla. Tá an Tuairisc um dhul chun cinn maidir le saoránacht éifeachtach AE, a fhoilsítear gach 3 bliana, ag gabháil leis, a dhéanann measúnú ar chur i bhfeidhm rialacha an AE ar chearta shaoránaigh AE.
ACHT
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún: Tuairisc um Shaoránacht AE 2013 - Saoránaigh an AE: do chearta, do thodhcaí [COM(2013)269 deiridh - níor foilsíodh san Iris Oifigiúil é].
ACHOIMRE
Is dlúthchuid den Aontas Eorpach í saoránacht AE agus na cearta a bhaineann leis, cosúil le cearta saorghluaiseachta agus cearta láidre polaitíochta. Tairbhíonn gach náisiúnach de Bhallstát AE den stádas seo, a chuireann le, agus ní chuireann sé in ionad, saoránacht náisiúnta.
Leagann an Tuairisc um Shaoránacht AE gníomhaíochtaí nithiúla síos chun cearta shaoránaigh AE a fheabhsú i réimsí éagsúla. Is í an aidhm atá ann ná gur féidir le saoránaigh AE tairbhe a bhaint as a gcearta sa saol laethúil, agus iad ag obair, ag staidéar, ag maireachtáil, ag taisteal nó ag siopadóireacht san AE agus nuair a táthar ag glacadh páirte i bpróiseas cinnteoireachta an AE.
12 príomh-ghníomhaíocht
Sa tuairisc 2013, molann an Coimisiún 12 príomh-ghníomhaíocht nua chun constaicí do shaoránaigh tairbhe a bhaint as chearta AE a dhíothú. Clúdaíonn siad 6 réimse:
Baineann go leor de na tograí leis an 500 milliún saoránach AE ar fad. Bíonn cuid acu ina leas don bhreis is 13.6 milliún saoránach AE a chónaíonn i mBallstát eile den AE nár rugadh iad ann, nó don 201 milliún a thaistilíonn laistigh den AE gach bliain le haghaidh gnó, staidéir, oiliúna, nó fóillíochta.
Seoladh gach gníomh de na 25 sa chéad Tuairisc um Shaoránacht AE 2010. Taispeánann an clár ar dhul chun cinn na tionscnaimh a ghlacadh. Clúdaíonn siad saorghluaiseacht agus cónaí saoránach AE, cosaint chonsalach, cearta toghcháin agus Tionscnaimh ó na Saoránaigh Eorpacha, agus cearta sláinte agus tomhaltóra.
Bhí an Tuairisc 2013 bunaithe ar bhonn comharliúchán mór poiblí i measc saoránach, sochaí sibhialta agus institiúidí AE eile nach iad. Freagraíonn sé chomh maith fiosrúcháin agus gearáin a fhaigheann an Coimisiún gach bliain tríd na seirbhíse eolais Europe Direct agus an tairseach Your Europe.
Tá an Tuairisc maidir le dul chun cinn i dtreo saoránachta AE éifeachtach 2011-13 ag gabháil leis an Tuairisc um Shaoránacht AE 2013 (faoi Airteagal 25 TFEU), a leagann amach conas a cuireadh forálacha an chonartha maidir le Saoránacht AE (Teideal II den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) i bhfeidhm ó 2011.
ACHTANNA GAOLMHARA
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún faoi Airteagal 25 CFAE maidir le dul chun cinn i dtreo shaoránacht AE éifeachtach 2011-13 (COM(2013)270 deiridh - nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).
Tuarascáil maidir le Saoránacht AE 2010: Bacannaí ar chearta shaoránaigh AE a chealú (COM(2010)603 deiridh - nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoi Airteagal 25 CFAE maidir le dul chun cinn i dtreo sahoránacht AE éifeachtach 2007-10 [COM(2010) 602 deiridh - nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).
Tuarascáil ón gCoimisiún - An cúigiú tuarascáil maidir le saoránacht an Aontais (1 Bealtaine 2004 - 30 Meitheamh 2007) (COM(2008) 85 deiridh - nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).
Tuarascáil ón gCoimisiún - An ceathrú tuarascáil maidir le saoránacht an Aontais (1 Bealtaine 2001-30 Aibreán 2004) (COM(2004)695 deiridh - nár foilsíodh san Iris Oifigiúil é).
Tuarascáil ón gCoimisiún - An tríú tuarascáil maidir le saoránacht an Aontais (COM(2001) 506 deiridh - nár foilsíodh san Iris Oifigiúil é).
An dara tuarascáil ón gCoimisiún maidir le saoránacht an Aontais (COM(97) 230 deiridh - nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).
Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le saoránacht an Aontais (COM(93) 702 deiridh - níor foilsíodh san Iris Oifigiúil é).
Nuashonrú is déanaí: 19.05.2014