EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dlíodóirí atá ag cleachtadh thar lear ar bhonn buan — rialacha AE

ACHOIMRE AR:

Treoir 98/5/CE — cleachtadh mar dhlíodóir ar bhonn buan i dtír AE eile seachas an tír ina bhfuarthas an cháilíocht

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leis an treoir is féidir le dlíodóirí a cháilíonn i dtír AE amháin cleachtadh ar bhonn buan i dtír AE eile faoi theideal gairmiúil a dtíre dúchais. Tá feidhm ag an treoir maidir le náisiúnaigh AE, atá údaraithe chun cleachtadh faoin teideal gairmiúil “dlíodóir” , ach sínítear an córas freisin chuig gach náisiúnach de chuid thíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus de chuid na hEilvéise.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceart chun cleachtadh

  • Féadfaidh dlíodóirí dul i mbun a ngairme ar bhonn buan i dtír AE eile faoin teideal gairmiúil a fuair siad ina dtír dhúchais AE.
  • Ní mór dóibh siúd ar mian leo é sin a dhéanamh clárú le húdaráis inniúla na tíre aíochta AE.

Réimsí gníomhaíochta

  • Is féidir le dlíodóirí a chleachtann faoi theideal gairmiúil a dtíre dúchais féin na gníomhaíochtaí gairmiúla céanna a dhéanamh is a dhéanann dlíodóirí na tíre aíochta, le heisceachtaí áirithe.
  • Is féidir leo comhairle a thabhairt maidir leis an dlí sa bhaile agus an dlí sa tír aíochta AE, agus ar dhlí AE agus an dlí idirnáisiúnta chomh maith. Maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le hionadaíocht nó cosaint cliaint in imeachtaí coiriúla, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar dhlíodóirí a cáilíodh áit éigin eile seachas sa tír lena mbaineann oibriú i gcomhar le dlíodóir áitiúil.

Seasamh cothrom

  • Féadfaidh dlíodóirí ó thíortha AE eile teideal gairmiúil na tíre aíochta AE a fháil faoi choinníollacha áirithe freisin. Ní mór dóibh bheith gníomhach go héifeachtúil agus go rialta ar feadh tréimhse 3 bliana sa tír aíochta agus ní mór go mbeidh go leor cleachtaidh acu i ndlí na tíre aíochta le linn na tréimhse sin.
  • Más rud é nach leor an ghníomhaíocht sa tír aíochta, féadfaidh dlíodóirí a cháiligh lasmuigh den tír aíochta teideal gairmiúil na tíre aíochta a fháil fós trína thaispeáint do na húdaráis inniúla go bhfuair siad an t-eolas riachtanach ar bhealach eile (e.g. freastal ar léachtaí nó ar sheimineáir ábhartha).

Comhchleachtas

Sa chás go gceadaíonn tír aíochta AE comhchleachtais, is féidir le dlíodóir amháin nó níos mó ar le grúpáil ina dtír dhúchais iad, dul i mbun a gcuid gníomhaíochtaí mar bhaill dá ngrúpáil sa tír aíochta.

Iompar gairmiúil

Ba chóir do dhlíodóirí a chleachtann ar bhonn buan i dtír AE eile cloí le rialacha um iompar gairmiúil na tíre aíochta, fiú má tá siad fós faoi réir dhualeolaíocht a dtír dúchais.

Nósanna imeachta araíonachta

Tá dlíodóirí a chleachtann faoi theideal gairmiúil a dtíre dúchais faoi réir nósanna imeachta araíonachta na tíre aíochta AE.

CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

An 14 Márta 1998. Bhí ar thíortha AE í a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta faoin 14 Márta 2000.

CÚLRA

D’fhéadfadh feidhm a bheith ag ionstraimí dlíthiúla AE eile maidir leis an ngairm dhlíthiúil. Baineann siad sin le:

GNÍOMH

Treoir 98/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 chun cleachtas na gairme dlíodóra ar bhonn buan a éascú i mBallstát seachas an ceann ina bhfuarthas an cháilíocht (IO L 77, 14.3.1998, lgh. 36-43).

Rinneadh leasuithe leantacha ar Threoir 98/5/CE a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 77/249/CEE ón gComhairle an 22 Márta 1977 chun cuidiú le cleachtadh éifeachtúil ag dlíodóirí saoirse seirbhís a sholáthar (IO L 78, 26.3.1977, lgh. 17-18). Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lgh. 22-142). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.10.2015

Top